THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Stromboli - Banríon na nOileán Aeóiliach
Roberta Stefan Roberta Stefan Roberta Stefan

Téann na mílte ar saoire go Stromboli, oileán beag amach ó iardheisceart na hIodáile, i míonna an tsamhraidh gach bliain, réalta scannán ina measc. Chuaigh Roberta Stefan ansin ag deireadh mhí an Aibreáin, áfach, chun na sluaite a sheachaint agus chuaigh an áit i gcion go mór uirthi.

Íomhá
Stromboli ón aer
Íomhá
Roberta Stefan ar an trá ar Oileán Stromboli
Íomhá
Milseog de chuid an réigiúin, cannoli siciliani

Tá Stromboli ar an oileán is faide ó thuaidh san Oileánra Aeóiliach, gan aige ach daonra de 400 duine. Maireann siad seo ó lá go lá faoi scáth bolcáin ghlóraigh, máistir ceart an oileáin.

De bharr a chrutha, thug na Gréagaigh “Strongyle” (cruinn) ar an oileán fadó. Tá dhá shráidbhaile bheaga, Stromboli agus Ginestra, ar an oileán, agus tá taobh iomlán de nach féidir cónaí a dhéanamh ann de bharr go mbíonn brúchtadh bolcánach ann go leanúnach. Is féidir an laibhe a fheiceáil ag sleamhnú síos taobh an tsléibhe le linn brúchta má bhíonn tú ar bhád os a chomhair amach.

I rith an lae, bíonn sráidbhaile iascaireachta Stromboli bríomhar go maith: bíonn na sluaite ag siúl timpeall, lucht díolta éisc ag béicfeach os ard sa chuan beag, seanmhná gléasta in éadaí dubha ina suí ag cniotáil taobh amuigh dá dtithe geala agus ag caint leo siúd atá ag dul thar bráid. Tá cosc ar charranna ar an oileán de bharr go bhfuil na bóithre róchúng agus casta - ní cheadaítear ach rothair, móipéidí agus carranna leictreacha den chineál a úsáidtear ar an mhachaire gailf.

Tagann athrú mór ar Stromboli san oíche. Bíonn sé ciúin agus faoi bhrat dorchadais de bharr nach bhfuil soilse ar bith ar na sráideanna. An t-aon rud atá ann le tú a threorú san oíche ná ballaí geala na dtithe ar an dá thaobh díot. Téann do shúile i dtaithí ar an dorchadas i ndiaidh cúpla lá, áfach, agus déanann tú do bhealach thart gan deacracht ar bith.

Saol sóisialta

=======

Más duine tú a dtaitníonn saol sóisialta fiáin agus spleodrach leis, seachain Stromboli mar nach bhfuil áit ar bith le dul san oíche. Tá cúpla bialann agus pizzeria ann ach níl oiread agus dioscó ná club amháin san áit. Osclaíodh dioscó roinnt blianta ó shin ach dúnadh é i ndiaidh achair ghearr de bharr nár luigh sé isteach le hatmaisféar an oileáin. Mar sin, bailíonn daoine le chéile i dtithe a gcairde agus caitheann an t-am ag ithe agus ag ól fíon álainn ar a suaimhneas.

Luaigh mé gile na dtithe níos luaithe ach tá a mhalairt de dhath i gceist i gcás na dtránna, a bhfuil dath lonrach dubh orthu de bharr an bholcáin. Déan dearmad d’áilleacht thránna geala Mhuir Chairib agus samhlaigh tú féin ag siúl ar ghaineamh niamhrach dubh faoi theas na gréine, cúr bán na farraige dorcha gorm do do mhuirniú go séimh, na carraigeacha in aice láimhe, plandaí agus bláthanna glasa, corcarghorma agus buí ag fás orthu.

Cé go bhfuil an bolcán ar Stromboli beo, níl an dá shráidbhaile ar an oileán i gcontúirt mar sin féin. Tá an cón gearrtha go sceabhach agus, mar sin, sleamhnaíonn an laibhe síos ar an taobh thiar thuaidh den oileán amháin, ceantar ar a dtugtar Sciara d’ ‘u Fuoco (Fána na Tine) sa chanúint áitiúil. Níl iontas ar bith go ndearna na háitritheoirí fadó an bolcán a adhradh: tá sé chomh cumhachtach sin agus ní féidir neamhaird a thabhairt air. Gach cúpla uair an chloig cloiseann tú torann mar a bheadh toirneach ann agus nuair a amharcann tú suas bíonn toit oráiste le feiceáil ag teacht amach as an bholcán. Is fiú dóibh siúd a bhfuil suim acu sa bholcán, ina éabhlóid agus ghníomhaíocht, cuairt a thabhairt ar an ionad cuairteoirí in aice le Scari, atá beag ach lán eolais.

Má tá tú aclaí agus cróga go leor is féidir leat sliabh atá in aice leis an bholcán a dhreapadh agus sult a bhaint as an radharc. Fágann tú an sráidbhaile mall tráthnóna agus baineann tú barr an tsléibhe (900 méadar os cionn na farraige) amach agus é dorcha. Cé go mbíonn tú achar fada go leor ón bholcán le bheith sábháilte, bíonn eagla an bháis ort agus bíonn sceitimíní ort ag an am céanna. Ligeann tú scread asat le heagla agus le scleondar agus cailltear an scread sin i dtorann an bholcáin. Ansin, tar éis tamaill, tagann leoithne the agus boladh ó chroílár an domhain nach féidir cur síos a dhéanamh air, tú i do sheasamh ar stuaic a raibh tú ar crith leis an fhuacht uirthi cúpla bomaite roimhe sin, tú breá te anois.

Bia

=======

An rudaí is suntasaí faoi chócaireacht an réigiúin seo ná go n-úsáideann siad a lán luibheanna (marós, origáine, basal, gairleog, capras, miontas), trátaí agus liomóidí, rud a thugann blas agus boladh álainn do gach béile, agus cuireann siad cúpla deoir ola olóige órga ar bharr an bhia, mar is nós le muintir dheisceart na hIodáile. Bíonn iasc úr i gcónaí ar an tábla, a bhíonn gríosctha agus a mbíonn ola agus liomóid ar a bharr, nó é líonta le trátaí, gairleog basail agus capras. Tá siad an-bhródúil as a gcuid milseog chomh maith, ina measc “cannoli siciliani”, brioscaí almóinne, “cassata” agus “mostaccioli”. Tá na milseoga seo an-bhlasta agus líonann siad go deas tú!

Eolas do thurasóirí

Is féidir long a fháil a sheolann thar oíche ó Napoli go Stromboli - tógann an turas suas le dhá uair déag. Sa samhradh, is féidir an duillárthach (an Aliscafo) a fháil agus ní thógann an turas ach suas le cúig huaire.

Is gá duit bád nó duillárthach a fháil más mian leat taisteal idir an dá shráidbhaile ar an oileán. Tá feithiclí beaga ag na hóstáin i sráidbhaile Stromboli chun cuairteoirí agus a mbagáiste a bhailiú ón ché ag Scari.

Tá cúpla óstán agus roinnt pensioni ar Stromboli agus bíonn seomraí agus árasáin le fáil ar cíos ó mhuintir na háite chomh maith. Bíonn sé deacair go leor lóistín a fháil idir mí na Samhna agus an Cháisc agus le linn an ardséasúir turasóireachta chomh maith (Iúil agus Lúnasa). Níl sé saor mar ionad saoire agus meallann an áit turasóirí a bhfuil neart airgid acu, go háirithe sa samhradh, leithéidí Sean Connery, Madonna, Andi McDowell, Tom Cruise, Nicole Kidman agus Dolce e Gabbana (lucht faisin).

Bhí mé féin ar an oileán ag deireadh mhí an Aibreáin agus is beag turasóir a bhí ansin. Bhí na siopaí agus na bialanna réasúnta go leor ag an am sin.

Níl ionad campála ar bith ar Stromboli agus tá cosc iomlán ar champáil ar an oileán. Ní maith le muintir an oileáin turasóirí codladh ar an trá i rith an tsamhraidh ach oiread. Tá an timpeallacht ansin leochaileach agus bíonn muintir na háite ar a ndícheall ag iarraidh í a chosaint.

Déarfainn gurb é an t-am is fearr le cuairt a thabhairt ar Stromboli ná go mall san earrach nó go luath san fhómhar. Bíonn an aimsir deas te go fóill ach ní bhíonn sí róthe mar a bhíonn i míonna an tsamhraidh. Lena chois sin, bíonn an t-oileán ciúin agus bíonn lóistín le fáil ar phraghas réasúnta.

Bhí an t-uisce rud beag fuar go fóill nuair a bhí mé féin ansin ag deireadh mhí an Aibreáin ach bhí mé breá griandaite faoin am a bhain mé an baile amach!

Tá eolas le fáil ar na suímh ghréasáin seo faoi lóistín ar Stromboli:

• http://www.netnet.it/dovedormire.html • http://www.netnet.it/aasteolie/MenuStromboliINGLESE.htm • http://mypage.bluewin.ch/volcavento/listeservicese.htm • http://www.hotelsearch.it/en/hotel/stromboli--(isole-eolie).htm

Is múinteoir Béarla i Milano na hIodáile í Roberta Stefan. Chríochnaigh sí tráchtas ar mhúineadh na Gaeilge in Éirinn i mí na Nollag 2000.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.