AR NA SAOLTA SEO
Seicteachas agus ciníochas fós beo i Learpholl
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

In ainneoin gur cathair ilchultúrtha é Learpholl, go leor ciníochais i gceist ansin. D’fhreastail Tony Birtill ar chomhdháil speisialta le gairid inar pléadh an fhadhb áirithe seo.

Íomhá
Rinne drong ionsaí ar mhionbhus lán buachaillí Éireannacha i Learpholl le gairid

Ar an 18 Aibreán 2008 in Walton Hall Park, Learpholl, rinne drong bastún ionsaí fíochmhar ar mhionbhus a bhí lán buachaillí ó Bhaile Átha Cliath. Bhí na buachaillíaon duine dhéag acu a bhí idir trí bliana déag agus seacht mbliana déag d’aoistar éis cluiche sacair a imirt in aghaidh foirne áitiúla. Chaith an drong cannaí beorach agus clocha ar an bhus. Dar leis an tiománaí bus, Sinéad Griffin, bhí 30 déagóir sa drong. D’oscail siad doras an bhus, ghoid siad róbaí an tsagairt a bhí in éineacht leis na buachaillí, an tAthair Terry Murray, agus rinne siad iad a stolladh as a chéile. Shíl Sinéad go raibh a mbeatha i mbaol.

Eagraíonn Terry Murray, ar sagart Oblátach é, turas mar seo gach bliain agus raibh trioblóid ar bith aige riamh. Rugadh agus tógadh é féin i Learpholl agus ceangal láidir aige le paróiste St Teresa’s sa chathair go fóill mar is paróiste Oblátach é sin fosta agus a mháthair ina chónaí sa cheantar. Fanann na buachaillí ó Bhaile Átha Cliath le muintir na háite ansin.

Labhair leis an sagart paróiste, an tAthair Dennis Conor, faoin éigneach. raibh a fhios aige cén fáth ar ionsaigh an drong na daoine a bhí ar an bhus: "There is an Irish registration on the bus, maybe they saw that," a dúirt liom.

Níl duine ar bith gafa ag Merseyside Police faoin am seodeireadh mhí na Bealtaineagus an t-alt seo á scríobh agam. Dúirt urlabhraí liom ag an am a tharla : "Investigations are continuing and high visibility policing has been stepped up in the area. It is not being treated as a racially motivated incident."

FuathchoireannaTá leathanach iomlán mar gheall ar chiapadh ciníoch ar shuíomh gréasáin an fhórsa (www.merseyside.police.uk) ar a mínítear: "Racial harassment means that someone is bothering you, threatening you or treating you unfairly because of your race, ethnicity, colour, religion or nationality." *Tugtar samplaí den chineál coire a d’fhéadfadh a bheith i gceist: "stones thrown at your door or windows, damage to your or your visitor’s car, physical attack, theft, name calling or any verbal abuse*."

Maítear ansin go neamhbhalbh: "Racial harassment is a hate crime" agus ráite ar an suíomh go bhfuil foireann ar leith, ar a dtugtar Sigma, curtha ar bun le fuathchoireanna a fhiosrú agus go bhfuil oifigeach speisialta i ngach ceantar le dul i ngleic leo.

Nuair a chuir scairt ar Sigma, raibh aon eolas acu faoin chás seo. Ach scairt an sáirsint Rob Venables ar ais orm tar éis cúpla uair agus dúirt liom: "It was a very unpleasant looking incident. Detective Sergeant Rhodes, head of North Liverpool Sigma is now looking into it."

Seachtain tar éis an ionsaí, d’fhreastail ar chomhdháil dar teideal "Sectarian and Ethnic Divisions in Liverpoola bhí ar siúl in Ollscoil Learphoill. Bhí ansin mar ionad ón chlub Éireannach i Learpholl, áit a mbím ag múineadh Gaeilge gach seachtain. Beagnach gach oíche, faigheann lucht an chlub scairteanna gutháin a bhíonn maslach, ciníoch agus seicteach agus d’iarr siad orm dul chuig an chomhdháil tar éis dóibh cuireadh a fháil ón ollscoil.

An tOllamh Jonathan Tonge a bhí ag labhairt aici, agus mhaígh go raibh an seicteachas mar chuid de ghnáthshaol Chathair Learphoill riamh agus, in ainneoin a shíltear go forleathan, go bhfuil fós amhlaidh. "Liverpool has the unfortunate distinction of being the only city in Britain where people on a St Patrick’s Day parade were subjected to racist and sectarian abuse," a dúirt ag an chomhdháil.

Scríobh tuairisc faoi pharáid Fhéile Pádraig don Irish Post agus bhí suimiúil í a fheiceáil ar an scáileán mar chuid den chur i láthair PowerPoint a rinne :

"A crowd of more than 1,000 turned out to take part in this year’s St Patrick’s Day Parade in Liverpool despite some Loyalist attempts to disrupt the event....

The parade was led by the James Larkin Flute band and attracted scores of children dressed in costumes....

But their presence did not prevent a small group of Loyalist supporters from hurling racist and sectarian abuse at the procession......"

Dúirt Tonge go raibh féin i láthair ar an 17 Márta agus go bhfaca dhá eachtra eile nach raibh feicthe agamsa.

Masla ciníochNuair a chuaigh trasna go dtí na dílseoirí ar an sin le ceist a chur orthu, thug siad masla ciníoch dom agus thaispeáin siad suaitheantas Óglaigh Uladh dom, a bhí clóite ar bhrollach a T-léinte. Ansin, thiontaigh beirt acu thart le droim na léine a thaispeáint dom. Pride of the North Flute Band a bhí scríofa uirthi, tagairt do bhanna ceoil ó thuaisceart na cathrach. Ba léir, mar sin, gur agóid réamhbheartaithe a bhí inti; chuir siad éadaí speisialta orthu féin an mhaidin sin agus thaistil siad mhíle go lár na cathrach leis an pharáid a aimsiú agus a mhaslú.

Bheadh a leithéid rangaithe mar "racially motivated hate crime" de réir shuíomh gréasáin Merseyside Police agus de réir an Achta um Cheartas Coiriúil sa tír seo.

Ach raibh na póilíní a bhí ar dualgas an sin róbhuartha faoin eachtra; d’iarr beirt acu ar na dílseoirí imeacht, rud a rinne siad.

Chuir ceist ar Steve Hardyan cigire a bhí i bhfeighil ar an faoin eachtra ag deireadh na paráide. D’fhiafraigh de cén fáth nár gabhadh duine ar bith agus dúirt liom: "It was out of order, but we had depleted numbers on duty. If we had started arresting people it would have depleted our numbers even more. I warned them and asked them to move on. It was a successful marchall the kids kept up really well."

Bhí amhrasach faoin leithscéal seo, mar feicthe agam go minic le blianta anuas nach gcaitheann Merseyside Police go docht leis na dílseoirí ach go mbíonn siad an-dian ar na poblachtaigh (cf. Beo! 18, 46, 48). Tuigeann na dílseoirí ón fhabhraíocht seo gur féidir leo a rogha rud a dhéanamhan t-ionsaí sa pháirc, mar shampla.

IonadaitheD’eagraigh ionad de chuid Ollscoil Learphoill, ar a dtugtar The Europe in the World Centre, an chomhdháil agus bhí ionadaithe ó na grúpaí éagsúla mionlach sa chathair i láthair aici.

go mbíonn timpeall 3,000 duine ag glacadh páirte sa pharáid Oráisteach a bhíonn ar siúl sa chathair ar an 12 Iúil gach bliain, raibh ionadaí de chuid an phobail sin i láthair ag an chomhdháil. "We did invite Ron Bather, the Grand Master of the Order, but unfortunately neither he, nor anyone else from the organisation, is here today,” a dúirt an tOllamh Tonge.

Phléigh na hionadaithe a bhí i láthair a dtaithí phearsanta i leith na gcúrsaí seo. gur gormaigh iad deich faoin chéad de dhaonra na cathrach, bhíonn daoine de chuid an phobail sin le feiceáil i bhformhór na n-áiteanna i Learpholl mar bíonn drogall orthu a gceantar féin (Liverpool 8/Toxteth) a fhágáil mar gheall ar chiníochas. "I feel safe in my own area, but when I have travelled to other parts of the city, people have thrown eggs at me and tried to run me over with a car,” a dúirt Síneach mná.

Chuir Jonathan Tonge cuid den locht ar "negative stereotyping of immigrants". * Ag caint faoi naimhdeas i leith na nÉireannach, dúirt : "It’s essentially a racial thing these days. The insultFenian bastard’ is probably 80% racist, 20% religious*."

go mbíonn paráidí de chuid na ndílseoirí ar siúl beagnach gach seachtain i Learpholl ag an am seo den bhliain, laghdú ag teacht ar líon na nOráisteach a fhreastalaíonn orthu agus, dar leis an Ollamh Tonge, baill na heagraíochta ag dul in aois anois.

Ach d’ainneoin sin, is léir ó na hionsaithe thuasluaite go bhfuil a ndearcadh agus a gcuid tuairimí fós le sonrú go láidir i measc daoine áirithe i Learpholl.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh agus ag obair mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir i Learpholl.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.