AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Seilg nó Caomhnú an Mhíl Mhóir
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Is minic an Teiscinn Chiúin gan a bheith ciúin nuair a bhíonn an míol mór le cosaint ó shaint an duine. D’amharc Bearnaí Ó Doibhlin isteach sa scéal corraitheach seo.

Íomhá
Agóid, ar bhratach na Seapáine
(le Ban Whaling, Takver ar Vicipéid)
Íomhá
Feoil an mhíl mhóir ar díol i dTóiceo
(Stefan Powell, Save on Whale, Vicipéid)
Íomhá
'Taighde' na Seapáine
(le Seirbhís Cosanta Teorann & Custaim na hAstráile ar Vicipéid)
Íomhá
Ó thús na státchairde
(Swift, Grolltech, iwcoffice.org ar Vicipéid)

Maíonn Tony Abbott, Príomh-Aire na hAstráile, go bhfuil an tSeapáin “ar an gcara is fearr” atá ag an Astráil san Áis. Tá caidreamh cairdiúil taidhleoireachta idir an dá thír le blianta anuas. Tá an tSeapáin ar an dara comhpháirtí trádála is mó againn agus ba bhreá le Abbott comhaontú saorthrádála a chur i bhfeidhm idir an dá thír. In ainneoin an chaidrimh mhaith, áfach, tá an dá thír in adharca a chéile le beagnach tríocha bliain anuas i dtaca le seilg an mhíl mhóir sa Teiscinn Theas. Tá an chaingean os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta sa Háig, san Ísiltír, faoi láthair.

Bíodh is go bhfuil rialtas na hAstráile in éadan sheilg an mhíl mhóir, ba thionscal an-tábhachtach é a sheilg tráchtála tráth dá raibh. Mhair an tionscal go dtí an bhliain 1978 nuair a dúnadh an stáisiún míolta móra deireanach abhus de bharr go raibh imní ann faoi mharthanacht chineálacha éagsúla an ainmhí mhara. Tá dúnghaois frith-sheilg an mhíl mhóir ag an rialtas náisiúnta ó shin i leith agus léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil formhór mór mhuintir na tíre fíorláidir in éadan na seilge.

Bhí sé follasach don domhan mór in ochtóidí an chéid seo caite go raibh na hainmhithe mara thuasluaite i mbaol a n-éaga agus chuir Coimisiún Idirnáisiúnta an Mhíl Mhóir státchairde uilechoiteann ar a seilg sa bhliain 1986. Thug alt amháin den státchairde cead do bhaill an Choimisiúin míolta móra a mharú ar bhonn neamhthráchtála, áfach, i gcomhair taighde eolaíoch.

Eolaíocht Mar Dhea

Chuir rialtas na Seapáine tús le clár eolaíoch ar an míol mór an bhliain dár gcionn. Mhaígh urlabhraí thar ceann an rialtais go raibh sé riachtanach na hainmhithe a mharú mar chuid den chlár le heolas cruinn a fháil ar a n-aiste bia, ar a bpórú agus ar a n-ionchas saoil. Rith sé liom ag an am go raibh acmhainn dhorcha grinn ag an urlabhraí nuair a mhaígh sé go raibh orthu ainmhithe a mharú le heolas faoina n-ionchas saoil a bhailiú! Chothaigh an clár conspóid ón gcéad lá riamh, leis na stiallairí den tuairim go raibh bob á bhualadh ar an gCoimisiún ionas go mbeadh feoil an mhíl mhóir ar fáil i mbialanna agus in ollmhargaí sa tSeapáin, tír ina bhfuil an fheoil ina bia sóchais. Níor foilsíodh torthaí an chláir eolaíoch seo réamhráite agus measann saineolaithe go leor gur féidir an t-eolas thuas a fháil gan an t-ainmhí mara a mharú.

Gníomhartha Laochra an Imshaoil

Ní mó ná sásta a bhí na rialtais abhus le cur chuige na Seapáine, go háirithe nuair a bhí an tseilg bhliantúil ar siúl sa Teiscinn Theas, limistéar ina bhfuil suim faoi leith ag an Astráil. Rinne na rialtais éagsúla náisiúnta gearráin oifigiúla trí mheáin taidhleoireachta, ach ba dhóigh liom nach raibh i gceist leis an bhfreagairt seo ach an gotha, an rialtas ag cur na gcaorach thar an abhainn. Tháinig athrú ar dhearcadh rialtas na hAstráile, ámh, go luath sa chéad seo nuair a chuir an Sea Shepherd Conservation Society tús le feachtas in éadan na seilge bliantúla. Baineann an cumann seo feidhm as modh na gníomhaíochta, ag déanamh iarrachta a chur isteach ar an tseilg féin agus d’éirigh leis líon na míolta móra a mharaigh na longa Seapánacha a laghdú. Thug rialtas na Seapáine éicsceimhlitheoirí ar bhaill an chumainn, ach mheas muintir na gluaiseachta glaise go raibh siad ina n-éicealaochra.

Tharraing feachtas an chumainn aird na meán ar an tseilg agus mhothaigh rialtas na hAstráile faoi bhrú dul i muinín gníomh éigin ní ba láidre in éadan na seilge. Chuir siad tús leis an gcás cúirte sa Háig ceithre bliana ó shin, dá bharr. Dá n-éireodh leis an gcás in éadan na seilge ní bheadh aon ghéarchéim sa chaidreamh taidhleoireachta idir na tíortha, áfach, mar nach mbeadh i gceist ach rith searraigh. Ba léir a patuaire is a bhí Abbott i dtaca leis an tseilg nuair a bhí cruinniú aige le Shinzo Abe, Príomh-Aire na Seapáine, ag Fóram Eacnamaíoch an Domhain in Davos, na hEilvéise, le déanaí. Níor luaigh Abbott an cás cúirte ná seilg an mhíl mhóir le linn an chruinnithe, ach chíoradh an comhaontú saorthrádála ar feadh i bhfad. Is léir go bhfuil cúrsaí trádála lena “chara is fearr” san Áis níos tábhachtaí don Phríomh-Aire ná caomhnú na míolta móra.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.