AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Sléacht i bparthas
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Níl sé soiléir fós cén fáth ar leagadh na buamaí i dteach tábhairne agus i gclub oíche i mBali i lár na míosa seo caite a d’fhág beagnach dhá chéad duine marbh. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

Íomhá
An radharc taobh amuigh den Sari Club tar éis an bhuama
Íomhá
Bróg le duine de na daoine a bhí i láthair nuair a phléasc an buama sa Sari Club
Íomhá
Ainmneacha na ndaoine a maraíodh san ionsaí agus a bhí ar iarraidh á scríobh ar bhalla ospidéil in Denpasar, Bali

Bhí sé ráite gurbh é Bali, oileán san Indinéis taobh thoir de Java, an rud ba ghaire do pharthas ar an saol seo. Ach ar an 12 Deireadh Fómhair rinneadh ionsaí ar dhá chlub oíche ar an oileán a d’fhág 192 duine marbh agus breis is 300 gortaithe.

Leagadh buama beag i dtosach i Paddy’s Irish Pub agus ceann mór millteach i gcarr taobh amuigh den Sari Club, trasna an bhóthair uaidh, a phléasc 10 soicind ina dhiaidh. I measc na marbh bhí 96 duine as an Astráil, 25 as an mBreatain, 20 as an Indinéis agus 51 as tíortha eile.

Fógraíodh lá bróin san Astráil seachtain dár gcionn de bharr an líon Astrálach a maraíodh agus a goineadh. Tugadh na hAstrálaigh a bhí gortaithe go dtí ospidéil ar fud na hAstráile le cóir leighis a chur orthu. Bhí a bhformhór dóite go dona de bharr na tine a bhí sa Sari tar éis do na buamaí pléascadh.go baileach fós cé a leag na buamaí agus cén t-údar a bhí acu leis. Ach tá amhras ag na fórsaí slándála faoin ngrúpa Jemaah Islamiyah (Pobal Ioslamach) a ndeirtear go bhfuil baint acu le al-Qaida. Tá póilíní ón Indinéis, ón Astráil agus ó thíortha eile ag fiosrú an scéil.

Tar éis brú idirnáisiúnta ar an Indinéis, cuireadh reachtaíocht nua i bhfeidhm a thugann cumhachtaí breise don rialtas maidir le daoine a bhfuil sceimhlitheoireacht curtha ina leith. Is féidir iad a choinneáil gan triail anois go ceann bliana. Tá reachtaíocht nua san Astráil freisin de bharr an ionsaithe a chuireann ar chumas an rialtais daoine a chur ar a dtriail san Astráil faoi Astrálaigh a mharú thar lear. Rinneadh réamhdhátú ar an reachtaíocht sin go dtí tús Dheireadh Fómhair sa gcaoi go bhféadfaí é a úsáid sa gcás seo.

Ní léir fós an ar dhaoine as an Astráil nó as an iarthar i gcoitinne a bhí an t-ionsaí dírithe. D’fhéadfadh baint a bheith ag ról na hAstráile sa Timor Thoir leis, nó an tacaíocht a gheall an Astráil do na Stáit Aontaithe in aon chogaíocht in aghaidh na hIaráice. D’fhéadfadh cúis eile a bheith leis freisin. Bhí cosc ar mhuintir Bhali dul isteach sa Sari. Is cosúil nach raibh an t-eolas sin ag daoine a bhíodh ag freastal ar an gclub.

Tá ceisteanna eile le freagairt faoin gcás. Dúirt an Príomh-Aire John Howard i dtosach nach raibh aon rabhadh faighte ag an rialtas faoi bhagairt ar Bhali. Bhí ar Howard é féin a cheartú sa bParlaimint an lá dár gcionn nuair a foilsíodh tuairisc sa Washington Post. Bhí rabhadh tugtha d’fhórsaí míleata na hAstráile faoi Bhali coicís roimh ré. Ní raibh aon rabhadh faoi Bhali ar fáil do phobal na hAstráile. Ba é comhairle an rialtais an lá a rinneadh an marú go raibh seirbhísí do thurasóirí mar ba ghnách i mBali.

Is tubaiste do mhuintir Bhali an sléacht seo. Seachas an marú agus an gortú, braitheann geilleagar an oileáin go mór ar an turasóireacht. Thagadh 30,000 turasóir in aghaidh an lae go Bali. Coicís tar éis an ionsaithe, bhí laghdú 75% ar an uimhir sin agus is léir go mbeidh sé roinnt achair sula mbeidh aon leigheas ar an scéal.

*Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é. *

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.