AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Siopalann Mheiriceá - Aisling an Tomhaltóra!
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Chaith Brian Ó Broin cuid dá shaol ar guairdeall faoi imleacáin siorcanna agus roiceanna nimhe i gcríoch aineoil an miondíola, Mall of America, i Minneapolis-St. Paul.

Íomhá
Istigh sa tsiopalann
le William Wesen ar Vicipéid
Íomhá
An Pháirc
le Screamscape.com ar Vicipéid
Íomhá
Cathaoir Killebrew
le Wahkeenah ar Vicipéid

Má bhí tú ag iarraidh rud a cheannach le déanaí in Éirinn, seans maith gur shiúil tú isteach go lár na cathrach, nó b’fhéidir gur thaistil tú ar an bhus. B’fhéidir gur thiomáin tú, fiú amháin. Tá sé sin ag athrú beagán anois, le teacht na n-ionad siopadóireachta móra, macasamhail Cúirt an Choirnéil i gCabán tSíle, nó Ionad Siopadóireachta Westside i nGaillimh. Ar mhúnla na n-ionad i Meiriceá a tógadh na hionaid seo, ar ndóigh. Siopa mór ilrannach mar ‘ancaire’, nó mar ‘chloch chluanach’, a tharraingíonn na gcustaiméirí isteach, agus clochán beag siopaí lena ais, macasamhail cógaslann, bácús, búistéir, agus a leithéid.

Ar ndóigh, thosaigh an leagan amach seo sách déanach in Éirinn. Go dtí na seachtóidí, ní raibh níos mó ná cúig ionad móra siopadóireachta sa tír ar fad. Tháinig na hionaid i bhfad níos luaithe go Meiriceá, ámh - chomh fada siar leis na fichidí, nuair a tógadh ‘sraithshiopalanna’ chun freastal ar lucht tiomána na tíre, a d’éirigh flúirseach san am sin.

Ach bíonn a cuid míthairbhe ag baint leis an áisiúlacht freisin. Tógadh an chuid is mó de na siopalanna seo ar imill cathracha, áit a raibh talamh, slí tógála agus slí páirceála. Agus níos mó díobh á dtógáil, thosaigh na siopaí ag corraí amach as lár na gcathracha á dtaobhú. Thosaigh, dá dheasca sin, na láir ag ciúnú agus ag bánú. Sar i bhfad, ní raibh fágtha i lár cathrach ach daoine bochta agus sráideanna folmha istoíche. As a leithéid a d’eascair anbhuaine mar chíréibeanna Newark agus Siceágo sna seascaidí.

Mealladh Mheiriceá

Ach ná bímis gruama inniu. Eitlímis trasna mhá láir Mheiriceá, thar Loch Michigan, agus thar stát Wisconsin, agus tuirlingímis i Minneapolis-St. Paul, áit a dtabharfaimid cuairt ar an Mall of America! Is cinnte gur chuala tú faoin Mall of America cheana. Osclaíodh é ar imeall chathair Mhinneapolis i 1992, i bhfobhaile de chois an aerphoirt darb ainm Bloomington, agus nuair a osclaíodh é, maíodh gurbh é an tsiopalann ba mhó ar domhan é. Má ba ea, ní hé feasta. Tagann sé sa tríú áit anois, taobh thiar de cheann in Edmonton, Ceanada, agus de cheann eile i bPennsylvania.

Go pearsanta, níl aon ghrá mór agam do na siopalanna seo, ach tá gá leo in áiteanna le haeráidmhór-roinneach’ cosúil le Minneapolis, inar féidir leis an teocht titim chomh híseal le -30 Celsius sa gheimhreadh agus éirí chomh hard le 40 Celsius sa samhradh. I gceachtar cás, b’fhearr liom a bheith faoi dhíon an tí!

An rud is suntasaí faoin aerphort agus tú ag tuirlingt ann ná go bhfuil na comharthaí go léir as Béarla agus Seapáinis. Chuireas ceist ag an oifig eolais faoi agus dúrthas liom go dtagann an méid sin turasóirí ón tSeapáin ar chuairt go dtí an Mall of America, gur gá comharthaí a bheith san aerfort dóibh! Dar fia, níl ach 30 slat idir an t-aerfort agus an Mall of America, agus téann busanna speisialta idir an t-aerfort, na hóstáin sa cheantar, agus an tsiopalann gach cúig nóiméad. Mar sin, is féidir leat a bheith i d’óstán agus bualadh ar aghaidh go dtí an tsiopalann taobh istigh d’uair an chloig tar éis tuirlingt duit. Agus go deimhin is gnó mór iad na turasóirí. Tagann 40% de chustaiméirí na siopalainne isteach as tíortha eile - 16 mhilliún duine sa bhliain! Samhlaigh iad sin go léir ag tabhairt cuairte ar an Ilac Centre!

Amaidí, Uisceadán agus Miondíoltóirí

c. 400,000 m2 atá sa tsiopalann atá chomh mór sin go bhfuil páirc téama ina lár, áit a mbeadh fuarán agus suíocháin de ghnáth. Seacht n-acra atá sa pháirc, atá téamaithe as an mbealach teilifíse Nickelodeon, agus a bhfuil rollchóstóirí, roth mór, agus gach aon rud eile ann a d’fheicfeá i bpáirceanna siamsaíochta.

Tá uisceadán ann freisin, inár féidir leat siúl 100 méadar trí thollán gloine a théann isteach trí uisce an uisceadáin. Os do chionn siorcanna agus roic nimhe (stingray); timpeall ort turasóirí ag siúl. Bhí sé seo ró-aisteach dom, agus b’éigean dom éalú go tapa!

Tá an tsiopalann chomh mór sin go bhféadfá dearmad a dhéanamh ar chuspóir na háite: miondíol. Tá 520 siopa san áit, agus rachfainn i mbannaí nach mbeadh 520 i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Cibé is mian leat a cheapadh ann, beidh siopa ann duit, ó shiopa choirníní go siopa d’asarlaithe! Tá siopa amháin nach ndíolann ach Lego! Bhí siopa Éireannach, fiú amháin (gan arán sóid, faraor, ach lán le seodra, caipíní speice, agus le pictiúirí sléibhte). Gan trácht ar na cuairteoirí, tá 12,000 fostaithe sa tsiopalann, idir dhíol agus eile, agus níl sos ón gclampar ó oscailt na siopalainne ag a deich ar maidin go ham dúnta ag 9.30i.n.

Ach d’imigh sin agus tháinig seo. Agus mé ag fánaíocht timpeall na háite, thugas faoi deara suíochán greamaithe den bhalla, 10 méadar os cionn an fhlúma sa pháirc siamsaíochta. Ealaíon? Níorbh ea, ach stair. Tógadh an tsiopalann millteanach seo ar staid chluiche corr na Minnesota Twins, agus sa suíochán sin a thit liathróid Harmon Killibrew, imreoir cáiliúil do na Twins, nuair a bhuail sé an Home Run ab fhaide a bhuail sé ariamh. Go deimhin, 160 méadar uaidh, sa pháirc siamsaíochta chéanna, bhí Home Plate na staide san urlár, ónar bhuail Killibrew a bhuille cháiliúil. Tá a stáisiún traenach féin ag an tsiopalann. Gan rud ar bith ceannaithe againn, agus muid traochta, d’imíomar ar thraein go dtí chathair Mhinneapolis. Scéal eile é sin, agus tabharfaidh mé duit é an chéad iarraidh eile.

Agus dea-nuacht do thomhaltóirí Mhinnesota - seans maith go mbainfidh an Mall of America an chéad áit amach arís i gceannasaíocht na siopalainne - táthar ag beartú ‘Mall of America - Céim a Dó.’ Deirtear go dtosóidh an tógáil i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.