THALL IS ABHUS
Seo Chugainn an Rothair
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Leagadh PJ Mac Gabhann rothar blianta ó shin ach maireann an seanghrá rothaíochta ann d’ainneoin na timpiste. ag brath rothar nua a cheannach féin. Beidh chuile chathair ag éirí níos báúla feasta lena lucht rothaíochta, cathracha na hÉireann mar a chéile.

Íomhá
Eco-cab gona thiománaí, lár Átha Cliath
Íomhá
An t-údar réitithe chun bóthair
Íomhá
Pádraic Ó Conaire
Íomhá
Stad do Dublinbikes
Íomhá
Sár-rothar galánta

Chaith cuid den samhradh in Éirinn. Ceithre seachtaine ar fad - cúpla i mBaile Átha Cliath, deireadh seachtaine eile ar cuairt chuig iníon dearthár liom atá ina cónaí taobh amuigh de Ghort Inse Guaire.

(http://en.wikipedia.org/wiki/Gort http://ga.wikipedia.org/wiki/GortInseGuaire) Judith pósta agus triúr clainne uirthi. Ba dheis dom é roinnt ama a chaitheamh léi agus aithne níos fearr a chur ar a fear céile, Liam, agus ar a gcuid páistí, Éanna, Emer agus Córa. Agus bhí ag múineadh ar chúrsa Gaeltachta i nGaeltacht Chonamara an chuid eile den am.

Thug rothar liom go Ros a’ Mhíl, rothar a thug mo mhac is sine ar iasacht dom. Rothar sléibhe. Bhí ar intinn agam roinnt rothaíochta a dhéanamh agus thiar. “Tabhair aire duit féin ar an rothar sin”, a d’fhógair orm agus an clogad á shíneadh i mo leith aige. Níor ghá a thuilleadh a . Bhí a fhios agam go maith céard a bhí i gceist aige.

Blianta roimhe sin sula raibh aon chaint ar chlogaid rothaíochta ar aon ionar lonrach flannbhuí agus buí a chaitheann go leor rothaithe anois, bhí drochthimpiste rothair agam. Is cuimhin liom go maith é. Tráthnóna Sathairn a bhí ann agus bhí cluiche mór éigin ar siúl sa seanstaid ar Bhóthar Lansdúin. Cluiche rugbaí gan amhras, Éire in aghaidh na hAstráile na Breataine Bige b’fhéidir. Ach chuige sin atá anseo!

Contúirt na Cathrach

Bhí ar mo bhealach abhaile as lár na cathrach an tráthnóna céanna, ag teacht trí Dhroichead na Dothra, daoine i ngach áit go raibh an cluiche fós ar siúl. Bhí gártha an lucht tacaíochta le cloisteáil ó Bhóthar Lansdúin a thug le fios dom go raibh an cluiche ag teacht chuig buaicphointe. Bhí deifir orm a bheith imithe as an áit sula dtosódh na mílte daoine ag plodú amach ar na sráideanna. An ghaoth taobh thiar díom, bhí faoi lán seoil nuair a stop an carr a bhí chun tosaigh orm go tobann. raibh seans agam na coscáin a tharraingt. Isteach liom ina chúl.

Dhúisigh agus slua timpeall orm. Is cuimhin liom bus ag dul thart agus na paisinéirí a bhí in airde staighre ag breathnú faoi uafás anuas orm. Chuala otharcharr i bhfad uaim ag déanamh bealaigh chugam. Bhí blas fola i mo bhéal agus ceann de na fiacla tosaigh in easnamh. Ar éigean a bhí ábalta mo shúil dheis a oscailt. Bhí an áit ina stad. Faoin am gur shroich an t-otharcharr láthair na timpiste, bhí in ann suí. Cuireadh féin agus an rothar san otharcharr agus tugadh chuig an otharlann muid.

Bhisigh ach ba léir go raibh a rás rite ag an rothar. Bhí an cnámharlach lúbtha agus níorbh fhiú an iarracht é a dheisiú, ach ba dheacair dom fáil réidh leis an rothar sin. Nárbh é an samhradh díreach roimhe sin a thug faoi thuras ó Thrá siar go dtí an Daingean agus siar arís go Dún Chaoin ar an rothar céanna. Aniar thar an Chonair agus ar ais go Trá , Lios Tuathail agus Tairbeart.

Trasna na Sionainne ar an mbád fartha go Cill Rois i gContae an Chláir. Ó thuaidh go Sráid na Cathrach, Lios Dúin Bhearna agus Cora Finne. Ar aghaidh liom go Gort in oirdheisceart Chontae na Gaillimhe, Baile Locha Riach, Port Omna agus Béal Átha na Sluaighe. Bhain ceann scribe amach ar deireadh, Baile Átha Luain, i gcroílár na hÉireann, áit a bhfuair féin agus an rothar an traein ar ais go Baile Átha Cliath.

Dearcadh Marc Augé

cuimhní iontacha agam ar an turas sin, ar na daoine ar bhuail leo agus ar áilleacht an taobh tíre. bhí a asal beag dubh ag Pádraic Ó Conaire ( Mac Conraoi), b’fhearr i bhfad rothar s’agamsa aon asal. Ach ón uair a bhí an timpiste agam, raibh rothar de mo chuid féin agam. Faitíos, b’fhéidir? Leisce orm dul i gcoimhlint le carranna agus busanna? díreach róleisciúil? fheadar. scéal é, feictear dom go bhfuil an rothair i ndán dúinn. Scríobh an socheolaí, Marc Augé, ina leabharÉloge de la bicyclette gurbh é an rothar slánú an duine san aois úr seo. (http://en.wikipedia.org/wiki/Marc_Aug%C3%A9) Is ceart, dar leis, cosc iomlán a chur ar fheithiclí príobháideacha taobh istigh de limistéir na cathrach. Caithfear sráideanna na cathrach a thabhairt ar ais do na daoine.

an tuairim aige gur córas iompair phoiblí feidhmiúil a chur ar bun agus bonneagar úrnua a thógáil an pobal le dul i ngleic leis an nganntanas breosla feasta. haon réiteach é an carr ar an gcruachás atá romhainn. Cruthaíonn an carr, an bealach ina n-úsáidtear é, an t-uafás fadhbanna - truailliú aeir, brú tráchta agus slad ar na bóithre - agus is é an rothar, dar le Augé, an tuar dóchais is substaintiúla bhfuil againn.

dhá bhliain ann ó cuireadh an córas rotharsaor in aisce Vélib ar bun i bPáras agus is léir go bhfuil muintir na hardchathrach agus turasóirí araon an-tógtha leis mar smaoineamh. a mhacasamhail i gcathracha eile na Fraince, ar nós Lyon agus Toulouse, agus ag éirí thar cinn leis sna háiteanna sin chomh maith. (http://www.levelo-mpm.fr/)

Beidh leagan Bhaile Átha Cliath de Vélib á sheoladh ag deireadh na míosa seo agus cuid mhaith den ullmhúchán a bheas riachtanach, idir lánaí rothair agus stáisiúin pháirceála, tógtha cheana féin. Beidh roinnt daoine ag casaoid, cinnte, ag nach leor an 450 rothar atá beartaithe do Bhaile Átha Cliath le hais an 20,000 Vélib atá ar shráideanna Pháras. Ach is tús atá ann. Dála an scéil, tháinig féin agus an rothar slán abhaile ó Ros a’ Mhíl. ag ceapadh go bhfuil thar am agam mo rothar féin a cheannach!

Tuilleadh eolais faoin chóras nua rothairsaor in aisce’ i mBaile Átha Cliath: http://www.dublinbikes.ie/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.