AGALLAMH BEO
Seán Ó Coileáin
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Tá Seán Ó Coileáin, an tOllamh le Gaeilge i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ag dul ar scor go luath. Labhair sé le hAlan Desmond faoina shaol ag éirí aníos i gCorcaigh, faoin aithne a bhí aige ar Sheán Ó Ríordáin agus faoin obair atá déanta aige i réimse an léinn.

Íomhá
Íomhá
Bá Bheanntraí
Íomhá
Ollscoil Harvard
Íomhá

Agus mé sa bhliain dheireanach san ollscoil i gCorcaigh, d’fhreastail mé ar mhodúl a bhí á mhúineadh ag an Ollamh Seán Ó Coileáin, “Prós Déanach na Nua-Ghaeilge Luaithe”. Ba bheag teagmháil a bhí agam leis roimhe sin agus bhí cloiste agam ó dhuine nó beirt gur duine mífhoighneach a bhí ann. Caithfidh go raibh duine eile ar fad ar intinn acusan a chuir an cháim sin i leith Uí Choileáin. Ní háibhéil a rá go bhfuil sé ar na léachtóirí is foighní agus tuisceanaí a casadh orm agus mé ar an ollscoil.

Thug sé aire do mhic léinn nach dtugtar ar ollscoil de ghnáth. Bhí daoine áirithe ann a raibh líon suntasach ranganna caillte acu toisc “fadhbanna” éagsúla bheith acu. An fhadhb ba mhó a bhíodh ag na mic léinn seo, dar liom, ná go mbíodh an-iomarca spraoi ar siúl acu. Ach chuir an Coileánach é féin ar fáil dóibh le seans a thabhairt dóibh bheith ar aon leibhéal le daoine a bhíodh ag freastal go rialta ar na ranganna.

Ní chuirfeadh an saghas seo spéise i mic léinn ionadh orm dá mba léachtóir óg glas a bhí i gceist agus é ag iarraidh aird a tharraingt air féin agus dul chun cinn a dhéanamh sa saol acadúil. Ach ba dhuine é Seán Ó Coileáin a raibh a chúlfhiacla curtha go maith aige agus go leor leor bainte amach aige ina shaol gairmiúil.

Ach is léir ón méid a deir an Coileánach le linn an agallaimh gur tábhachtach leis na mic léinn. Luann sé léachtóir Laidine a bhí aige féin agus é sa choláiste a chuaigh i bhfeidhm go mór air.

“John Fogarty ab ainm dó. Is cuimhin liom go dtagadh sé isteach sa rang. Abair go mbeadh trí fichid ag déanamh na Laidine san am san. D’fhiafraíodh sé de gach aon duine sa rang cad ab ainm dó agus cárbh as é agus mar sin. Agus thagadh sé isteach an dara lá agus ghlaodh sé as a ainm ar gach aon duine des na trí fichid sin. Bhí spéis aige i ndaoine, bhí spéis aige i mic léinn.”

Ní haon ionadh, mar sin, go ndeir an Coileánach go mbeidh sé fós ar fáil do mhic léinn iarchéime, fiú agus é éirithe as.

Bhuail mé le Seán Ó Coileáin ina oifig i Roinn na Gaeilge, atá suite in Áras Uí Raithille, foirgneamh nua-aimseartha in aice le Leabharlann Boole ar champas na hollscoile. Seomra simplí go leor a bhí i gceist: seilfeanna líon lán de leabhair, deasc ar a raibh leabhair caite anseo is ansiúd go míchúramach agus ríomhaire a raibh cuma nua-aimseartha air. Bhí an chuma ar an ríomhaire, leis, nach raibh mórán úsáide bainte as. Níor chuir sé ionadh orm nuair a luaigh an tOllamh Ó Coileáin i ndiaidh an agallaimh nach bhfuil sé eolach ar an idirlíon.

Rugadh Seán Ó Coileáin i mBeanntraí i gContae Chorcaí sa bhliain 1945. Is i mBeanntraí a chuaigh sé ar an meánscoil agus bhí an t-ádh leis go raibh a leithéid d’institiúid ann agus é in aois dalta meánscoile.

“Ní raibh aon mheánscoil ann go dtí 1958. Do chuir an tEaspag Ó Luasa an tAthair Liam Leader síos chun dul i mbun scoile. Ní bheinn ar aon mheánscoil riamh murach gur osclaíodh an scoil sin an bhliain sin mar ní fhéadfainn dul in aon áit eile.”

Deir Ó Coileáin go mbeidh sé buíoch go deo den Athair Leader mar gheall ar an scoil sin a chur ar bun. Agus cad a dhéanfadh sé muna mbeadh an mheánscoil sin ann?

“Níl a fhios agam. Ní raibh aon ní le fáil timpeall ar Bheanntraí ach go háirithe. Daoine a bhí ar aon aois liom féin is dócha gur chuaigh a bhformhór go Sasana.”

Ba é sin díreach a rinne deartháir le Seán a bhí dhá bhliain níos sine ná é. Cailleadh é thall agus gan ach trí bliana is caoga slánaithe aige.

Is cinnte nach gcuirfí ar scoil chónaithe áit éigin i gCorcaigh é.

Ní bheadh an acmhainn sin ag mo mhuintir. Cailleadh m’athair nuair ná rabhas ach cúig bliana déag d’aois.”

Ba shiúinéir é athair Uí Choileáin agus i ndiaidh a bháis is beag a bhí ag máthair Uí Choileáin agus a cúigear clainne. Ní ionadh go leagann Ó Coileáin béim ar a bhuíche atá sé den Athair Leader as an meánscoil a bhunú i mBeanntraí.

“Bhí an t-ádh liom agus leis an mbaile go léir go deimhin. Thug sé misneach don mbaile, ní hamháin dos na daltaí mar mise.”

Diomaite d’athair a mháthar, ní raibh an Ghaeilge ag muintir Choileáin.

“Cainteoir dúchais ab ea é mo sheanathair ach níor mhór an chaint a dheineas leis siúd in aon teanga riamh.”

Luann Ó Coileáin go mbíodh seanbhlas ag daoine ar an nGaeilge agus é óg. Cad é, mar sin, a chuir i dtreo na teanga é?

“Bhí dúil faoi leith agam sa Ghaolainn, ar chuma éigin,” is ea a deir sé. Ach is amhlaidh gur spéis leis teangacha i gcoitinne. “Is cuimhin liom gurbh é an Laidin an t-ábhar ab fhearr liom riamh ar scoil. Laidin, Gaeilge, Béarla – sin iad na trí teangacha a bhí againn ar an meánscoil.”

San ollscoil

I 1963 chuir Ó Coileáin isteach ar scoláireacht iontrála go dtí an Coláiste Ollscoile i gCorcaigh. Bhí sé sa dara háit sna scrúduithe iontrála agus d’fhág sin go raibh scoláireacht aige. Ní raibh sa scoláireacht seo ach an chéad duais a ghnóthódh an Coileánach as feabhas a chuid oibre acadúla.

Sna scrúduithe ag deireadh na chéad bhliana san ollscoil, fuair Ó Coileáin céad onóracha i ngach ceann de na ceithre ábhar a bhí aige agus d’éirigh leis an chéad áit a fháil i dtrí cinn de na hábhair sin. Dhein sé staidéar ar an mBéarla agus ar an nGaeilge ansin don chéim BA. Is amhlaidh gur ghnóthaigh sé torthaí níb airde i scrúdú céime an Bhéarla ná mar a fuair sé sa cheann Gaeilge.

“Bhíos ag cuimhneamh ar leanúint leis an mBéarla ar fad,” a deir an tOllamh seo le Gaeilge agus gáire beag á dhéanamh aige, “ach ní raibh aon aithreachas riamh orm gur leanas leis an nGaolainn, caithfidh mé a rá!”

Ghnóthaigh sé Scoláireacht Chiste Theach an Ard-Mhéara i 1966 agus Staidéaracht Taistil Ollscoil na hÉireann i 1967. Thug sé tréimhse na staidéarachta in Ollscoil Harvard agus b’ann a bronnadh dochtúireacht air sa bhliain 1972. Ba é teideal an tráchtais a scríobh sé ná “The Guaire cycle: a study in Irish tradition”.Tugadh post dó mar léachtóir le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Chorcaí gan mhoill ina dhiaidh sin.

Duine a chuaigh i bhfeidhm ar an gCoileánach agus é ina léachtóir ná an file Seán Ó Ríordáin. Thagadh an Ríordánach cúpla tráth sa tseachtain le bualadh leis na mic léinn i Roinn na Gaeilge. “Ach tá eagla orm gur mé féin agus Séamas Caomhánach, léachtóir eile, is mó a bhíodh ag caint leis seachas na mic léinn. Bhíodh na mic léinn ag fanacht agus sinn istigh ag déanamh grinn, ag caint agus ag cadráil.”

Labhraíodh an Ríordánach leis na mic léinn, dhéanaidís aistí beaga dó agus cheartaíodh sé iad. Ach is féidir talamh slán a dhéanamh de nach mar léachtóir a d’fhéach Ó Ríordáin air féin.

“Bheadh sórt ceann faoi air dá ndéarfaí gur léachtóir ab ea é siúd. Ní raibh sé ann chun an córas a chosaint. Bhí sé ann chun an córas a cheistiú, agus an córas a leagadh dá mb’fhéidir leis.”

Agus an Ríordánach ag bualadh leis na mic léinn labhraíodh sé ar a chuid véarsaí féin chomh maith. Deir Ó Coileáin, áfach, nach n-úsáidfeadh sé an focal “filíocht” go deo, go mbeadh náire air dá luafaí sin. An bhfágann sin go raibh coimpléasc ísleachta de shaghas éigin ar an bhfile?

“Ní dóigh liom é. Bhí sé teann go maith as féin ar shlí. Dá mbeadh duine eile ag iarraidh an t-ísliú céime a thabhairt dó, ní ghlacfadh sé leis.”

Ach admhaíonn Ó Coileáin gur nós leis an Ríordánach bheith ag caitheamh anuas air féin ar gach aon saghas slí agus go raibh sé uiríseal os comhair daoine. Measann sé go raibh an Ríordánach “ábhairín scáfar ar shlite áirithe”.

Ach creideann Ó Coileáin, mar sin féin, go raibh an-iontaoibh ag an Ríordánach as féin.

“Is dóigh liom gur cuimhin liom go ndúirt sé liom lá amháin gur bhraith sé riamh gur duine gairmiúil ab ea é. Sé sin nuair a tháinig sé chuige, chomh fada lena ghnó féin, pé rud a déarfadh sé, sa chroí istigh thuig sé go raibh an cheird aige. Agus bhí sé ábalta ar fhreagra a thabhairt do dhaoine a déarfadh a mhalairt.”

Is dócha gurb é a ritheann linn agus ainm an Ríordánaigh á lua ná an eitinn agus an ghruaim. Cén saghas duine a bhí ann? Ar chuideachta mhaith an duine seo a mbíodh véarsaí éadóchais á scríobh aige?

“Ní tusa an chéad duine a chuir an sórt seo ceiste orm. Ach níl aon amhras ná gur fear grinn ab ea é. Mar a déarfadh sé féin mar gheall ar dhaoine, bhí an diabhal ina bholg. Ardchuideachta ab ea é.”

Abair seo linn ...

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

William Tyndale: If God Spare My Life, le Brian Moynahan.

*Cén ceol is fearr leat? *

Is eagal liom go bhfuilim sáite fós sna seascaidí – leithéidí Joan Baez, Joni Mitchell, Judy Collins. Ag druidim i leith go dtí an am i láthair, is maith liom James Taylor agus Nanci Griffith.

*Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh? *

A Man For All Seasons, cé gur léir dom go raibh Thomas More chomh neamhscrupallach le héinne eile lena linn.

*Cá dtéann tú ar saoire? *

Is breá liom an Iodáil, an Tuscáin go háirithe. Faraor gan oiread aimsire ná airgid a bheith agam a ligfeadh dom dul ann níos minicí.

*Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh agus cá raibh tú? *

Tamall beag i Montana sna Stáit Aontaithe agus tamall beag eile in Iostanbúl.

*Cén bhialann is fearr leat? *

Man Friday i gCionn tSáile agus Mary Ann’s i mBaile an Chaisleáin in iarthar Chorcaí.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

TK Whitaker, státseirbhíseach den seandéanamh a thug a shaol ag obair ar son na tíre agus nár shantaigh rachmas ná onóir lasmuigh de san. Mór idir é agus gaigí mórchúiseacha na haimsire seo.

*Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige? *

Cuimhním ar mhúinteoirí meánscoile agus ollscoile a bhí agam: leithéidí Liam Leader agus Jim Keevers ar an meánscoil; Seán Lucy, Seán Ó Tuama, RA Breatnach agus Séamus Caomhánach ar an ollscoil i gCorcaigh; John Kelleher agus Albert Lord a bhí mar ollúna agam i Harvard.

*Cén rud is mó a chuireann isteach ort? *

An maíomh so gan náire nach foláir le daoine a dhéanamh anois – galar is ea é atá forleathan sna hollscoileanna féin anois. “Go réidh a bhean na dtrí mbó ... “ Deirtí thiar go leaghfadh maíomh Cruach Mhárthan.

*Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain? *

Bhí tamall go bhféadfainn bheith ag obair de ló is d’oíche; anois ní beag dom na huaireanta oifige. Dar ndóigh, ní bheidh aon teora feasta liom agus mé ar scor!

*Cad iad na rudaí a chuireann strus ort? *

Laethanta a thabhairt ar bheagán tairbhe – ag líonadh foirmeacha do dhaoine ná feadair siad féin cad is ceart a dhéanamh leo. Droch-chomhartha is ea an iomad den gceistiúchán, comhartha ná fuil an freagra ag fear na ceiste a chur.

An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?

Nílim; sin é an fáth gur chuireas romham éirí as mo phost go luath chun go mbeadh aga agam ar na nithe go léir nár éirigh liom a dhéanamh go dtí so a chur i gcrích. Cífeam.

ag tagairt don ghreann ar fad atá Ó Coileáin nuair a deir sé gur ardchuideachta ab ea an Ríordánach.

“Is mó tráthnóna a chaitheas leis anseo sa choláiste agus, go deimhin, turasanna ar ospidéal ó am go ham agus mar sin agus caithfidh mé a rá nár chuas abhaile riamh á rá liom féin, ‘Bhuel, tá an tráthnóna curtha amú agam.’ Bheadh rud éigin agat de bharr an aistir. Agus nílim á rá go mbeifeá á lorg ach go mbeadh sé ag soláthar i gcónaí ar chuma éigin.

“Bhí rud éigin ag titim amach i gcónaí ina aigne. Ní cuimhin liom riamh é a bheith leamh.”

Deir Ó Coileáin gurbh é an focal “leamh” an focal ba mheasa ina bhéal ar shlí.

“Is é sin an cáineadh is mó a bheadh aige ar dhuine ach is deimhnitheach nach bhféadfadh aon duine a rá gur duine leamh ab ea é féin.”

Cailleadh an Ríordánach i 1977 agus scríobh Ó Coileáin beathaisnéis an fhile, Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar, a tháinig amach i 1982 agus a bhuaigh duais liteartha na hInstitiúide Cultúrtha Gael-Mheiriceánaí i 1984.

An raibh rún aige tabhairt faoina leithéid de leabhar agus an Ríordánach fós ar an saol? Arbh é seo ba chúis leis bheith i gcuideachta Uí Ríordáin?

“Ní ag faire ar an mbeathaisnéis a bhí le scríobh agam a bhíos, ní raibh aon chuimhneamh agam ar an mbeathaisnéis. Níl ann ach gur thaitin an comhluadar liom, gur ardchomhluadar ab ea é.”

Dialanna an Ríordánaigh

Nuair a cailleadh an Ríordánach bhí Ó Coileáin agus Seán Ó Mórdha, déantóir clár faisnéise agus eagarthóir, ag labhairt le Tadhg Ó Ríordáin, deartháir leis an bhfile. Ní hamháin go ndúirt Tadhg go mba chóir don bheirt dialanna a dhearthár a thabhairt leo, ach rinne sé na dialanna a sholáthar dóibh gan aon scrúdú a dhéanamh orthu le feiceáil an mbeadh aon ábhar iontu nár mhaith leis daoine eile bheith a léamh.

“Sin é nuair a thuigeas gur cheart rud éigin a dhéanamh leo. Is dócha gur thuigeas i gcónaí é ach ní raibh sé ráite agam gur mise a dhéanfadh é.”

Bhí an t-ábhar seo ag Ó Coileáin nuair a fógraíodh scéim faoina dtabharfaí pinginí do dhaoine a scríobhfadh beathaisnéis daoine áirithe. Chuir an Coileánach isteach ar an scéim ag rá go dtabharfadh sé faoi bheathaisnéis Sheáin Uí Ríordáin. B’air a bronnadh an chéad choimisiún faoin scéim sin agus ba é Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar a bhí mar thoradh air.

Tá dialanna Uí Ríordáin á gcoimeád anois i leabharlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Deir Ó Coileáin gur “léamh an-mhíshláintiúil is ea na dialanna seo.” Is léir gur fhág siad a rian ar an gCoileánach agus é ag plé leo, agus ní rian dearfach a bhí i gceist.

“Is é an aigne a bhíonn le fáil sna dialanna ná aigne na breoiteachta, an aigne a bhíonn ag duine ar a dó nó ar a trí nó ar a ceathair ar maidin nuair is laige a bhíonn an misneach. Tá sé ana-dheacair bheith ag plé leis an aigne sin ar feadh trí bliana mar a bhíos-sa. Is deimhnitheach gur rud é ná déanfad arís.”

Dar le beathaisnéisí Uí Ríordáin gur as an réigiún céanna den aigne a tháinig an fhilíocht agus na dialanna. Agus téann machnamh gruama na ndialann i gcion ar an té a bhíonn ag dul i ngleic leo.

“Goilleann a leithéid ort. Cuid den ghalar san, cuid den drochmhisneach san, cuireann sé sin isteach ar dhuine. Is galar tógálach cuid de sin, is dóigh liom, agus bhraitheas ar chuma éigin go rabhas róghairid dó. Is maith liom a bheith réidh leis.

Is é an leabhar mór eile de chuid an Choileánaigh ná an t-eagrán de An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain a tháinig amach in 2002. Thug sé an-ghean don leabhar riamh, leabhar a léigh sé den chéad uair agus é ar an meánscoil, a bhuíochas sin ar an Athair Leader.

“Aigne eile ar fad a bhí ag Tomás Ó Criomhthain”, dar leis, i gcomparáid le haigne an Ríordánaigh. “Aigne chrua ar chuma éigin a ligeann dó cur síos ar gach aon sórt tubaiste, agus tubaistí pearsanta.”

Measann Ó Coileáin gurb é ba chúis leis gean a thabhairt do shaothar Uí Chriomhthain ná gur bhraith sé go raibh “macalla na Gaolainne ag dul siar i bhfad” le fáil sa leabhar.

Caighdeán na Gaeilge san ollscoil

Chomh maith le bheith ag gabháil don scríbhneoireacht agus don eagarthóireacht, tá léachtaí agus ranganna á múineadh ag Seán Ó Coileáin leis na blianta. Bíonn an-chuid cainte sa lá atá inniu ann ar chaighdeán na Gaeilge agus ar chaighdeán na mac léinn a bhíonn ag déanamh staidéir uirthi ar ollscoil. An bhfuil tugtha faoi deara ag Ó Coileáin go bhfuil an caighdeán ag dul chun donachta? Na mic léinn is fearr atá ann inniu, “táid gach pioc chomh maith”, dar leis, leis na mic léinn ab fhearr a bhí ann daichead bliain ó shin. Admhaíonn sé nár mhaith leis dul i gcomórtas le roinnt de na daoine óga is fearr atá ag plé leis an léann faoi láthair.

Agus é éirithe as, seachas bheith ag tabhairt comhairle do mhic léinn iarchéime, is iad na tionscadail is mó atá curtha ag Ó Coileáin roimhe féin ná aistí próis Sheáin Uí Ríordáin a ullmhú don chló agus saothar seanchais John Kelleher a thabhairt chun críche.

Bhí Kelleher mar oide ag Ó Coileáin agus é ag déanamh staidéir in Ollscoil Harvard. Tá an t-eagrán aige den An tOileánach tiomnaithe do Kelleher, rud a léiríonn an meas atá ag an gCoileánach air. I lár na n-ochtóidí, ceapadh Ó Coileáin ina Ollamh le Léann na hÉireann i Harvard mar chomharba ar Kelleher agus thug sé féin, a bhean agus a gceathrar iníonacha aghaidh ar Mheiriceá ag an am sin. Ní go rómhaith a réitigh cúrsaí leis ansin, áfach, agus i ndiaidh bliana bhí muintir Choileáin ar ais i gCorcaigh agus Seán ceaptha ina Ollamh le Nua-Ghaeilge.

Tá an turas bliana seo chun na Stát ar na rudaí is mó a bhfuil aiféala ar Ó Coileáin faoi. Ach tá sé fealsúnach ar phointe seo an aiféala - dar leis gur faoi gach duine a dhearmaid féin a dhéanamh.

Bheifí ag súil nach mbeidh sé ina aithreachas gur éirigh sé as a phost cúpla bliain roimh aois an phinsin. Ach muna mbeidh an fear féin thíos leis, is cinnte gurb iad na mic léinn sna blianta atá amach romhainn a bheidh caillteach leis nach mbeidh a leithéid de mhúinteoir acu.

Is Corcaíoch é Alan Desmond. Tá sé ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Chaitliceach Lublin ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2003 ann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.