AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Séasúr phleidhcí an fhlainín
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Tá muintir na hAstráile an-tógtha le cruicéad. Ach tá difríocht ollmhór idir na cineálacha éagsúla cruicéid – ní hamháin ó thaobh na rialacha de, ach ó thaobh lucht leanúna fosta, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.

Íomhá
Imreoir Astrálach, Brett Lee, i gcomórtas trialach i gcoinne Shrí Lanca i mbliana
Íomhá
Tugann na traidisiúnaithe "cruicéad pitseámaí" ar chluiche lucht na gcomórtas teoranta
Íomhá
Lucht leanúna na gcomórtas trialach sa "Gabba"
Íomhá
Níl cead ag leantóirí a n-alcól féin a thabhairt isteach sna staideanna leo
Íomhá
David Brent Johnston: Captaen Fhoireann na hÉireann

...then ye contented your soulsWith the flannelled fools at the wicket or the muddied oafs at the goals.

(Rudyard Kipling, *The Islanders, *1902)

Tá séasúr an chruicéid faoi lán seoil – anois ar theacht an tsamhraidh sna Fritíortha! Tá “pleidhcí an fhlainín” – nó na flannelled fools mar a thug Kipling orthu – le feiceáil ar na páirceanna imeartha ar fud na hAstráile. Le cloí le híomháineachas Kipling, cuireadh clabhsúr le séasúr na “ndúramán láibeach” – nó i bhfocail shimplí, cuireadh clabhsúr leis an séasúr peilesan earrach, agus tá aird lucht leanúna an spóirt dírithe faoi láthair ar an spórt náisiúnta, an cruicéad.

Tá clú agus cáil ar an Astráil mar thír atá an-tógtha le cúrsaí spóirt, agus is breá leis an lucht leanúna abhus cluichí idirnáisiúnta d’aon saghas a fheiceáil beo. Ar an drochuair, ní bhíonn mórán deiseanna acu a leithéid a fheiceáil mar gur tír leithlisithe í an Astráil. Gach samhradh, áfach, bíonn an-chuid cluichí idirnáisiúnta cruicéid ar siúl agus plódaíonn na leantóirí isteach sna staideanna le féachaint orthu.

Imrítear dhá shaghas cluiche idirnáisiúnta cruicéid: na comórtais thrialacha, a mhaireann ar feadh laethanta, agus cluichí gearra ina bhfuil teorainn maidir le líon na gcor babhlála atá ceadaithe – cluichí lae agus cluiche ar a dtugtar Twenty20 Cricket, cuir i gcás. Tá deighilt ghéar i measc lucht leanúna an chruicéid maidir le cé acu atá níos fearr.

Den chuid is mó, ní fhreastalaíonn na traidisiúnaithe ach amháin ar na comórtais thrialacha – níl meas madra acu ar na cineálacha eile cruicéid. Maireann comórtais thrialacha suas go cúig lá agus caitheann na himreoirí éadaí bána flainín. Bíonn sraith ar siúl i rith an tsamhraidh i gcónaí.

Maireann na cluichí ina bhfuil teorainn maidir le líon na gcor babhlála a cheadaítear ar feadh lae nó ar feadh leathlae, agus caitheann na himreoirí éadaí ildathacha. Dá bharr sin, tugann lucht leanúna na gcomórtas trialach “cruicéad

pitseámaí” ar na cluichí teoranta mar leasainm, rud a léiríonn a laghad measa is atá ag na traidisiúnaithe ar an gcineál seo cruicéid.

StairCuireadh tús le comórtais thrialacha chruicéid sa bhliain 1877 nuair a imríodh cluiche idir an Astráil agus Sasana in Melbourne. Aisteach le rá, ach ní raibh a leithéid de náisiún agus “an Astráil” bunaithe go hoifigiúil ag am sin. Ní raibh sa tír an tráth sin ach sé choilíneacht éagsúla, a bhí ina mbaill d’Impireacht na Breataine.

Cuireadh feachtas ar bun le cur ina luí ar dhaoine sna coilíneachtaí éagsúla gur ghá dóibh teacht le chéile chun náisiún cónaidhme neamhspleách a bhunú. Maítear gur tréisíodh an feachtas go mór nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha – arbh é Sasana – mar gur múisclíodh an meanma náisiúnta de thoradh an bhua. Ó shin i leith, is cinnte go bhfuil cion agus gnaoi ag na hAstrálaigh ar a bhfoireann náisiúnta.

Is údar bróid ar leith é i measc na nAstrálach nár chaill a bhfoireann náisiúnta sraith de chomórtais thrialacha ar an bhfód dúchais le blianta fada anuas. Glactar leis go forleathan go bhfuil foireann chruicéid na hAstráile ar an bhfoireann is fearr ar domhan ó thaobh na gcomórtas trialach de. Caithfear a admháil, áfach, nach n-imrítear cruicéad trialach ach i líon beag tíortha – na deich dtír atá ina mbaill iomlána den International Cricket Council (ICC).

Is iar-bhaill d’Impireacht na Breataine iad go léir, agus caithfear a rá freisin go bhfuil cuid acu rí-lag ó thaobh na gcomórtas trialach de faoi láth

air. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach dornán beag tíortha a bhfuil sé d’acmhainn acu dúshlán láidir a thabhairt do na hAstrálaigh.

Dhá bhliain ó shin, chaill na hAstrálaigh sraith de chomórtais thrialacha a d’imir siad i gcoinne fhoireann Shasana le linn chamchuairt na nAstrálach thall. Dá bhrí sin, bhíothas ag tnúth le coimhlint ghéar eatarthu agus na Sasanaigh san Astráil anuraidh le sraith a imirt. Ach theip go huile is go hiomlán ar na cuairteoirí, agus bhuaigh na hAstrálaigh an tsraith 5-0!

An "Gabba"Gach bliain i mí na Samhna cuirtear tús leis an tsraith ag an Brisbane Cricket Ground. Tugtar an “Gabba” ar an staid seo toisc go bhfuil sé suite sa bhruachbhaile Woolloongabba, focal arb é is brí leis ná “áit le haghaidh cainte agus troda” i dteanga bhundúchasach na háite.

Gach bliain, taistilím féin 1,200 ciliméadar ó thuaidh le bheith i láthair ag tús na sraithe. Is staid bheag chompordach é an “Gabba” ar féidir le suas go 42,000 duine a bheith i láthair ann. Suíocháin ar fad atá i gceist; níl áit seasaimh ar bith ansin. Toisc go bhfuil an staid chomh beag, bíonn na leantóirí an-chóngarach do na himreoirí agus bíonn siad in ann an liathróid dhearg a fheiceáil go soiléir san aer geal agus iad ina suí inti.

athruithe suntasacha tagtha ar an atmaisféar sna staideanna cruicéid ó thosaigh mé ag freastal ar na comórtais thrialacha abhus níos mó ná tríocha bliain ó shin. San am atá caite, b’éigean do chuid mór den lucht féachana a bheith ina seasamh, agus bhí cead acu a gcuid alcóil féin a thabhairt isteach sna staideanna leo. Ar an drochuair, ba mhinic a bhíodh daoine ar na stártha roimh dheireadh an lae, agus ó am go ham bhriseadh racáin amach idir leantóirí ólta.

Sa lá atá inniu ann, áfach, bíonn gach duine ina shuí, agus níl cead ag daoine a n-alcól féin a thabhairt isteach leo. Ní bhíonn ach beoir a bhfuil méid beag alcóil inti ar díol taobh istigh de staideanna agus, dá bhrí sin, ní bhíonn an mí-iompar a eascraíonn ón alcól uaireanta,le feiceáil. Tá na húdaráis chruicéid ag iarraidh atmaisféar teaghlaigh a chothú sna staideanna, agus bíonn páistí le feiceáil ag na cluichí – iad in éineacht lena dtuismitheoirí nó lena seantuismitheoirí.

D’fhreastail mé ar chluichí lae cúpla uair, agus measaim go bhfuil an seasamh

céanna i leith an alcóil ag a lucht leanúna is a bhí ag leantóirí na gcomórtas trialach tríocha bliain ó shin. Tá aithne agam ar go leor daoine a fhreastalaíonn ar gach comórtas trialach ar fud na tíre. Ach ní bheidís sásta freastal ar “chruicéad pitseámaí” – fiú ina gcathracha féintoisc nach mbraithfidís ar a suaimhneas mar thoradh ar mhí-iompar na ndaoine ólta.

Níos luaithe i mbliana, ghlac foireann cruicéid na hÉireann páirt i gCraobh an Domhain – a bhí ar siúl sna hIndiacha Thiar – agus d’éirigh níos fearr léi ná mar a rabhthas ag súil leis. Má éiríonn le foireann na hÉireann ballraíocht iomlán den ICC a bhaint amach, d’fheadfadh sé tarlú go mbeidh mé sa Gabba le comórtas trialach idir foireann na nAstráile agus foireann na hÉireann a fheiceáil. Féidearthacht eile ná go mbeidh mé ag filleadh ar Éirinn le pleidhcí an fhlainín a fheiceáil ar an bhfód diaga, Páirc an Chrócaigh! As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann. Ba mhúinteoir Béarla é i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste ar feadh sé bliana sular thug sé féin, a bhean chéile agus a bheirt iníonacha aghaidh ar an Astráil. Lean sé ar aghaidh ag múineadh i gcathair Canberra go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1999.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.