AR NA SAOLTA SEO
Smacht Eaglaise nó Smacht Stáit
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá an saol ag athrú agus beidh cúrsaí oideachais ag athrú amach anseo sa taobh ó thuaidh, ach tchítear do Robert McMillen gur go malltriallach a tharlóidh sé sin i dtuaisceart Éireann.

Íomhá
An Chéad Aire Peter Robinson
Íomhá
An Cairdinéal Seán Brady
Íomhá
An Feisire Tionóil Stephen Farry

Deich mbliana ó shin agus mé ag obair do nuachtán in iarthar Bhéal Feirste, hiarradh orm scairt ghutháin a chur ar pholaiteoir Aontachtach ar Bhóthar na Seanchille le ceist a chur air an mbeadh sé sástambogfaí an balla síochána siar mar bhíothas ag iarraidh tuilleadh tithe ‘Caitliceacha’ a thógáil i gceantar Chluain Ard ach nach raibh an spás ann dóibh.
Fuair mé freagar gonta, d’fheadfá a rá.

Dá iontaí é an dul chun cinn atá déanta ó thuaidh, is léir gur sochaí leithscartha a bheas againn go cionn fada go leor eile. Tá an ‘fhorbairt leithleachi réim maidir leis an áit a mbíonn daoine ina gcónaí, ina mbíonn siad ag obair agus ina bhfaigheann siad a gcuid oideachais. Ach i mí Dheireadh Fómhair, bhain an Chéad Aire, Peter Robinson, geit as daoine nuair a mhaígh sé gur comhartha sóirt na cinedheighilte é an córas oideachais ó thuaidh agus go raibh córas ar bith a chruthaigh deighilt idir pháistí, “mímhorálta”.
Dúirt ceannaire an DUP go raibh cúinsí airgeadais taobh thiar dá dhearcadh ach gur thábhachtaí é mar cheist mhoráltachta.

Ráiteas iontach a bhí ann ag teacht ó cheannaire pháirtí a bhfuil an creideamh i measc a chomharthaí sóirt, agus a bhfuil a cheangal leis an Eaglais Shaor-Phreispitéireach - naimhde dochta an éacúiméineachais - ina bhunsraith aige le fada an lá.
Níor ghlac náisiúnaithe/Caitlicigh riamh leis gur gníomh daonchairdiúil, ar ndóigh, a bhí i ráiteas Robinson. A mhalairt, leoga. Chonacthas é mar ionsaí seicteach ar scoileanna Caitliceacha agus cháin comhghleacaí Robinson, an Leas-Chéad Aire, Martin McGuinness, an méid a bhí le rá aige, ag tabhairt rabhaidh dó gan dul i ndeabhaidh leis an Eaglais Chaitliceach ar cheist na scolaíochta. Thug William Oddie, iareagarthóir The Catholic Herald, “a religious scorched earth policy” ar smaoineamh Robinson ach ba shéimhe an Cairdinéal Sean Brady a dúirt gur chuir moladh Robinson díomá air.

Lagú Creidimh

Measaim féin go bhfuil an ceart ag Robinson ach go bhfuil sé róluath a bheith ag caint ar pháistí de gach creideamh - nó gan creideamh – a bheith in aon rang lena cheile.

Is léir go bhfuil tábhacht an chreidimh ag dul i léig - níl le déanamh ach amharc isteach i dteach an phobail maidin Domhnaigh le léargas a fháil go bhfuil an creideamh ag síothlú.

Thit líon na ndaoine a théann ar Aifreann ar bhonn rialta ó 90 faoin chéad sa bhliain 1980 go dtí 62 faoin chéad i 1995 agus shamhlóinn go bhfuil sé níos lú ná sin faoi láthair.
Tá an creideamh anois mar chlár bia à la carte agus ní fheiceann a lán Caitliceach fadhb ar bith a gcuid páistí a chur chuig scoil Stáit agus iad a bheith dílis dá gcreideamh ag an am chéanna.

Ach b’fhéidir go gcuirfeadh an ghéarchéim gheilleagair borradh éigin faoin ghluaiseacht i dtreo an oideachais chomhtháite.

Na Milliúin le Sábháil

Is mó an caiteachas per capita ar an oideachas i dtuaisceart Éireann ná in áit ar bith sa Bhreatain. Anois, is iomaí cúis atá leis seo ach tá an leithleachas ina measc. Measann Páirtí an Alliance gur féidir idir £16m agus £80m a shábháil dá mbeadh comhoibriú idir na scoileanna agus trasna na n-earnálacha éagsúla oideachais. Mhol MLA dá gcuid, Stephen Farry, gur cheart go mbeadh an Roinn Oideachais ag díriú a bhfuinnimh ar scoileanna inmharthana. Tá áiteanna do 50,000 eile i scoileanna i dtuaisceart Éireann agus d’fhéadfadh an líon seo méadú go dtí 80,000 áit. Tá an córas lán mí-éifeachtaí den chineál seo. “Ba cheart an t-oideachas comhtháite a chur chun cinn mar is é is inmharthanaí ar bhonn sóisialta, oideachais agus airgeadais,” arsa an tUasal Farry. I dtuairisc a d’fhoilsigh Deloitte i 2007, dúirt siad gur léirigh an t-iniúchadh a rinne siad ar na staidrimh, go gcaitear £1.5 billiún sa bhreis i dTuaisceart Éireann mar gheall ar an deighilt i soláthar seirbhísí poiblí don dá phobal scartha.

Ar ndóigh, ní cúrsaí airgid atá mar thosaíocht cuid mhór tuismitheoirí agus iad ag beartú an t-oideachas is fearr a sholáthar dá gclann. Ainneoin go bhfuil an Eaglais Chaitliceach in ísle brí - mar thoradh ar na oilbhéimeanna éagsúla san Eaglais Chaitliceach - ach ná déanaimis dearmad go bhfuil na sainchreidimh Phrotastúnacha faoi bhrú ag an saoltachas chomh maith. Bíodh sin mar atá, leanfaidh tuismitheoirí ar aghaidh ag cur a gcuid páistí chuig scoileanna creidimh, scoileanna ina bhfaigheann 95 faoin chéad de pháistí an tuaiscirt a gcuid oideachais. Tá an ceart sin acu. Mar sin, beidh sé tamall fada sula bhfeicfidh Peter Robinson an rud atá a mholadh aige, bíodh sé mar ionsaí ar an earnáil Chaitliceach nó bíodh sé ina fhís de thodhchaí ina mbeidh Caitlicigh agus Protastúnaigh ag foghlaim taobh lena cheile - agus cá bhfios - ina mbeidh foirne contae CLG plódaithe le Protastúnaigh óga nach bhfuair deis na cluichí Gaelacha a imirt sa chóras deighilte oideachais!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.