AGALLAMH BEO
Seosamh Ó Cuaig, An Glór Neamhspleách II Cuid
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Is é seo an dara leath den Agallamh leis an gComhairleoir Contae agus an ball tofa d’Údarás na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig. Nochtann sé a thuairim ar Shinn Féin, an ionadaíocht neamhspleách, an NUJ agus ar an bPlean 20 Bliain Don Ghaeilge.

Íomhá
Seosamh Ó Cuaig
Íomhá
Bailithe le síogaí
Íomhá
Saibhreas iascaigh bailithe
Íomhá
An cur is cúiteamh
Íomhá
Fear Shinn Féin i nGaillimh Thiar, An Seanadóir Treabhar Ó Clochartaigh
Íomhá
TD Fhianna Fáil agus iar-Aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív
Íomhá
Catherine Connolly, Neamhspleách Chathair na Gaillimhe
Íomhá
Colm Ó Gaora (Séamas Ó Dúgáin a dhear, An Gúm 1969
Séamas Ó Dúgáin a dhear, An Gúm 1969

SMM: Céad bliain i ndiaidh an Phiarsaigh agus i ndiaidh fear do mhuintire, Colm Ó Gaora, táimid ag teannadh le comóradh 1916 agus .....

SÓC: ... Níl mórán le ceiliúradh againn. Níl. Fiú amháin, Sinn Féin. Dáiríre, le bheith macánta faoi go náisiúnta, is iad an t-aon dream amháin a mbeadh beagáinín dóchais agat astub. Sílim go bhfuil siad ag cúlú agus éirí níos cosúla le Fianna Fáil. Sílim go mbeidh siad éifeachtach agus go mbeidh siad sa rialtas amach anseo ach céard a bheas dá bharr aghainn? Céard a bheas iontub? Bhí mé ag caint an lá faoi dheireadh le fear a bhfuil post ard aige – níor mhaith liom a ainm a thabhairt amach – fear as Fine Gael. Dúirt sé liom go n-imeodh an teorainn de réir a chéile. Rud a chuir iontas orm leis an gcaint seo; dúirt sé go mbeidh SF sa rialtas ‘by and by’ mar a dúirt sé féin, agus go gcuideodh sé sin freisin. Seo fear a bhfuil job ard aige sa rialtas. Ní thabharfaidh mé a ainm mar b’fhéidir nach raibh sé sin i gceist, agus caithfimid a bheith féaráilte, fiú amháin le daoine as Fine Gael! (Ag gáire)

Sílim go mbeidh; go bhfuil siad smartáilte mar a deirtear i gConamara. Sílim go bhfuil siad glic, go bhfuil siad ag oibriú an chórais, go mbeidh siad istigh. An mbeidh siad fiú amháin chomh maith le Fianna Fáil sna tríochaidí? Níl a fhios a’m. Tá faitíos orm. Céard a dhéanfas muid ansin? (Gáire)

Leagan den Eoraip

SMM: Bhí tú féin agus Catherine Connolly ag tabhairt taca dá chéile le tamall anuas. An bhfuil aon dream polaitíochta in Éirinn a mbeifeá sásta a thaobhú mar bhall cláraithe?

SÓC: Ní dóigh liom é. Agus ní shin le rá go gceapaim nach rud maith páirtí. Tá teorainn leis an méid is féidir le neamhspleách a dhéanamh. Is cineál fealsúnachta a bhí mise ag cur chun tosaigh i gConamara. Cineál resistance pobail. Baineann sé le pobal na tuaithe go ginearálta san iarthar. Tá sé níos leithne dar liom, ná ceist na Gaeltachta, cé gur cuid mhór é sin. An resistance don lárnachas seo, don Eoraip mar atá sí á leagan amach anois, níl a fhios a’m an bhfuil aon pháirtí ná aon dream á dhéanamh sin. (Gáire) Níl a fhios a’m an bhfuil! Bhí mé ag caint le Tom Barrington uair amháin, fear a scríobh go leor faoi chúrsaí rialtais áitiúil. Bhí go leor dá shaol caite aige ag troid ar son an ruda a bhfuil mé ag caint air anois. Tháinig tuairisc rialtais amach agus chuir mé ceist air an t-am sin, an raibh aon rud a dhul a tharlú anois? “No” a dúirt sé, ach cheap mé go mba bhrónach an rud é, go raibh a shaol caite aige leis. Sílim gur fealsúnacht tábhachtach é. Agus tá an sóisialachas ann. Ní dheachaigh muid isteach ansin. An pobal agus an lárnachas seo ag brú anuas orainn. Níl mé ag rá go bhfuil na freagraí a’m ach ar a laghad ba cheart dúinn a bheith ag triail freagraí a fháil.

Alt 31 agus na Smartalecks

SMM: Tusa amháin a tháinig chun tosaigh in aghaidh Alt 31 den Acht Craolacháin, riamh go bhfios dom. Cén fáth nár chuir éinne eile ina éadan nó ar rud suntasach é gur ghlac sé fear Gaeltachta lena dhéanamh?

SÓC: Ba cheart staidéar a dhéanamh ar an scéal sin mar tá sé suimiúil. An fear a bhí againn san NUJ, Jim Eadie, ba as Ros Comáin é. Fear tíre a bhí ann féin, fear tuaithe. Is dóigh go raibh go leor acub in RTÉ nach raibh luí mór acub leis agus déarfainn gur lú an luí a bhí aigesean le cuid mhaith acub mar, fear tuaithe a bhí ann agus ní raibh sé suas is anuas leis na smartalecks seo a bhíonns in áiteacha áirithe. Sin taobh amháin de.

Cén iarracht a rinne sé daoine a fháil in RTÉ, níl a fhios a’m? Tá a fhios agam go raibh gluaiseacht ar bun ag Eoghan Harris agus ag daoine eile istigh ag cur faitís ar dhaoine ansin ag an am. Agus bhí sé sin ann.

Tá a fhios a’m freisin go dtáinig Betty Purcell chun cinn as an gceardchumann eile ina dhiaidh sin- bhí sí ina léiritheoir. Tá a fhios a’m go dtáinig na daoine in RTÉ isteach ar an rud chomh luath is a bhí sé – an chuid is mó acub, cé is moite de Charlie Bird a bhíonns ag déanamh gaisce anois ach a d’éirigh as an gceardchumann mar gheall go raibh muid ag dhul á dhéanamh. Ach tháinig na daoine eile, agus is fiú breathnú ar an liosta sin uair éicint. B’fhiú an stair seo a inseacht. Agus is fiú a fháil amach, ab é an chaoi nach ndearnadh aon iarracht mhór in RTÉ ag an am duine a fháil agus go dtáinig siad anuas ag an West of Ireland Branch agus cuireadh ceist ormsa agus dúirt mise go mba mhór an onóir dom é a dhéanamh, an dtuigeann tú.

Dealbh ag Corraí

Anois, bhí rud amháin a chuir fearg orm ina dhiaidh sin. Bhí Mary Harney – ní hí an r.....ch, ní hí – an Mary eile, bhí sí istigh, Mary Robinson, bhí sí páirteach sa rud, ag cuidiú - agus nuair a thosaigh an rud, is mise a thosaigh é. Agus cuireadh i láthair i mB’le Átha Cliath mé. Tugadh go Glaschú mé le haghaidh a phlé ag an NUJ Conference is chuile rud. Tháinig Betty Purcell isteach air. Ó Cuaig versus Ireland a bhí ar dtús ann. Ba bhreá liom é sin. Agus nuair a tháinig sé go dtí an pointe thall, is éard a bhí ann, Purcell versus Ireland! Cé d’athraigh sin is cén fáth? Tá scéal ansin ar cheart a inseacht, an dtuigeann tú.

Tugadh anonn mise go Glaschú – scéal suimiúil é seo – bhí fear ceaptha an rud a chur i láthair i nGàidhlig; tús an ruda. Níor tháinig an fear agus cuireadh suas mise agus labhair mé i nGaeilge. Bhí fear as Éirinn ann ina dhiaidh sa bpub is dúirt sé liom "I don’t speak much Scottish Gaelic but I could understand a bith of what your man said." “That was me” a deirimse.

Bhí Nell Mac Cafferty ann. "Why aren’t you up there speaking? You’re going around there like a fucking moving statue all week" a deir sí. “Well nobody asked me” a deirimse. Chuaigh sí suas agus dúirt sí “an fear seo ag tabhairt cás - cén fáth nach bhfuil sé thuas ar an ardán sin?” Tugadh suas ansin mé. Bhí an rud seo uilig ag tarlú, Ó Cuaig versus Ireland, d’athraigh sé. Bean mhaith í Betty Purcell, dála an scéil. Purcell versus Ireland nuair a chuaigh muid anonn ann. Agus an cheist sin, cén fáth gur as iarthar na hÉireann a tháinig sé, tá scéal ansin in áit éicint.

An Páipéarbhánachas

SMM: Cén léamh a bhí agat ar obair an Dingle – Daingean?

SÓC: (Osna) Níl a fhios a’m. B’fhearr liomsa an t-ainm Gaeilge a bheith air, níl aon dabht faoi sin.

SMM: Nach aisteach gur tharla sé?

SÓC: Bhí, .. ach an pobal áitiúil, an dtuigeann tú. Tá go leor rudaí mar sin sa nGaeltacht agus bhí riamh, nuair a bhí Gaeltacht ann agus Gaeltacht mhór. Céard a bhíonns muintir na háite ag iarraidh, ní hiondúil gurb é an rud a bhíonns mise ag iarraidh fiú amháin th’éis go bhfuil mé i mo chónaí ina lár. Is é an trua nach bhféadfaí é a fhágáil i nGaeilge. Arís ar ais, is cuid den intinn seo atá aghainn. Téann muid ar fud áiteacha ar nós Poblacht na Seice nó an tSlóvaic agus ó bhaile go baile agus ainmneacha aisteacha orthub agus léarscáil aghainn ag iarraidh fáil amach cá bhfuil na háiteachaí seo. An bhfuil a fhios a’t arís, tá rud éicint san intinn ansin, nach bhfuil?

SMM: An bhfuil sé rómhall cheana féin le drochscéala an Staidéir Chuimsithigh Teangeolaíochta a leigheas?

SÓC: Maidir leis an Staidéar Fiche Bliain nó an Straitéis Fiche Bliain, ní raibh aon dóchas a’m ón tús as. Cheap mé gur coinín é a bhí curtha as tom aitinn ag Éamon Ó Cuív le aird a tharraingt ó rudaí eile a bhí le déanamh. Anois, nuair a léigh mé an rud – is léigh mé é! - fuair mé amach go raibh go leor daoine á mholadh, cuid acub a mholfadh rud ar bith a déarfadh Ó Cuív, agus an chuid is mó acub, ní raibh sé léite ar chor ar bith acub ach a rá go raibh plean ann, is dá gcuirfeá ceist orthub sompla a thabhairt dom de thrí rud a bhí le déanamh taobh istigh de dhá bhliain, ní bheidís in ann a thabhairt duit mar ní raibh sé léite acub.

Anois, seo’d í an cheist a bhí le cur. Tabhair sompla dom de dhá rud tábhachtacha atá le déanamh taobh istigh de dhá bhliain. Ní raibh tada ann. Mar ní raibh aon airgead curtha de leataobh. Ní raibh, agus ní raibh ann uiliug ach cur i gcéill agus beidh sé níos measa anois. Is iontach mar a éiríonn leis an gcur i gcéill muid a frust’ú.

Ó aimsir Mháirtín Uí Chadhain, an Páipéar Bán, agus na rudaí seo uiliug a tháinig, an bhfuil a fhios agat. Caith amach páipéar - ní bheidh sé léite ach ag fíorbheagán - ó tá plean anois ann! Ansin nuair a chuirtear ceist, an bhfuil tú ar son an phlean? – ó tuige nach mbeinn! Is iontach an rud go bhfuil sé ann agus bleah, bleah, bleah.

I mBeagán Focal

Tá ceist na Gaeilge an-simple go deo. Tá sé oibrithe amach a’m síos go dtí an rud is simplí a bhfaca tú ariamh. Níl ach dhá bhealach go bhféadfadh an Ghaeilge maireachtáil.

i) Go labhródh an fíorbheagán tuismitheoirí a bhfuil sí acub anois í leis an gcéad ghlúin eile. Sin rud beag, mar níl mórán acub ann.

ii) An dara rud, go mbeadh córas breá oideachais múinteoireachta ann a mhúinfeadh í do dhaoine nua.

Níl ann ach an dá rud. Glacaim leis go mbeadh sé deacair rud éicint a shocrú a chiallódh go labhródh muintir na Gaeltachta leis an gclann í. Tá sé an-deacair plean a leagan síos. Ach d’fhéadfá plean oideachais a leagan síos. D’fhéadfá a dhéanamh cinnte go mbeadh Gaeilge ag múinteoirí Gaeilge agus níl ag go leor acub - an chuid is mó acub! Dá mbeadh rud éicint sa bplean le haghaidh a thabhairt air, ach níl.

SMM: Céard is mó a spreag thú is a thug treoir duit anuas trí na blianta?

SÓC: Ag éisteacht le mo mháthair ag cur síos ar Cholm Ó Gaora. Níl aon dabht faoi sin. Bhí sé amuigh i 1916, bhí sé amuigh i 1921 ach fuair mé amach go raibh sé amuigh ina dhiaidh sin arís sna coistí a bhí ag slánú na Gaeltachta agus an chraic sin uiliug. Fiú amháin go raibh sé ag eagrú do Chlann na Poblachta, 1948. An cheist a chuir mé ar mo mháthair. D’inis sise dhúinn faoi na Tans ag raideáil an tí agus Colm ag teacht anall as an bpríosún i Londain agus an rud sin uiliug. Chuir mé an cheist uirthi, cén chaoi a raibh sibh ag vótáil i Ros Muc? “Do DeValera mara mbeadh rud éicint níos fearr ag imeacht” a dúirt sí. An raibh ao’ nduine as Clann na Poblachta ag imeacht, an raibh ao’ nduine as Sinn Féin ag imeacht, an raibh ao’ nduine eile a bhí ruainne beag amuigh ar an imeall ag imeacht? Bhí mé á phlé le Proinsias Mac Aonghusa. “Bhí cuid mhaith daoine mar sin” a dúirt sé. Sin é an tionchar is mó a bhí ormsa.

Thosaigh mé ag léamh ansin faoi Mao Tse Tung agus bhí an-mheas a’m ar Fidel Castro. Chuaigh mé ar feadh coicíse ag breathnú ar an tír sin, cúig bliana fichead ó shin anois, b’fhéidir.

SMM: Go raibh míle míle maith agat a Sheosaimh.

SÓC: Tá an iomarca cainte déanta. (Ag gáire)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.