GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Srutháin teilifíse ar an idirlíon
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Tá go leor deacrachtaí ag baint le pictiúir theilifíse a chraoladh ar an idirlíon. Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar chuid de na slite a bhféadfaí dul i ngleic leis an bhfadhb seo sa ghearrthéarma.

Íomhá

Ní bheidh an Corn Domhanda sacair á chraoladh beo ar an idirlíon an samhradh seo, agus tá cúis an-mhaith leis sin: ní fhéadfaí an liathróid a fheiscint. Cé gur gnáthfhadhb ag lucht leanúna gailf agus iomána é an liathróid a leanúint ar an teilifís, tá an fhadhb níos measa ar an idirlíon. An phríomhchúis leis an bhfadhb ná nach bhfuil caighdeán maith ag baint leis na pictiúir a bhíonn á gcraoladh thar an idirlíon. Toisc go mbíonn ar na pictiúir taisteal i bhfoirm eolais dhigitigh thar gnáthlínte fóin, tá teorainn leis an méid eolais is féidir a chur. Mar sin, caitear an méid eolais a laghdú trí chaighdeán na híomhá a ísliú chun go mbeidh sé praiticiúil é a chraoladh.

Nuair a chraoltar fuaim nó fís ar an idirlíon na laethanta seo, de ghnáth sreabhtar é diaidh ar ndiaidh chuig ríomhaire an bhreathnóra. Déantar é sin toisc go mbeadh sé i bhfad rómhall fanacht chun go mbeadh an clár ar fad cóipeáilte. Tá seirbhísí maithe curtha ar fáil ag stáisiúin ar nós RTÉ), an BBC agus Ireland Live Television le gairid. Is féidir féachaint ar chláracha na stáisiún sin beo, nó breathnú siar ar chinn a craoladh níos luaithe (craoladh “on-demand” a thugtar air sin) ar an idirlíon. Úsáidtear cláracha saor in aisce ar nós Real One Player nó Windows Media Player chun féachaint ar na cláracha, agus is féidir ábhar le craoladh a chruthú ag úsáid cláracha ar nós Real Producer nó Windows Media Encoder.

Slí amháin atá ann chun an méid eolais a chraoltar i bpictiúir a laghdú ná trí dhlúthú a úsáid. Níl ansin ach cleas chun a chinntiú nach seoltar aon eolas nach bhfuil riachtanach. Mar shampla, nuair a bhíonn léitheoir nuachta ag léamh amach eolais ar an teilifís, go minic ní bhogann ach béal an duine sin. Is féidir leis an ríomhaire a aithint nach bhfuil mórán ag athrú, agus ní sheoltar ach na píosaí “nua” den íomhá thar an idirlíon. Bíonn sé sin go breá nuair a bhíonn an nuacht á léamh, ach má bhíonn radharcanna á dtaispeáint ó chluichí peile bíonn an pictiúr ag athrú go minic, agus ní fheictear ansin ach íomhá dhoiléir.

Cé go bhfuil teorainn leis an gcaighdeán is féidir a shroichint nuair a bhíonn pictiúir theilifíse á gcraoladh thar an idirlíon ar ghnáthlínte fóin, tá cleasanna ann a d’fhéadfaí a úsáid chun rudaí a fheabhsú. Mar a deir Dr Jakob Nielsen, saineolaí ar conas mar a úsáideann daoine suímh ghréasáin (nó “usability"), nuair a bhíonn eolas atá ar fáil cheana féin i meán amháin á chur ar fáil ar an idirlíon, caitear é a chur in oiriúint don ghréasán domhanda. Mar shampla, nuair a bheadh cláracha nuachta á gcur ar an idirlíon, d’fhéadfaí radharcanna a roghnú le fíorbheagán gluaiseachta ag an gceamara. Is é sin, in ionad imreoirí peile a thaispeáint ag rith i dtreo an chúil, d’fhéadfaí leagan moillithe a thaispeáint, agus anailís a dhéanamh ar an eachtra sin sa chluiche. Ar an gcaoi sin, chuirfí luach breise leis an eolas a bheadh ar an idirlíon gan mórán stró, agus dhéanfaí caighdeán an phictúir a fheabhsú. Cleas eile atá indéanta ná aon ghraific ríomhaireachta ar nós fotheideal nó léarscáileanna aimsire a choinneáil i bhfoirm dhigiteach agus ligean do ríomhaire an bhreathnóra iad a chur ar an scáileán.

Cé go bhfuil go leor comhlachtaí ag cur ábhair le fís ar fáil ar an idirlíon, bíonn díomá ar go leor daoine faoi chomh híseal is a bhíonn caighdeán na seirbhíse sin. Is léir nach mbeidh leathanbhanda in úsáid go forleathan sa ghearrthéarma, agus b’fhiú do chomhlachtaí smaoineamh ar chleasanna eile chun na srutháin teilifíse ar an idirlíon a dhéanamh níos soiléire.

Suíomh sacair

=======

Cé nach mbeidh an Corn Domhanda le feiscint beo ar an idirlíon níl aon easpa statisticí ná eolas ar an sacar ar an ngréasán domhanda faoi láthair. Tá amchlár cuimsitheach don Corn Domhanda curtha ar fáil ag RTÉ. Tá gach saghas eolais ar shacar i Sasana ar fáil ar www.football365.com agus is féidir léamh mar gheall ar bhotúin na gcomhfhreagraithe spóirt ar www.dangerhere.com.

Tá leagan nua de shuíomh gréasáin Raidió na Life 106.4 fm curtha ar fáil ag an údar le déanaí ag www.rnl106.com. Is féidir éisteacht le roinnt de na cláracha a chraoltar i rith na seachtaine ar Raidió na Life 106.4 fm ar an idirlíon anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.