CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Spíce seachas córas ceart sláinte

Léiriú maith é an spíce atá á chrochadh i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath, agus a chosain beagnach €5 mhilliún, ar an dóigh a bhfuil tús áite á thabhairt do na rudaí míchearta sa tír seo.

Faoi dheireadh na míosa seo, beidh spíce caol ard, a bheas sé huaire níos airde ná Ardoifig an Phoist, ag síneadh i dtreo na spéire ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath. Beidh na mílte turasóir agus cuairteoir tuaithe a thiocfaidh chun na príomhchathrach ábalta stánadh i dtreo na bhflaitheas ar feadh cúpla soicind agus a rá leo féin, “Nach iontach an mhíorúilt innealtóireachta é seo?”. Beidh áit ar leith ag madraí na sráide anois lena gcos a ardú agus a lorg a fhágáil ina ndiaidh ar phríomhshráid na cathrach. Níos lú ná míle suas an bóthar, in ospidéal de chuid na cathrach, rachaidh máinlia cluaise, sróine agus scadamáin isteach ina chlinic beag bídeach le scrúdú a dhéanamh ar an dáréag othar a bheidh ag fanacht leis ansin ón seacht ar maidin. Tá an dochtúir uasal seo ag obair sa seomra céanna le tríocha bliain, gan athrú nó feabhas tagtha ar a chuid acmhainní, ach amháin gur cuireadh cóta péinte ar na ballaí. Tá air an spás seo a roinnt anois le triúr dochtúirí eile. Má bhíonn mac, iníon nó gaol ar bith eile de dhuine de na daoine a chaithfidh súil suas ar an spíce ag iarraidh coinne a fháil sa chlinic seo, beidh air fanacht suas le bliain ar a laghad. Más gá dó dul ar ais tar éis a chéad chuairte, cuirfear a ainm ar an liosta feithimh agus beidh sé suas le hocht mí sula mbeidh an dara scrúdú aige. Seo Éire an lae inniu. Nuair a bhí rogha le déanamh, tugadh tús áite don spíce seachas don chóras sláinte. Is léir go bhfuil cúrsaí bunoscionn sa tír seo ó thaobh tosaíochtaí de. Ní féidir seirbhís mháithreachais a chur ar fáil do mhuintir Mhuineacháin ina gcontae féin ach táthar breá sásta liúntas saor ó cháin a thabhairt do lucht capall Chill Dara agus na milliúin á saothrú acu cheana féin. An é go bhfuil ár gcóras polaitíochta imithe ar strae, nach ndéanann muid an rogha cheart agus muid ag toghadh ár gcuid polaiteoirí? An é nach gcaitheann na daoine a mbíonn orthu fanacht i scuainí ospidéil a vóta nó an é nach dtugtar rogha cheart dóibh ar aon chuma? Tá litreacha á bhfoilsiú go laethúil ar leathanach an eagarthóra san Irish Times ag moladh leasainmneacha do shnáthaid shnasta seo Shráid Uí Chonaill. Is dócha gur le searbhas atá sé seo á dhéanamh ag an eagarthóir, le haird a tharraingt ar easpa samhlaíochta mhuintir na hÉireann, agus ar an dóigh a bhfuiltear ag iarraidh cur ina luí orainn gur píosa ealaíne é an spíce seo. Má thugann tú cuairt ar Shráid Uí Chonaill le hamharc ar an spíce lonrach, ná déan dearmad ar an mháinlia cluaise atá ag saothrú leis ina sheomra beag cúng in aice láimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.