CÚINNE NA nEALAÍON
Stair Amharclann an Gheata
Alan Stanford Alan Stanford

Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag Amharclann an Gheata mar gheall ar an obair chruthaitheach agus cheannródaíoch atá curtha i gcrích acu siúd a bhí agus atá ina bun. Tugann an t-aisteoir agus stiúrthóir Alan Stanford cur síos dúinn faoi stair agus faoi [i]ethos[/i] na hamharclainne speisialta seo.

Íomhá
Amharclann an Gheata: i gcroílár Bhaile Átha Cliath
Íomhá
Orson Welles agus Micheál MacLiammóir sa scannán Othello
Íomhá
Léirigh an Geata naoi ndráma dhéag ó pheann Samuel Beckett sa bhliain 1991
Íomhá
Thug Amharclann an Gheata naoi ndráma dhéag de chuid Beckett ar camchuairt chuig an Lincoln Centre, Nua-Eabhrac

Breis is 200 bliain ó shin a tógadh an foirgneamh ar a dtugtar Amharclann an Gheata sa lá atá inniu ann. Airítear é ar cheann de na sainfhoirgnimh is so-aitheanta i mBaile Átha Cliath – ó thaobh na hailtireachta de agus ó thaobh na hoibre ealaíonta atá curtha i gcrích ann thar na blianta.

Croílár cultúrtha agus sóisialta na cathrach Seoirsí ag an am ab ea an láthair ar ar tógadh an foirgneamh. Ba é an máinlia Bartholomew Mosse a thiomsaigh an t-airgead leis an bhfoirgneamh a thógáil agus bhunaigh sé ospidéal nua máithreachais ann sa bhliain 1757. Gné shuntasach amháin den fhoirgneamh seo ab ea a struchtúr ciorclach, agus b’as sin a d’eascair a ainm: Ospidéal an Rotunda. Tógadh seomraí éagsúla ócáide mar chuid den fhoirgneamh agus bhí Mosse ag súil go bhféadfaí iad a ligean amach ar cíos chun go dtabharfadh an t-ioncam breise cabhair airgid don ospidéal.

Sa bhliain 1928 bhí an chamchuairt náisiúnta a raibh Hilton Edwards, Micheál MacLiammóir agus aisteoir eile darbh ainm Anew McMaster páirteach inti ag teacht chun críche. Chuir Edwards agus MacLiammóir rompu amharclann nua a bhunú i gcuid amháin den ospidéal. Shocraigh siad go dtabharfaidís Amharclann an Gheata uirthi le hómós a thabhairt don Gate Theatre i Londain – bhí siad ag súil go bhféadfaidís cur chuige turgnamhach na hamharclainne Sasanaí a bhaint amach iad féin. Ba mar seo a tháinig Amharclann an Gheata ar an saol.

Faoi stiúir na beirte, cuireadh scoth na drámaíochta i láthair do mhuintir Bhaile Átha Cliath, idir dhrámaí clasaiceacha agus comhaimseartha ó pheann na ndrámadóirí Éireannacha agus dhrámaí avant-garde de chuid scríbhneoirí

Eorpacha agus Meiriceánacha – ba é seo an chéad uair riamh a bhí deis ag lucht leanúna na drámaíochta in Éirinn drámaí avant-garde a fheiceáil ar an bhfód dúchais.

WellesBa san amharclann seo a cuireadh tús le gairmeacha proifisiúnta cuid de mhaithe agus mhóruaisle shaol na drámaíochta – Orson Welles agus James Mason, cuir i gcás.

Maidir leis an gcéad uair a tháinig Welles chun na hamharclainne, bhain sé - go liteartha - leac an dorais amach gan choinne lá amháin. D’fhógair sé do chách gur aisteoir Meiriceánach mór le rá ab ea é, a raibh breis is scór bliain bainte amach aige. Bronnadh ról beag air as ucht a chuid dánachta. Mar a tharla, ní raibh a sheachtú breithlá déag bainte amach aige go fóill!

Bhí Welles mór le Hilton agus Micheál a fhad is a mhair siad. Go deimhin, bhí an bheirt páirteach i gcuid de na scannáin a stiúir Welles – b’fhéidir gurbh é an sampla ba shuntasaí ná an scannán *Othello *a raibh MacLiammóir agus Edwards araon páirteach ann, mar Iago agus Brabantio faoi seach. Rinne Welles obair forbartha ar an script dá scannán *The Chimes at Midnight *– atá bunaithe ar na drámaí a scríobh Shakespeare faoi Henry VI – le linn dó a bheith ag obair in Amharclann an Gheata. Ghlac cuid mhór aisteoirí rialta de chuid an Gheata páirt sa scannán áirithe seo chomh maith.Bhain Amharclann an Gheata cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach di féin as ucht na dóighe ar caitheadh lena haisteoirí. Aithníodh gur rogha na n-aisteoirí ab ea í – bhí smacht áirithe ag na haisteoirí ar ar thit amach san amharclann agus bhí an-tuiscint acu siúd a bhí ina bun ar a gceird.

Tá ag éirí leis an amharclann go fóill ardán a thabhairt do scoth na n-aisteoirí cruthaitheacha agus cuireann lucht an Gheata clár fairsing drámaí ar fáil a mheallann lucht leanúna na drámaíochta – idir óg agus aosta.

Tá cuid mhór aisteoirí aitheanta agus cruthaitheacha i ndiaidh a bheith páirteach i ndrámaí de chuid an Gheata thar na blianta – daoine mar Stephen Brennan, John Kavanagh, Susan Fitzgerald, Barbara Brennan, David Kelly, Donna Dent agus Risteard Cooper. Tá uaisle na drámaíochta i ndiaidh a bheith ar a ardán chomh maith, mar shampla John Hurt, Penelope Wilton, Frances MacDormand, Michael Gambon agus Ralfe Finnes – agus tá caidreamh ar leith ag an nGeata leis na drámadóirí clúiteacha Brian Friel, Frank McGuinness, Bernard Farrell, Neil Labute, Conor McPherson and Mark O’Rowe.

Beirt stiúrthóiríTá an Geata éagsúil go maith ó amharclanna eile ar an ábhar nach raibh ach beirt ag feidhmiú riamh mar stiúrthóir cruthaitheach air – in ainneoin é a bheith ar an bhfód le 80 bliain faoin am seo.

Sa bhliain 1983, ceapadh Michael Colgan ina stiúrthóir ar an nGeata agus tá cáil ealaíonta na hamharclainne ag dul i neart i rith an ama, in Éirinn agus i gcéin. Tugadh faoi thionscadal ceannródaíoch nach ndearnadh in áit ar bith riamh i 1991 nuair a léiríodh na naoi

ndráma dhéag a scríobh Samuel Beckett. Chuathas ar camchuairt leis na drámaí seo, go dtí an Barbican Centre i Londain agus an Lincoln Centre i Nua-Eabhrac. Chuir an Geata trí fhéile ar leith ar shaothar Harold Pinter i gcrích chomh maith, ceann amháin díbh a bhí ar siúl i Nua-Eabhrac. Bhí sí ar an gcéad amharclann Eorpach riamh a thug faoi fhéile aisbhreathnaitheach ar shaothar Pinter a reáchtáil.

Le fiche bliain anuas, tá an amharclann geall le hambasadóir don tír seo de bhrí go bhfuil scoth na ndrámadóirí, na n-aisteoirí, na stiúrthóirí agus araile tar éis a bheith páirteach i ndrámaí dá cuid ar fud an domhain – ó Shanghi go Sydney agus Los Angeles.

Tá an amharclann anois ina hochtú bliain agus táthar ag tabhairt faoi thionscadal mór tógála le hí a fhorbairt. Tá géarghá le hoifigí nua agus le háiseanna nua teicniúla a thógáil, mar aon le spás nua réamhléirithe a chur ar fáil. Daingneoidh an obair forbartha seo stádas agus cáil idirnáisiúnta an Gheata mar ionad tábhachtach cruthaitheachta sna blianta atá amach romhainn.

*Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Amharclann an Gheata ag: *http://www.gate-theatre.ie/Is aisteoir agus stiúrthóir clúiteach é Alan Stanford ar léiríodh neart drámaí in Amharclann an Gheata faoina stiúir. Tá sé ina stiúrthóir ealaíonta ar an gcompántas Second Age Theatre Company agus tá sé ina bhall den Chomhairle Ealaíon chomh maith. Tá an-chuid aisteoireachta déanta aige i gcláracha teilifíse agus i scannáin freisin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.