CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Sheeple an Domhain agus Coincheap an Daonlathais

Baineadh bia dár sinsear, cruinníodh i stórais agus seoladh amach as an tír é bíodh go raibh daoine ag ithe a chéile le hocras céad seasca bliain ó shin. Baineadh cnapanna mór airgid dínn le deireanas agus seoladh amach as an tír an chuid is mó de chuig daoine anaithnide. An té nach bhfuil is nach raibh fiacha air, mo dhála féin, fós féin, baintear tuairim is €200 de gach mí thar mar a bhaintí cúpla bliain ó shin. Ba chuma liom, dá seasfadh rialtais leis na daoine, ach tuigeann muintir na Gréige go bhfuil Merkel agus Sarkozy gan tointe agus an córas daonlathais sléachta roimh na fíormháistrí. Is iad drong an airgid mhóir, an CAI, agus an Banc Ceannais Eorpach, na fíormháistrí agus níl sa chóras daonlathais agus sna pobail a thoghann teachtaí chuige i ndáiríre ach na bómáin atá fágtha ar an bhallán chúil.

Is léir do nach do na daoine a oibríonn aon chóras polaitíochta a chuidíonn le hollmharú ar nós 1847-51 ná le hollbhradaíl na linne seo féin nuair a bhaintear na billiúin as an státchiste a chruthaigh oibrithe na tíre lena bhronnadh, lena bhronnadh, lena bhronnadh ar dhaoine is ar chomhlachtaí príobháideacha thar lear agus abhus. Is iomaí alt a scríobhadh ar an drochobair chéanna i dtíortha eile a chomharthaíonn nach é rialtas na tíre a toghadh a rialaíonn an tír, ach gur dream beag bunaíochtagustail a rialaíonn os a gcionn ar chúla téarma. (Féach ailt Bhriain Uí Bhroin agus Robert McMillen san eagrán reatha de Beo!)

Soir uainn, maítear gurb é an KGB, > FSB na linne, a reáchtálann an Rúis agus a mharaíonn iriseoirí beag beann ar aon iniúchadhcáineadh. Ní fios dóibh a leithéid agus is cuma leo cad é a shílfeas an saol mór dá gcineál daonlathais. Babhtálfaidh siad suíocháin a chéile, Putin agus Medvedev, a fhad is a bhíonn an féar ag fás, Uachtarán go Taoiseach agus droim ar ais. Ní ligeann siad orthu féin, ach ar éigean, nach bhfuil aon chóras daonlathach ar bun acu ann.

Dúisímis

D’fhéadfaí a mhaíomh mar chosaint ag an chóras stáit in Éirinn go luíonn freagracht ratha nó teipe ar an phobal, tharla gurb iad a roghnaíonn na teachtaí ar fad. Tá an dá fhreagracht ann, áfach. Freagracht amháin a luíonn ar an Teachta Dála a roghnaíodh, ach freagracht ghairmiúil is ea obair i Roinn Airgeadais agus a bheith saibhsiúil agus léirsteanach agus a bheith in ann a rá cad le déanamh roimh ré agus in am.

Is cosúil, de réir na tuairisce, go raibh oifigeach léirsteanach i Roinn an Airgeadais a mhaígh go raibh géarchéim ag drannadh linn, gur scríobh sé faoi, ach nár tugadh aon aird ar a fholáireamh. Nuair nár glacadh lena chomhairle, luíonn an fhreagracht os a chionn sa Roinn féin agus i Rialtas an ama.

Mura ndúisíonn gach earnáil iad féin agus teagasc de chineál éicint a chur orthu féin, na meáin san áireamh, i dtaca leis an gheilleagar, ní hé amháin go dtarlóidh sé arís, ach tarlóidh níos measa fós. Ní fios cén t-achar a raibh siopa búistéara i Moscó ag díol feoil an duine in ispíní sular tháinig amhras ar lucht údaráis faoin áit agus gabhadh daoine mar gheall air.

Is cuimhin le cuid againn bás inseachanta Rachel Peavoy, suaimhneas síoraí uirthi. Nár thábhachtaí go bhfiosróimis scéal an airgeadais náisiúnta agus ilnáisiúnta ná vóta amháin a chaitheamh uair amháin gach ceathrú bliain? Mura gcuirimid oiliúint orainn féin, fanfaimid dall ar a bhfuil romhainn agus roimh gach éinne inár dtimpeall.

  • (i) Céad chéim na foghlama is ea tabhairt faoi deara a dhaille a bhí cách nach mór ar a raibh le titim amach dhá, trí agus ceithre bliana ó shin.

  • (ii) An dara céim ar dhréimire na foghlama is ea éisteacht leis na tráchtairí céanna anois agus sinn sleamhnaithe leath bealaigh anuas in umar na haimiléise. Is léir nach bhfuil a dhath foghlamtha acu ó shin! Cé nach bhfuil ionam ach amadán is nach mbím ag sceilpeadh ar na margaí ó lá go ló - .i. skelping: díol is ceannach sciobtha, leath uaire an chloig nó mar sin - dá mbeinn, bheadh pingin bhreá saothraithe agam le scathamh anuas agus bheadh tráchtairí airgeadais sna meáin in Éirinn ag cailleadh go dona dá rachadh siad féin ag díol is ag ceannach sna margaí. Níl fanta go feidhmiúil is go rafar sa cheird anois ach an mionlach. An chuid eile atá fanta ann, beidh rath ar shé as a deich gcinn de bhearta gnó a dhéanfaidh siad sa ló. An mionlach atá ag cruthú go maith i dtólamh, tuigeann siad an droch-chaoi atá fágtha ag lucht an fhíor-rachmais ar an domhan agus tuigid siad gur go tóin an umair a rachas gach geilleagar mura dtaga teicneolaíocht úrnua ar an saol a chuirfeas borradh céadtach faoin saol.

  • (iii) Tríú céim na foghlama is ea gáire a dhéanamh nuair a deir lucht bainc, airí airgeadais, baill rialtais, agus bíodh sé le rá, ball de mhóramh an chine daonna go bhfuil an ‘cúlú thart is go bhfuil ‘na margaí socair arís’.

Níl sna trí chéim sin ach an buntús.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.