CÚINNE NA nEALAÍON
Southern Cross: Taispeántas grianghrafanna le Mark Curran
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Labhair Ciara Nic Gabhann le Mark Curran, grianghrafadóir a mbeidh taispeántasshaothar le feiceáil i mBaile Átha Cliath i rith mhí an Mhárta.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Taispeántas a spreagann machnamh atá i mbailiúchán grianghrafanna Mark Curran a bheas le feiceáil i nGailearaí na Grianghrafadóireachta, Meeting House Square, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath ó thús mhí an Mhárta ar aghaidh.

Is staidéar é a fheidhmíonn ar dhá leibhéal, Prospect agus Site, agus a dhíríonn ar an fhorbairt agus an fás atá ag tarlú, gan réamhshampla, i réimsí áirithe sa tír seo. Portráid chomhaimseartha é d’Éirinn, a ardaíonn ceisteanna agus a spreagann smaointe faoi na hathruithe socheolaíocha agus geografacha atá le feiceáil ag tarlú thart orainn faoi láthair.

Chuirfeadh an tsraith Site radharcanna ó na caogaidí i Sasana i gcuimhne duit. Tá laithreáin tógála, fuarchúiseacha le feiceáil ann, tochaltóirí móra ag fágáil rian a bhfiacla ar an talamh nocht.

staidéar pearsantachta déanta ag Curran ar na tógálaithe - fir mhóra, leathana, a n-aghaidh ag taispeáint meascán den bhród, den ghreann agus den amhras, a gcraiceann dearg leis an aimsir agus leis an sclábhaíocht.

Cúpla glúin ó shin bheadh na Navies seo ag obair ar na tionscadail nua tithíochta a bhí ag preabadh aníos sa Bhreatain, anois is ar pháirceanna glasa na hÉireann atá siad ag saothrú a gcoda. Casadh saoithiúil eile atá ann ná gur as tuaisceart Shasana cuid den dream seo. Tugann na grianghrafanna léargas dúinn ar chomh gasta is atá an timpeallacht ag athrú agus ar an mhéid a bhraitheann ár ndul chun cinn go fóill ar obair fhisiciúil láimhe.

Taobh amuigh de na portráidí maorga tá easpa an-mhór beatha le brath - i bpictiúr amháin, cuir i gcás, feictear bunchruth teallaigh, lom agus fuar, a oibríonn mar mheafar den easpa anama agus croí atá le brath sna tírdhreacha aimride seo.

Codarsnacht

Tá bailiuchán darb ainm Prospect le feiceáil in éineacht leis an tsraith Site a dhéanann scrúdú ar na hoibrithe ón IFSC (International Financial Services Centre) i mBaile Átha Cliath agus ar a dtimpeallacht.

Caitheann na hoibrithe óga seo cultacha galánta, i gcodarsnacht leis na seanéadaí atá á gcaitheamh ag na tógálaithe. Amharcann siad ar an cheamara go muiníneach agus go díreach, an foirgneamh uirbeach gloine mar chúlra acu. Oibríonn breis is 7,000 duine san ionad seo, pobal ann féin, chóir a bheith. Tá iomaíocht ghéar ina saol, rud nach bhfágann mórán spáis don leochaileacht.

Déanann Curran comparáid idir na ceannródaithe a bhí i Meiriceá fadó agus na ceannródaithe nua-aoiseacha airgeadúla seo atá le feiceáil ag treabhadh chun cinn i ndomhan atá déanta as coincréit, gloine agus miotal.

Oibríonn an teideal Southern Cross mar mheafar don chrosbhóthar ag a bhfuil muid mar thír, agus an bogadh chun tosaigh corrach atá muid ag fulaingt faoi láthair.

Rugadh Mark Curran i mBaile Átha Cliath i 1964 agus chaith sé ocht mbliana i gCeanada, 1984-1992. Is mar oibrí sóisialta a thosaigh sé ar dtús ach caitheann sé níos mó ama na laethanta seo ag obair mar ghrianghrafadóir. Bhain sé amach teastas sa ghrianghrafadóireacht i 2001 ón Institiúid Ealaíne agus Deartha i nDún Laoghaire. Bhuaigh sé deontas forbartha ó Ghailearaí na Grianghrafadóireachta i 2000 agus cuireadh ar ghearrliosta ealaíne AIB é d’ealaíontóirí atá ag teacht chun go mór i saol na healaíne.

Osclóidh Southern Cross ar an 7 Márta agus leanfaidh an taispeántas ar aghaidh go dtí 10 Aibreán. Bíonn an Gailearaí oscailte idir 11.00 a.m. - 6.00 p.m., Luan go Satharn, agus idir 1.00 p.m. - 5.00 p.m. Dé Domhnaigh.

Tuilleadh eolais: www.irish-photography.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.