CÚINNE NA nEALAÍON
Seanchló ar Éadach Al Hama
Amanda Reid Amanda Reid

Tháinig Amanda Reid ar éadach deartha i mbaile Hama na Siria nach mór scór go leith bliain ó shin, ach ba mhaith léi a fháil amach cén crotal draíochtúil a chuir an dath dubh chomh fáiscthe air.

Íomhá
Dearadh ar éadach Hama
Íomhá
Éadach Hama
Íomhá
Cló éin
Íomhá
Aleppo istoíche
le Richard Renwick ar Flickr

Sa leabhar Tribes with Flags’ a scríobh Charles Glass faoin éirí amach i Hama na Siria in 1982, cur síos ar an scliúchas a tharla idir na MuslamaighSunni’ agus fórsaí an rialtais faoín bPáirtí Sóisialach Ba’áth atá faoí smacht ag na hAlabhaítigh. Deirtear go bhfuair suas le 40,000 duine bás san eachtra sin. Sa tuairisc a thug Glass ar an slad a rinne an rialtas ar an gcathair, léigh go raibh na ceardaithe gníomhach san eachtra agus go raibh deireadh leis na daoine ar fad a bhíodh ag cur éadach cáiliúil Hama i gcló. Leis sin, bhí deireadh leis an tionscal clódóireachta a bhí faoi bhláth ann leis na céadta bliain roimhe sin. Le linn dom a bheith i Hama, shocraigh im’ intinn go gcaithfinn na clódóirí éadaigh seo a aimsiú.

éadach Hama le n-aithint ar an dearadh dubh ina n-úsáidtear ceapa adhmaid le cló a chur de láimh ar éadach bán cadáis. éadach galánta é, ach ós rud é nach dtréigeann an dath agus é ar tuar faoi sholas na gréine, bhíodh tóir air le héadach a dhéanamh, cuirtíní agus clúdaigh adhairte, cuir i gcás, rudaí a bhíonn le níochán go minic.

Thapaigh an deis le tús a chur leis an gcuardach nuair a thosaigh stócach ón áit ag caint liom ar an tsráid. raibh aige ach cúpla focal droch-Bhéarla. Mhínigh an scéal, agus shocraigh cuidiú liom. Sna margaí a thosaigh an cuardach. Labhair muid le déantúsóirí mataí agus pluideanna, le díoltóirí éadaigh, agus fiú le díoltóirí criadóireachta. Ach raibh ar éadach Hama in áit ar bith.

Ag Cuardach Dóigh agus Andóigh

Faoi ardthráthnóna, bhí an chuid is de bhóithríní na cathrach siúlta againn. Bhí ag éirí bréan den tseafóid a bhí ag mo chúntóir. Bhí a chuid Béarla thar a bheidh lag, agus bhí go leor míthuiscintí ins na rudaí a bhí muid ag iarraidh a mhíniú chéile. Bhí teas mór ann.

Breathnóidh muid ar áit amháin eile, ach sin sin,” arsa mise go daingean. Is gearr gur tháinig muid go dtí páirc ar imeall an bhaile. Bhí tithe anseo, gairdínín agus ballaí ísle thart orthu. Iad oscailte do radharc an phobail mar a bheadh tithe san Eoraip. Bhuail an stócach an clog agus labhair leis an bhfear a tháinig amach. Thuig ansin go raibh an geata á oscailt.

Is ansin, i seomra ar chúl an , a shuigh muid ag breathnú ar dhuine den dream deireanach atá in ann éadach Hama a chóiriú ar an sean-nós. Bhí ina shuí ar an urlár os comhair seanbhosca adhmaid thart ar mhéadar ar fhad, agus leathmhéadar ar airde. Bhí barr an bhosca clúdaithe le píosa éadaigh, é tarraingthe go teann agus ceangailte ag na taobhanna le tairní. Bhí tobar dúch sa mbosca, gan an t-éadach ar fliuchadh ann ach ar éigean, agus é teann. Rug mo dhuine greim ar cheap maisiúil adhmaid. Bhuail buille den cheap go héadrom ar an éadach. Chas i dtreo píosa éadach bán agus bhrúigh an bloc anuas air.

Bhí díomá orm nuair a d’ardaigh an bloc, mar an cló a bhí déanta aige, is dath geal glas a bhí air agus gan é le feiceáil ach ar éigean ar an éadach bán. Ach gan tuiscint a bhí an ceardaí. Chlúdaigh an t-éadach go mall, ag úsáid blocanna difriúla chun an dearadh a athrú. An t-éadach a bhí sa mbosca i leataobh, bhí ag cuid den dúch, rud a chiallaigh nach raibh an bloc rófhliuch. bharr sin, bhí ag éirí leis dearadh glan, briosc a dhéanamh. Agus bhí súil ghrinn aige. Gan rialóir fráma, bhí na spásanna sa gcló cothrom, néata.

Ach Thógfaidh Dubh Dath

Thuig uathu gurbh é fear an a dhéanadh an dúch as luibheanna é féin, agus rinne iarracht a fhoghlaim na lusanna iad féin. Ach nuair nach raibh Arabais agam, agus gan foclóir Béarla ar fáil, raibh in ann é seo a oibriú amach. Bhí sos sa gcomhrá agus muid ag ól gloineachaí tae. Bhí tuirse orainn tar éis imeachtaí an lae. Bhí mo chúntóir ina thost. Ar mhaithe le cúirtéis, thairg píosa den éadach cáiliúil a cheannach. D’fhéadfainn dallóg a dhéanamh leis sa mbaile. Bhí thar am dom dul chuig an stáisiún leis an mbus a cheapadh. Sheas le slán a fhágáil ag muintir an . Céard a dhéanfadh an fear ach breith ar an éadach a bhí idir lámha aige agus é a shíneadh chugam. “Seo dhuit agus fáilte!” ar . raibh gan a bheith buíoch, ach b’fhearr liom cló dubh an cló laguaithne a bhí ar an bpíosa nua. Bhí mo cheardaí ag oibriú a dhá láimh, agus mo chúntóir ag déanamh Béarla arís: “Fág faoin ngrian é go ceann seachtaine. Nigh go maith san abhainn ansin é”. Gheall go ndéanfainn amhlaidh.

An oíche sin, d’oscail an mála san óstán in Aleppo. Bhí an chuma ar an cló go raibh níos dorcha. Bhí an dearadh le feiceáil go soiléir anois ar an éadach. Faoí mhaidin bhí cinnte go raibh draíocht ann. Bhí an dearadh ar dath duilliúr na giúise. Leag an t-éadach cois fuinneoige faoi sholas na gréine, agus amach liom go fóill go bhfeicfinn Aleppo. Nuair a d’fhill ar mo sheomra an oíche sin, bhí an cló chomh dubh le clúmhach na bpréachán.

Is iomaí teach ar chónaigh ann ó bhí i Hama tamall de bhlianta ó shin, agus an t-éadach sin in úsáid mar chuirtín agam. Níochán grian, níor bhain ceachtar acu tada den dath láidir dubh atá i gcló air. Ach aiféala orm fós nach bhfuil a fhios agam na luibheanna a bhí in úsáid sa dúch. Shíl go rachainn ar ais go Hama leis an eolas a iarraidh. Ach faitíos orm go bhfuil an ceardaí ar lár agus go mbeidh malairt cló ar an saol.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Nua-Shéalainn ó dhúchas í Amanda Reid a bhfuil blianta caite aici in Éirinn agus i dtíortha eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.