CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Tá dualgas ar na meáin gan dul thar fóir

Tá sé tábhachtach go mbeadh cead ag na nuachtáin tuairiscí a fhoilsiú ar chásanna cúirte ach tá freagracht orthu gan dul thar fóir leis an tuairisciú sin.

Íomhá
Christopher Costelloe, duine den chúigear a ciontaíodh as dúnmharú Kieran Keane
Íomhá
Joe O'Reilly: ciontaíodh é as dúnmharú a mhná céile

Bhí cúigear fear as Cathair Luimnigh sa Chúirt Achomhairc Choiriúil ar an 26 Iúil. Ciontaíodh an cúigear acu as dúnmharú Kieran Keane, ar cheannasaí droinge coiriúla é, ag tús na bliana 2005 agus gearradh príosúnacht saoil mar phianbhreith orthu. Agus forais achomhairc á lua ag a lucht cosanta, mhaígh siad nár tugadh triail chothrom don chúigear mar gheall ar “thuairisciú dhochrach” na meán le linn na trialach. Níor ghlac na breithiúna leis seo mar fhoras achomhairc, agus tá an cúigear anois ar ais sa phríosún. Agus é ina shuí ag a bhinse, is annamh a dhéanann breitheamh tagairt do na meáin chumarsáide, ach amháin má theastaíonn uaidh rabhadh a thabhairt dóibh nó cosc a chur orthu. Is é an chloch is mó ar phaidrín an bhreithimhcur i bhfeidhm phróis chuí an dlí. Is cuma leis céard atá ar siúl ag na meáin, a fhad is nach bhfuil díspeagadh dlí i gceist nó a fhad is nach bhfuil an triail á cur i mbaol ag na tuairiscí.

Mar sin, bhí ionadh ar go leor daoine, na meáin ach go háirithe, nuair a bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh cearta na meán á gcosaint ag an mBreitheamh Nicholas Kearns agus é ag labhairt ag achomharc na ndúnmharfóirí as Luimneach ag deireadh mhí Iúil.

Dúirt an Breitheamh Kearns go mbeadh sé “mí-réadúil” na cúisithe agus a lucht cosanta a bheith ag súil nach ndéanfadh nuachtáin agus meáin eile tuairisciú ar thrialacha a bhfuil baint ag an bpobal i gcoitinne leo. Agus dár ndóigh, tá leas an phobail i gceist gan amhras agus coirpigh de chuid dhronga chathair Luimnigh os comhair na cúirte. Baineann na coireanna seo leis an bpobal ina iomláine – le muintir chathair Luimnigh, nó cibé áit ina mbíonn rian an sceimhle agus an uafáis a fhágann na dronga le sonrú. Gan amhras, tá sé mar dhualgas ar na meáin tuairisciú a dhéanamh ar na trialacha seo, a fhad is go leanann siad na rialacha.É sin ráite, d’fhéadfaí cur i leith na meán go dtéann siad thar fóir go minic agus tuairisciú á déanamh acu ar thrialacha móra míchlúiteachaagus nach ndéanann siad amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail. Téann siad thar fóir mar go mbíonn a fhios acu go ndíolfar tuilleadh nuachtán dá bharr.Bíonn neart trialacha agus achomharc ar siúl gach bliain. Is cinnte go ndéanann na meáin tagairt dóibh, ach is annamh a bhíonn siad ar chlúdach na nuachtán lá i ndiaidh lae, ach amháin má léiríonn an pobal go bhfuil spéis faoi leith acu i scéal áirithe.

Níor cuireadh mórán suntais, mar shampla, in achomharc an dúnmharfóra Bernard Dempsey, a bhí ar siúl i mí Iúil fosta. Ciontaíodh é as dúnmharú James Curran ar Shráid San Proinsias sa bhliain 2005. Is cinnte go mbeadh cuimhne cheomhar ag roinnt daoine ar shonraí na trialach agus an dúnmharaithe seo, ach is beag duine a mbeadh cuimhne aige ar mhionsonraí na trialach.

Ní hamhlaidh a bhí i gcás thriail Joe O’Reilly. Bhí go leor daoine sa tír den tuairim go raibh siad ina saineolaithe ar fhianaise teileachumarsáide faoin am a bhí an triail sin críochnaithe. Siamsaíocht a bhí ann, agus thuig sa nuachtáin é sin go maith. Sampla eile is ea triail Catherine Nevin. Le linn thriail na “baintrí duibhe”, mar a tugadh uirthi, b’éigean don bhreitheamh cosc a chur ar na meáin chumarsáide mar go raibh siad ag déanamh cur síos ar Nevin, a hiompar agus a héadaí go laethúil. Ní mar gheall ar gur bhain a rogha éadaí le hábhar, ach mar gheall ar go raibh a fhios ag na nuachtáin go raibh suim as cuimse ag an bpobal sa triail áirithe sin. Agus go ndíolfaí tuilleadh nuachtán dá ndéanfaí cíocras an phobail a shásamh.Ní hionann siamsaíocht agus nuacht. Tá cearta ag na meáin maidir le saoirse cainte - ach le cearta, tagann freagrachtaí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.