CÚINNE NA nEALAÍON
saothar ag siúl ar Shráid Chonaill
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

íomhánna beo ar taispeáint i mBaile Átha Cliath faoi láthair, ach i ndánlann atá siad le feiceáil. Insíonn Ciara Nic Gabhann dúinn faoin saothar atá ag siúl ar Shráid Chonaill.

Íomhá
An íomhá a dhear Opie don albam The Best of Blur
Íomhá
Dánlann Chathrach Hugh Lane don Nua-Ealaín

théann síos Sráid Chonaill, príomhshráid Bhaile Átha Cliath, feicfidh Sara, Julian, Jack agus Suzanne agus iad ag siúl leo go haerach. thugann an ceathrar aon aird ar a dtimpeallacht fheiceann siad na siopadóirí ag stánadh orthu agus iad ag deifriú thar bráid i mbun a ngnó, agus fheiceann siad na turasóirí fiosracha a bhíonn faoi dhraíocht ag a ngeáitsí réchúiseacha. Déanann siad neamhiontas chomh maith de na tiománaithe a bhíonn i bhfostú sa tranglam tráchta, iad ag amharc amach as fuinneoga a gcarr orthu.

Is cuma cén t-am den den oíche a théann ann, beidh siad sna háiteanna céannaag siúl leo gan stró agus rírá an tsaoil ag dul ar aghaidh thart timpeall orthu.

Dar ndóigh, bhaineann an ceathrar seo leis an fhíorshaol; is cuid de shaothar ealaíne poiblí iad atá cruthaithe go speisialta ag an ealaíontóir clúiteach Julian Opie le ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh céad bliain Dhánlann Chathrach Hugh Lane don Nua-Ealaín.

"Julian Opie: Walking on O’Connell Street" an teideal atá ar an saothar seo agus is éard atá ann íomhánna beo atá léirithe ar bhealach an-simplí ar scáileáin mhóra. na daoine, na figiúirí, sna híomhánna comhdhéanta d’imlínte tiubha thart timpeall orthu agus ciorcail i gceist mar chloigeann. ceathrar acu suite i lár Shráid Chonaill agus iad ag siúl go leanúnach. íomhá de bhean eile, Sara, le feiceáil ar scáileán eile atá curtha in airde ar phlionta ag damhsa go leanúnach taobh amuigh den dánlann féin ar Chearnóg Parnell.

Tugann saothar Opie dúshlán dóibh siúd a chreideann gur saothar ealaíne a bheith suite i ndánlann le measúnú a dhéanamh air mar is ceart. Cuireann a chuid saothar amach ar na sráideannaáit, dar leis, a bhfuil níos saoirse ag an phobal agus é ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le healaín.


CeannródaíRugadh Julian Opie i Londain agus is céimí é de chuid choláiste ealaíne Goldsmiths, áit ar bhain aitheantas amach féin go luath ina ghairm as ucht a chuid ceannródaíochta.

Le linn a bheith ansin, spreag leithéidí Damian Hirst. Bhí Hirst bainteach leis an ghrúpa YBAs (Young British Artists), grúpa a raibh mar chuspóir aige ealaín gháifeach a chruthú a rachadh i bhfeidhm ar an phobal trí chéile.

tionchar Patrick Caulfield agus Michael Craig-Martin le feiceáil ar a shaothar sa dóigh a mbaineann Opie úsáid as bogearraí ríomhaireachta chun grianghraif agus gearrscannáin a athchruthú agus íomhánna atá bunaithe ar an duine ar fhigiúir éigina léiriú. Is é an tsainghné is aitheanta stíl go mbíonn ag léiriú aghaidheanna agus figiúirí a bhfuil imlínte loma dubha orthu. Bíonn dathanna cothroma agus sonraí simplí i gceist ina chuid saothard’fhéadfadh , mar shampla, ciorcal dubh a úsáid le súil a léiriú.

Bhain Opie aitheantas idirnaisiúnta amach féin nuair a dhear clúdach albaim don bhanna ceoil Blur. Ba ina shainstíl féin a léirigh an ceathrar ceoltóirí de chuid an bhanna ceoil, agus chuaigh an clúdach albaim seo i bhfeidhm ar an phobal i gcoitinne mar íomhá a bhí cool. Fuair moladh sa bhreis ó shaol an cheoil as ucht an fhir bheo a chruthaigh mar chuid den láithreán stáitse a d’úsáid U2 agus iad i mbun na camchuairte domhanda *Vertigo *sa bhliain 2005.

Is díol spéise é go bhfuil cúis cheiliúrtha ag Opie agus Dánlann Hugh Lane araon in 2008 – bainfidh Opie a chaogadú breithlá amach i mbliana agus an dánlann ar an fhód anois le céad bliain anuas. Is cinnte go mbeadh Hugh Lane féin an-sásta go bhfuil saothar Opie le feiceáil amuigh i measc an phobail. Thug Hugh Lane pátrúnacht fhial do na míndána agus chreid go paiseanta gur cheart go mbeadh saothair ealaíne náisiúnta agus idirnáisiúnta le feiceáil i mBaile Átha Cliath, in áiteanna a mbeadh fáil ag an ghnáthphobal orthu. D’oscail Dánlann Chathrach Hugh Lane don Nua-Ealaín, a bhí ar an chéad dánlann phoiblí don ealaín nua-aimseartha ar domhan, b’fhéidir, i 1908. Bhí mar chuspóir aige saothair de chuid na n-ealaíontóirí ba mhó cáil ar domhan ag an amsaothair de chuid na n-impriseanaithe, cuir i gcása chur ar fáil do phobal na cathrach agus na tíre.

Beidh íomhánna Opie ar taispeáint go dtí na Samhna 2008.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.