AR NA SAOLTA SEO
Sos bréagach cogaidh an UDA
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

D’fhógair an UDA sos cogaidh ag deireadh na míosa seo caite ach ní chreideann Robert McMillen go bhfuil siad dáiríre faoi.

Íomhá
Múrmhaisiú de chuid an UDA/UFF in oirthear Bhéal Feirste

Bhí an ceart ag Gerry Adams an tseachtain seo, le linn tréimhse eile cainteanna, nuair a dúirt sé go raibh “tuirse géarchéime” ar dhaoine ó thuaidh.

Cad é mar is féidir éirí tógtha fá fhoirgnimh atá tógtha ar ghaineamh slogach? Cad é mar is féidir éirí tógtha fá dhul chun cinn polaitiúil ó thuaidh nuair atá fhios agat go bhfuil daoine ag fanacht le hé a scrios.

D’fhógair an UDA sos cogaidh eile ag deireadh mhí Feabhra, eachtra, dar leat, a thabharfadh na slóite amach ar na sráideanna le fáilte a chur roimh bhriseadh amach na síochána.

Ach táimse im chodladh is ná dúistear mé. Taobh istigh de thrí lá, chaith dílseoirí buama peitril ar theach Caitliceach ar an Lorgain i gContae Ard Mhacha agus a mhacasamhail ar theach i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Tionscnamh Síochána John Gregg a tugadh ar fheachtas úr an UDA bealach na polaitíochta a thaisteal. Mar theideal, b’ionann é agus Institiúid Síochána agus Athmhuintearais Pol Pot nó Craobh Bertie Ahern d’Ógra Fhine Gael a bheith ann. Bhí Gregg ina cheannaire ar cheann de na complachtaí ba mharfaí agus ba sheictí de chuid an UDA sular mharaigh a iarchomhghleacaithe é.

Tháinig aoibh tharcaisneach ar dhaoine nuair a léigh siad go raibh an UDA ag moladh dá mbaill “gan cur le fadhb na ndrugaí i dTuaisceart Éireann” mar go bhfuil an eagraíocht sin suas go dtí an dá shúl san fhadhb chéanna.

Bhí pictiúr de theach Johnny White, iarbhall den UDA go dtí gurbh éigean dó teitheadh go hAlbain lena bheo, ar an Irish News, teach arbh fhiú £300,000 é i seilbh fir nach raibh post ar bith aige.

Tá an UDA ag dul a chur cosc aoise ar ógánaigh atá ag iarraidh dul isteach sa Ulster Young Militants, eite óige na heagraíochta - is léir go bhfuil siad ag pleanáil don todhchaí.

Deireadh le húsáid buamaí píopa

Ach tá ábhar dóchais san fhógra fosta. Ná scaoiltear gunnaí ar aon chúis le linn an tsosa cogaidh, a deir riail amháin a tugadh do na baill.

Agus cuirfear deireadh le húsáid buamaí píopa, a deir siad. Tá ráite ag Tommy Kirkham, ball den Ulster Political Research Group, páirtí polaitíochta an UDA, go bhfuil a raibh acu de na buamaí seo scriosta cheana féin.

Ní luaitear buamáil pheitril agus, ar ndóigh, ba é amaidí phráinn an díchoimisiúnaithe, ná gur féidir foréigean a reáchtáil le cibé gléasra atá ar fáil - peitreal, leas, clocha, tinte ealaíne, táirní, aigéad, sceana, rudaí atá le fáil go furasta.

Tá an UDA, fríd an UPRG, ag dul ar bhord thraein na síochána. Ar an drochuair, ní léir cumas ar bith polaitíochta a bheith le fáil go forleathan san UPRG. Glactar leis go gcaithfidh na páirtithe uilig a bheith páirteach i socrú ar bith a thiocfas as na cainteanna atá ar siúl, ach tá an UPRG/UDA/UFF ag glacadh an talaimh aird mhorálta (sic) agus diúltaíonn siad labhairt le Sinn Féin. Chuirfeadh gach duine fáilte roimh ionchur ar bith ón eite sin dílseoirí, ach is gá ceist a chur an bhfuil siad dáiríre.

Agus é ag fógairt an tsosa comhraic - nach mairfidh ach ar feadh bliana - dúirt Kirkham go raibh toghchán ag teacht agus “b’fhéidir go mbeadh idirbheartaíocht ar siúl le comhaontú úr a thionscnamh agus ba mhaith linn bheith páirteach san idirbheartaíocht sin,” a dúirt sé.

Cén pláinéad a bhfuil sé ina chónaí air? Comhaontú úr? Tionchar ag an UDA air? Ní shílim é.

Má thagann na toghcháin i mí na Bealtaine, beidh sé suimiúil a fheiceáil cad é mar a éireoidh leis an UPRG má chuireann siad iarrthóirí chun tosaigh.

Ach go fóill, beidh náisiúnaithe ar a bhfaichill ar eagla go dtiocfadh buama peitril fríd an fhuinneog s’acu i nduibheagán na hoíche.

Is iriseoir leis an * Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.