CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Sean-Nós Cois Life 2001
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá an fhéile Sean-nós Cois Life deich mbliana ar an bhfód anois agus, mar a mhíníonn Antaine Ó Faracháin, tá sí chomh bríomhar is a bhí riamh.

Íomhá
Íomhá

Sa bhliain 1991 tháinig grúpa beag d’amhránaithe le chéile i mBaile Átha Cliath. Theastaigh uathu féile a bhunú a thabharfadh deis d’amhránaithe traidisiúnta na tíre castáil lena chéile agus a gcuid amhrán a chasadh. Theastaigh uathu ócáid cheiliúrtha a chruthú, ócáid ag a mbeadh seans ag na hamhránaithe na hamhráin dhúchasacha a chur i láthair an phobail ar bhealach spraíúil nádúrtha, lasmuigh de thionchar na gcomórtas. Níos mó ná sin, theastaigh uathu deis a thabhairt do dhaoine amhráin sa stíl dhúchasach a fhoghlaim.

An rud a d’fhás as an aisling sin a bhí acu ná féile bhríomhar bhliantúil ar a dtugtar Sean-Nós Cois Life. Cuireadh ar siúl den chéad uair í i mí Aibreáin 1992 agus tá an ceiliúradh ag leanacht ar aghaidh ó shin. Tagann daoine ó chuile cheard den tír agus ó áiteacha thar lear go Baile Átha Cliath agus caitheann siad an deireadh seachtaine ar fad, de ló agus d’oíche, ag gabháil fhoinn agus ag éisteacht le hamhráin.

Chomh maith le deis a thabhairt do dhaoine amhráin sa stíl dhúchasach a fhoghlaim, cuireann an fhéile ardán ar fáil d’amhránaithe nach gcloistear ach go hannamh taobh amuigh dá ndúthaigh féin, ardán atá neamhspleách ar aon chineál comórtais. Mar sin bíonn meascán de sheisiúin agus de cheardlanna ar siúl le linn na féile inar féidir le daoine amhráin a fhoghlaim ó scoth na bhfonnadóirí. Déantar iarracht gach bliain éagsúlacht de chanúintí agus de stíleanna a chur i láthair. Bíonn ceol uirlise ann freisin agus ceardlann atá dírithe ar dhamhsa ar an sean-nós agus cuirtear rang amhránaíochta speisialta ar siúl do dhaoine óga.

Chomh maith leis sin ar fad, bronntar gradam gach bliain ar dhuine nó ar dhaoine atá tar éis saibhriú a dhéanamh ar an amhránaíocht dhúchasach thar na blianta. Go dtí seo tá an gradam seo bronnta ar: Micheál Mháire an Ghabha Ó Ceannabháin (1993), Áine Bn. Uí Laoi (1994), Seán ‘ac Dhonncha (1995), Treasa Ní Mhiolláin (1996), Éilís Ní Shúilleabháin (1997), Proinsias Ó Conluain (1998), Dara Bán Mac Donnchadha (1999) agus Páidí Mhárthain Mac Gearailt (2000). I mbliana is ar amhránaithe ó Thoraigh a bhronnfar é.

Cuirtear an bhéim ar shuíomh nádúrtha amhránaíochta a chruthú le seisiúin neamhfhoirmeálta agus cuirtear fáilte roimh chách.

Ag cothú fonnadóirí

Tá tábhacht ar leith ag baint le féilte den tsaghas seo creidim mar go gcosnaíonn siad an dúchas i measc an ghnáthphobail. Cothaíonn siad na fonnadóirí iad féin ar ndóigh, ach ní hamháin sin, méadaíonn siad de réir a chéile an lucht éisteachta atá acu, rud atá beagnach chomh tábhachtach céanna. Tá pobal mór dátheangach amuigh ansin agus go leor eile ina theannta a bhfuil meas acu ar an teanga agus ar an traidisiún.

Cé go bhfuil Sean-Nós Cois Life deich mbliana ar an mbóthar anois, áfach, agus cruthaithe aige go bhfuil lucht éisteachta ann dá leithéid, tá sé chomh deacair céanna fós an t-airgead a bhíonn ag teastáil chun a leithéid a chur ar bun a chruinniú. Faigheann an fhéile urraíocht airgid ó fhoinsí éagsúla is fíor, ach tagann an oiread céanna, nó níos mó b’fhéidir, óna lucht tacaíochta féin.

Nuair atá an gnáthphobal sásta a lámh a chur isteach ina phóca féin bliain i ndiaidh bliana mar seo is cruthúnas eile é sin, má tá a leithéid ag teastáil, gur rud fiúntach é an rud atá ar bun agus is mó seans go mairfidh sé deich mbliana eile.

Tá súil agam féin gurb amhlaidh a bheas.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi fhéile na bliana seo, a bheidh ar siúl idir 18 - 21 Deireadh Fómhair, cuir ríomhphost chuig: seannoscoislife@eircom.net.

Sean-nós Cois Life, 18 - 21 Deireadh Fómhair 2001

Seo cuid de na haíonna a bheidh i láthair ag an bhféile i mbliana:

Pádraig Ó Maolruaidh (Maigh Eo) Hannah Mhic Ruairí (Toraigh) Willie Ó Dúgáin (Toraigh) Gráinne Uí Dhúgáin (Toraigh) Éamon Mac Ruairí (Toraigh) Teresa Mhic Claifeartaigh (Toraigh) Éamon Ó Donnchadha (Baile Átha Cliath) Eibhlín Uí Dhonnchadha (Na Déise) Máire Ní Choilm (Gaoth Dobhair) Eithne Ní Chatháin (Fidil) Aifric Ní Bhaoighealláin (Fidil) Peadar Ó Ceannabháin (Conamara) Ray Mac Mánais (Béal Feirste) Joe Ó Domhnaill (Gaoth Dobhair) Pádraic Ó hOibicín (Damhsa ar an sean-nós)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.