AR NA SAOLTA SEO
Síocháin gan Síth
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Chuala Robert McMillen tuairim spéisiúil sular scaoileadh John Downey saor faoi bhuamáil Hyde Park. Drámaíocht a bhí sa chúiseamh d’aon aidhm amháin, dar leis an teoiric sin, le dearcadh an phobail a mhúnlú.

Go gearr i ndiaidh ceist na ndaoine ar a seachnadh pléascadh ar gach meán nuachta i gcéin agus i gcóngar, bhí mé ag caint le hiarchime poblachtach faoin cheist. Bhí barúil aige cad é bhí ag dul ar aghaidh, dar leis. Mhaígh sé go raibh a fhios ag Rialtas na Breataine go dtitfeadh cás John Downey ar cuireadh ina leith go raibh sé freagrach as dúnmharú ceathrar saighdiúirí nuair a bhuamáil an tIRA buíon den Household Guard a bhí ag dul fríd Hyde Park a fhad le malartú an gharda i 1982. 135 bhomaite i ndiaidh ionsaí Hyde Park, phléasc buama eile faoi ardán ceolbhuíne ar a raibh ceoltóirí ó Arm na Breataine ag seinm in Regents Park agus maraíodh seachtar saighdiúirí eile.

B’uafásach na hionsaithe iad. Ní saighdiúirí ar fiannas a bhí iontu ach ceoltóirí agus garda cosanta na banríona ach d’fhan ionsaí Hyde Park sa chuimhne. Ní amháin go bhfuair ceathrar saighdiúirí bás ach maraíodh seacht gcapall ag an am céanna. Tá na grianghraif den sléacht a bhí ar na nuachtáin agus ar an teilifís ar na híomhánna is scáfara dar foilsíodh le linn na dtrioblóidí.

Agus sin an fáth gur roghnaigh na húdaráis cás John Downey le scéal na On the Runs a scaoileadh. Cad chuige? Cionn is go raibh caint ag dul go raibh an baol ann go gcuirfí an dlí ar na saighdiúirí a bhí freagrach as dúnmharaithe Dhomhnach na Fola. Bhí na Sasanaigh ag iarraidh an t-uisce a shalú, dar le mo fhoinse. Má bhí poblachtachaí in ann an dlí a sheachaint, nár chóir go bhfaigheadh Paratrúpaí Dhomhnach na Fola deis an rud céanna a dhéanamh?

An Sprioc: Síth do Shaighdiúirí Shasana

Níorbh fhada go raibh Peter Hain ar an teilifís agus ar an raidió ag rá an rud ceannann céanna. “Má tá réiteach ann maidir le hiar-sceimhlitheoirí a bhí gníomhach, is cóir go mbeadh sé amhlaidh i gcás bhaill fhórsaí slándála na Breataine,” ar sé, ag cur an dá ghrúpa ar comhchéim. Dúirt m’fhear aitheantais gur sin an smaointeoireacht a bhí ag dul ar aghaidh sular gabhadh John Downey ag aerphort Gatwick agus é ar a bhealach chuig laethanta saoire sa Ghréig. Ba é an sprioc a bhí ann ná pardún a fhail do chiontuithe Dhomhnach na Fola. Comhcheilg? Cinnte. An féidir é a chreidiúint? B’fhéidir.

Bhí clár iontach suimiúil ar Radio Free Éireann, inar chuir John McDonagh (JM) agus Sandy Boyer agallamh ar iarstiúrthóir The Belfast Project, Ed Moloney, faoi “Théipeanna Bhostúin.” Mar atá a fhios againn, gabhadh iarcheannaire de chuid an IRA i mBéal Feirste, Ivor Bell, agus dúnmharú Jean McConville, curtha ina leith. Tá sé amuigh ar bannaí faoi láthair, Ach san agallamh a rinneadh le Ed Moloney, deir sé nach bhfuil aon deimhniú ann - ainneoin na dtuairiscí nuachta uilig, gurb é Ivor Bell atá faoi agallamh sa téip atá mar dhúshraith do chás chúirte. Ní ainmnítear an té atá faoi agallamh, ní thugtar ach “Interviewee Z” air, mar sin de, tá na péas sa tóir ar Anthony McIntyre, duine de na daoine a rinne na hagallaimh le fáil amach uaidhsean an é Ivor Bell atá ar an téip.

Cuid Pháidín de na Téipeanna

Cé go measann daoine gur thug Boston College na téipeanna uilig don PSNI, deir Moloney nach bhfuair siad ach agallaimh inar luadh ainm Jean McConville 2 nó 3 faoin chéad den iomlán, dar leis. Agus as an eolas seo atá anois ag an PSNI, an bhfeicfidh muid daoine á gciontú?

Measann Moloney gur beag an seans. An méid atá ar an téip, níor taifeadadh é faoi rabhadh mar is gá má tá ráitis phóilíní le cur os comhair na cúirte; ní ráiteas faoi mhionn (a sworn statement) atá ann ach agallamh a rinne taighdeoir acadúil, ní ceisteoir de chuid an PSNI; agus níl fianaise tacaíochta ann, fianaise fhóiréinseachfianaise balaistíoch.

Agus níl a fhios ag aonduine cé hé an Z seo agus an Ivor Bell atá ann ar chor ar bith. “Dlíodóir ar bith ar labhair mé leo i ndiaidh gabhadh Ivor Bell, ní chreideann aon duine acu gur féidir an duine atá ar an téip a chiontú agus creideann an chuid is mó acu nach mbainfidh sé teach na cúirte féin amach.”

Más amhlaidh atá, buille mór don PSNI a bheidh ann ach níos measa arís, díomá eile atá i ndán do theaghlach Jean McConville ar an drochuair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.