CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Strainséir garbh
Dermot Somers Dermot Somers

Sliocht as úrscéal nua Dermot Somers, Buaic, an chéad saothar ficsin i nGaeilge ón sléibhteoir cáiliúil.

Íomhá
Liam ag siúl go haerach ó dheas ar chosán garbh ag a cúig mhíle méadar, ar a bhealach chun bualadh le Dixon. Sna sála air, toirt ollmhór an tsléibhe, oighearshruth ag titim ó bhun an Éadain Thuaidh. Magh mhór chlochach taobh thiar de Liam, leata amach mar
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

gcasfadh a chloigeann agus é a chlaonadh siar idir a ghuaillí bheadh lán a shúl aige den mhullach ba mhó ar domhan, é ag lonradh faoi sholas an mheán lae. Bhí feicthe chomh minic ag Liam ó mhaidin go hoíche le trí ceithre gur faoiseamh shúile ab ea na maolchnoic ag síneadh ó dheas ar ardchlár na Tibéide. A uaireadóir caite ar leataobh, bhí laethanta na seachtaine ag sleamhnú uaidh agus b’éigean comhaireamh ón Satharn, nuair a shroich an láthair. Inniu an Mháirt?

Bhí campaí na dtascar éagsúil scaipthe ina gcoinfití ar chúlimeall an mhoiréin: Polannaigh, Gearmánaigh, Seapánaigh, Cóiréigh, agus eile. Pubaill ildaite san uaigneas dúliath; na céadta slat eatarthu chun príobháid a thabhairt.

Liam féin a shocraigh fáilte a chur roimh Dixon, fear nár bhuail riamh leis. Chloígh le gaiscígh a óige mar a chloígh lena athair, mín agus garbh. Ábhar amhrais nár bhog aon duine eile as an gcampa.

ag súil le ceiliúradh, arsa Mike. ‘Ach más siúlóid atá uait... Féach, téigh rófhada. Níl i dtaithí ar an airde fós.

D’airigh Liam éadroime ina ghéaga, an laige is an mearbhall curtha de aige. Bhí a chuid anála faoi smacht, fonn air babhta reatha a thriail, amhrán a ghabháil. Shiúil suas de ruathar ar dhroimín beag is d’fhulaing brú anála, casúr sa chloigeann láithreach. Conas a d’fhéadfaí sliabh a dhreapadh?

D’airigh gluaiseacht i mbéal an ghleanna. Rófhada go fóill le haithint. Seanmhanach ina róbaí, é ina chnapán sa chlochdhíseart. fhéadfadh Liam an mhainistir a fheiceáil. Bhí i bhfolach ar leataobh i bhfad ó dheas, na seanfhoirgnimh faoi cheilt ag droim sléibhe. Ach chonaic go soiléiragus ghoill an radharc airan t-óstán nua le haghaidh turasóirí agus ardfheidhmeannaigh an tsléibhe. Níorbh é go raibh mór, gránna fiúach bhí mínádúrthabosca fuinneogach ar imeall an tsléibhe. Bhí cuairt tugtha ag Liam agus Mike ar an mainistir, aithne aige anois ar an ab, seanfhear ciúin, maol, a cheap go raibh Liam chun an sliabh a dhreapadh is a thug a bheannacht . Nuair a fuair amach nárbh amhlaidh a bhí, chuir aguisín gealgháireach lena ghuí. Thaitin Mainistir Rongbuk le Liam, foirgneamh cloiche agus dóibe, cruth na haoise ar na ballaí ársa. Bíomaí móra adhmaidar ardchlár nár fhás crann riamh air. Shílfeá, mar a dúirt Liam lena thaifeadán, go raibh an mhainistir ar an láthair roimh Everest féin. Bhí, ar bhealachmar níor baisteadh an t-ainm úd ar an sliabh go dtí na hocht déag caogaidí, i gcuimhne ar Shasanach nach ndearna rud ar bith ach suí ar a thóin in oifig léarscáileanna.

Chomolungma ab ainm don sliabh roimhe sin, agus ab ainm go fóill. Bandia, Máthair an Domhain, i dteanga na Tibéide.

Bhí an siúlóir ag treabhadh ina threo, gan casadh ar leataobh mar a dhéanfadh manach ar ghnó éigin i gcúlán sléibhe. Cúpla céad slat eatarthu, rinne Liam an fear beag leathan amach, é chomh bolgchosach go raibh an bóthar taobh thiar de le feiceáil idir a ghlúine. Fear dubh a bhí ann, é sin bhí lán a aghaidhe d’fhéasóg mhór air. raibh róba á chaitheamh ag an strainséir mar a shíl ar dtús, ach seaicéad ceangailte lena chromáin a bhí ag crochadh lena shála nach mór. Bhí hata leathan mar a bheadh muisiriún ar a cheann agus mála droma á iompar aige.

In ainneoin a chrutha, laghdaigh an spás eatarthu go ríthapa mar bhí an strainséir ag treabhadh chun cinn mar a bheadh tarbh beag, tréan. Bhí Liam féin ag siúl go mear, é i mbarr anála le heaspa aeir, agus ba bheag nár scinn siad thar a chéile ar a dtreo contrártha. Thuig Liam go raibh a dhúshlán á thabhairt. go raibh glinniúint i súile an fhir, raibh chun focal a , amhail is go mbeidís ar High Street éigin agus ar mhoiréan uaigneach ar ghualainn an domhain.

Stad Liam, a ghéaga ag crith le teannas an taistil, a chlár éadain báite le hallas.

Gabh mo leithscéal Bhí préachán ina scornach. ‘An tusa – ?

Sea?

An tUasal Dixon?

Sháigh an strainséir a fhéasóg ina threo. ‘ ag fiafraí? fhéadfadh Liam a acu ar sméid , ar chaoch leathshúil go trodach. ‘Is mise Liam. aithne agat ar m’athair, Mike? Fear ceamara? féin agus Max sa Bhun-Champa, ag feitheamh ort. Shocraigh mise bualadh leat chun rud éigin a iompar

Ghéaraigh an tsúil ghorm arís. ‘Dúirt siad nach bhféadfainn mo mhála a iompar, an ea? Bainfidh mise geit astu leis an méid is féidir liom a iompar!

Níorbh in é ar chor ar bith. Dúirt an tiománaí go raibh trealamh sléibhe agat

Comharthaí láimhe a rinne an tiománaí agus málaí Dixon á gcaitheamh amach sa Bhun-Champa aige.

Léirigh go feargach go raibh fear ramhar ag siúl ina dtreo, ó bhéal an ghleanna, cúpla uair an chloig uathu.

Níor thug Dixon séisín , arsa Mike. Bhuail mála eile an talamh. Sháigh Max a dhorn ina phóca is tharraing amach nóta. Sracfhéachaint ón Síneach agus rug greim an díoltais ar mhála eile. Chuir Max an dara nóta leis, is an tríú ceann.

Cladhaire Síneach, a scread Dixon ar Liam. ‘Rad tharam ar a bhealach amach, clocha á spraeáil mar a bheadh meaisínghunna. bhronnfainn pingin rua air. Stad i ngach síbín idir Kathmandu agus Tingri.

Stán go tobann ar Liam, amhail is go mbeadh tuairim le nochtadh ag an bhfear óg i dtaobh tábhairní agus Dixon féin. raibh, ach bhí Liam ag stánadh ar ais ar an sléibhteoir cáiliúil agus meascán den ghreann, den scéin, agus den amhras ina aghaidh. In ainneoin an luais a bhí faoi agus mála millteanach ar a dhroim, bhí deacair é a shamhlú in éadan sléibhe. Foghlaí b’fhéidir, ar bord loingeach é i mbun oighir carraige rite? Bheadh a bholg sa bhealach air. Mar sin féin, nuair a chroith Dixon lámh leis go muinteartha, thug Liam fad agus neart na ngéag uachtarach faoi deara. Béal dearg, clárfhiaclach i nead na féasóige agus na súile

Chroith Dixon an t-ualach dhroim. Bhuail an mála an talamh de phlimp, mar a dhéanfadh ualach cloch. Chrom Liam chun é a ardú ach chuir Dixon stop leis. ‘ buíoch díot as ucht do charthanais, ach déanaimse mo chuid sclábhaíochta féin. Tóg an ceann seo. Mála ceamara, chomh trom gur dhóbair do Liam é a scaoileadh. ‘ cúramach, a chara. lionsaí ann a chuirfeadh éad ar d’athair féin. Is dócha go bhfuil Mike iomlán digiteach na laethanta seo?

. Liam cosantach is trodach san am céanna. ‘Is féidir na pictiúir a sheoladh láithreach óna ríomhaire ar fud an domhain.

Sin é, a d’admhaigh Dixon. ‘ bhíonn éileamh ar bith ar mo chuidse pictiúr. Níl ionamsa ach sléibhteoir.

Lean air sula bhféadfadh Liam an ráiteas a mheá i leith a athar. ‘Táimse san Iarnaois go fóill. Is fearr liom sleamhnáin chun léachtaí a léiriú. Tharraing a mhála ón talamh, na strapaí ag geonaíl amhail is gur chirte an Chlochaois a .

Tugann léachtaí? cuimhin liom a bheith i mBaile Átha Cliath. Bhí siad ag gabháil ar aghaidh le chéile, Everest os a gcomhair, Liam ar leathrith chun coinneáil taobh le Dixon.

Cinnte, bhí ann. D’amharc le híoróin ar Liam.

Nuair a bhíodh tóir orm! Céard atá á dhéanamh agatsa i mBaile Átha Cliath, dála an scéil? Nach bhfuil Mike ina chónaí i Londain?

Is ann atá mo mháthair. Uaireanta bhíodh fearg air, ach ba chuma leis anois. Níorbh fhiú a bheith ag súil le deisbhéalaí ón gcarachtar seo. Ach bhí tuisle bainte as an sléibhteoir. ‘ rogha an fheabhas agat, más ea, arsa Dixon.

Go raibh maith agat. Táimse i mo bhall de chlub sléibhe. Ba bhreá linn a thabhairt anonn,

sháraím Everest? Glam gáire. ‘Féach a bhuachaill, is cuma le daoine faoi lucht Everest na laethanta seo.

Chaithfeá do lámh féin a ithe sula gcuirfí suim ionat. Bhí bean torrach in airde anuraidh.

Bhreathnaigh ar a bholg féin. ‘Tá’s agam cad a cheapann , ach seo mo stór bia don turas. Camall sléibhe dhá chruit, an mála agus an bolg. Fan go bhfeicfidh beidh chomh slim leat féin ar mo bhealach amach.

Bheadh suim ag daoine i do léacht, arsa Liam, an bolg á chur ar leataobh. ‘ na leabhair léite againn, na scéalta ar fad: conas mar a shábháil na Seapánaigh ar Annapurna; an stoirm úd ar Mhanaslu...

Eachtraí gan mullaí, arsa Dixon go tur. ‘ rachainn go Londain go Learpholl, abair, gan ach Broad Peak, Cho Oyu, agus cúpla cnoc eile faoi m’ascaill, bheadh i láthair ach na seanfhondúirí a shraoilleann amach chun bualadh le scáileanna a chéile. Ailleadóireacht rinceach is mian le do ghlúinsefad is a bhíonn slán sábháilte ar ndóigh. Cuireann crampóin agus piocóidí oighir scanradh oraibh. Níor cáineadh Liam cheana: bhí díspeagadh as faisean.

chuireann crampóin scanradh orainn! Níl aill ar domhan inchurtha leis an éadan sin lastuas. Déarfainn go mbeadh gach uile dhreapadóir óg ar aon tuairim liom.

*‘Hmph! *arsa Dixon, sásamh magúil ar a aghaidh. ‘Cén gnó atá agatsa anseo? Níl chun tabhairt faoin Droim Thuaidh linn, an bhfuil?

Sin a cheapann cách, arsa Liam, ‘fiú an tAb. Níl dóthain cleachta agam go fóill. Thug Mike go hAlbain agus go dtí na hAlpa .

chuireann easpa taithí isteach ar a bhformhór, geallaimse duit. Fágann siad an taithí faoi na Siorpaigh is gabhann siad in airde mar phaisinéirí. Cuir ceist ar Max.

B’fhearr liomsa, arsa Liam, ‘an mullach a shroicheadh as mo stuaim féin. gan é a shroicheadh ar chor ar bith. Bhí náire air faoin teanntás.

Ó, an mar sin é? Glacfaidh mise le cabhair ar bith a bheidh ar fáil, go raibh maith agat. Beidh buíoch as síob le Mackenzie is na Poncáin. fhágann siad céimeanna móra ina staighre domsa, sin mar is fearr. bhfuil na focars céanna faoi láthair, dála an scéil?

Imithe ar aghaidh leis na Siorpaigh is na yakanna.

Dúirt Max go mbeidh an Bun-Champa Tosaigh suite acu ar an gCéadaoin. Amárach!

Max, an ea? Sin a dúirt ? Níor imigh féin chun tosaigh leo?

Níor imigh.

Sin a dúirt . Níor imigh.

Bhraith Liam tost ag titim ar a chompánach, mar a bheadh an t-aer ag fuarú. Las tuiscint ina chloigeann.

Bhainfeadh na sléibhteoirí eile an mullach amach go luath in éineacht leis an Shiorpa. D’fhágfaí na campaí ar an láthair ag cúlú dóibh. Dixon in airde ina ndiaidh, gach rud ullamh agus in áit .

Bhí Mackenzie liom ar Annapurna, tá’s agat, nuair a thit an mhaidhm shneachta. Léargas eile. Bheadh an tAlbanach marbh murach Dixon. ‘An-chuid déanta againn le chéile i rith na mblianta. Gaiscíoch is ea an focar sin, ach cúpla focal chuid féin a bheith aige. raibh mórán níos sine tusa nuair a thosaíomar ag saighdiúireacht le chéile.

Thugas faoi deara nach raibh cainteach, arsa Liam.

Bhí siad ag teannadh leis an gcampa, gan laghdú ar an luas, mearbhall ina cheann ag Liam. Chonaic a athair agus Max i measc na bpuball, ag breathnú orthu. Go tobann, chas Max ar a sháil is shiúil go mear sa treo eile.

D’imigh glan as radharc. ‘Duine de na sléibhteoirí is fearr, a thug Mike ar Dixon, ‘nár shroich mullach suntasach riamh! B’in níos túisce. Suite i mbeár an aerfoirt dóibh, bhí an togra á mhíniú aige mhac sular fhág siad an Eoraip. ‘Sea, bailiúchán de na mullaí is aige, ach níl K2, Makalu, Everest Kanchenjunga ina measc. Bhí mí-ádh air i gcónaí, agus an chraobh nach mór ina ghlac. Ar ndóigh, bhí an t-ádh leis freisin, sa mhéid is go bhfuil beo. Fuair a lán den ghlúin sin bás ag iarraidh bealaí nua a chruthú. Bhí de scil ag Dixon éalú i gcónaí.

Chaill a sheans níos uair amháin bharr. Fágadh as tascair sna hochtóidí is na nóchaidí é toisc nach raibh a dhóthainmisnigh’ aige. cuid lucht cáinte marbh anois agus Dixon chomh beo gránna is a bhí riamh. N’fheadar an fiú é? Sin é an scéal a bheidh á lorg againne: na heachtraí a bhain agus a dhearcadh orthu. Misneach mí-ádh? Mullaí marthanas? Milis searbh? Stuif na hóige is ea an laochas. féidir le fear meánaosta a bheith ina laoch, gan a bheith ina leathamadán freisin.

Cén fáth? Níl ansin ach do thuairimse!

Mar bíonn an iomarca eolais ag daoine faoi, sin an fáth. Samhlaíocht an phobail a chruthaíonn gaiscíoch. bhíonn rún ar bith fágtha ag leithéidí Dixon. a fhios ag cách go n-ólann , gur cearrbhach é, go bhfuil trodach. tréigthe ag a sheanchairde, urraíocht á lorg aige le haghaidh tograí nach dtarlaíonn.

Mura mbaineann Dixon an mullach amach, arsa Liam, ‘an mbeidh scannán againn?

Ó beidh. Beidh cinnte! Rósciobtha. ‘Beidh scéal againne cuma cad a tharlaíonn. píosaí déanta agamsa le Dixon cheana, ag dul i bhfad siar. Beidh in ann gnéchlár a chur le chéile, ach scéal a fháil an turas seo.

Daid! Abair go dtagann ar cheamara Mallory san oighear agus na pictiúir fós ann! Cruthú gur bhain siad amach an mullach tríocha bliain roimh Hillary! Bhí Liam chomh corraithe gur dhoirt a ghloine.

Sea, arsa a athair. ‘É sin, pléascann .

Buaic le ceannach ar €12 ag *www.coislife.ie.*

Is sléibhteoir, scoláire agus láithreoir teilifíse é Dermot Somers. Rugadh é i Ros Comáin i 1947 agus cónaí air anois i nDroichead Átha. Le cúig bliana is fiche ag ailleadóireacht agus ag sléibhteoireacht ar fud an domhain, ó na hAlpa agus na hAindéis go dtí na Himiléithe. trí leabhar gearrscéalta foilsithe aige cheana féin i mBéarla, mar aon le dhá leabhar eile. trí shraith teilifíse déanta aige do TG4 agus RTE: Cuairt na Cruinne, An Bealach ó Dheas agus Turas Feasa.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.