AGALLAMH BEO
Séamas Ó Direáin
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Thug an Dr. Séamas Ó Direáin, cainteoir Liotuáinise, aghaidh ar an nGaeilge san Afraic agus é i mbun taighde ar an teanga KiSwahili sa Chéinia beagnach dhá scór bliain ó shin. Lonnaigh an Gael-Mheiriceánach sin in Éirinn dhá bhliain déag ó shin agus chuaigh Seosamh Mac Muirí chun cainte leis i nGaillimh le déanaí.

SMM: Is é do bheatha go BEO!, a Shéamais.

SÓD: Go raibh maith agat, a Sheosaimh.

SMM: Caithfidh sé go bhfuil tú breis mhaith le deich mbliana in Éirinn faoin am seo, a Shéamais. Cén t-achar é go díreach?

SÓD: Dhá bhliain déag.

SMM: Is as California ó thús thú, a Shéamais, ach is as Árainn do shloinne, agus bhain taobh eile do mhuintire le Liatroim, nach ea?

SÓD: Rugadh i mBoston Massachusetts mé, ach d’aistrigh muinn, an teaghlach uiliug, go California nuair a bhí mé beagnach seacht mbliana d’aois. Mar sin, is i gCalifornia a tógadh mé féin is mo dhreatháir, agus ba é an saol mar a scríobh John Steinbeck faoi a chaith mé i dtuaisceart Chalifornia. Tá eolas a’m ar shaol atá le feiceáil sna scannáin, saol nach bhfuil ann a thuilleadh den chuid is mó, ach go háirithe thart ar Silicon Valley. Thall i Silicon Valley an t-am sin, ní raibh ann ach úlloird agus fíonghoirt ó San Jose féin go San Francisco beagnach. D’athraigh sin uiliug.

SMM: Agus is as Árainn do shloinne?

SÓD: Muintir m’athar. Tháinig a athair seisean agus a mháthair as Árainn agus lonnaigh siad i mBoston, Massachusetts. Rugadh m’athair féin ag deireadh an naoú aoise déag i mBoston féin, sa bhliain 1899. Maidir le mo mháthair, tháinig a muintir sise amach as Liatroim, agus lonnaigh siad i mBrooklyn New York, áit ar tháinig sise ar an saol sa bhliain 1902.

SMM: Cén áit i Liatroim ar tháinig siad as, a Shéamais?

SÓD: As Droim Caorthainn.

SMM: Agus an t-ainm a bhí orthu siúd?

SÓD: Mac Tiarnáin a bhí ar an teaghlach sin ach Mac Muirí, nó Mac Morrow, ar thaobh mo mháthar.

SMM: An fíor dom é go bhfuair tú an-oiliúint ag beirt d’aos teangeolaíochta a raibh a n-ainm in airde go hidirnáisiúnta, fear amháin díobh, Joshua Fishman, a raibh baint mhór aige le hÉirinn in am an Athar Colmán Ó hUallacháin.

SÓD: Rinne mé cúrsa le Joshua, sea, agus le Joseph Greenberg, leis an mbeirt acu.

An Afraic

SMM: Céard a déarfá faoin mbeirt sin, mar is beirt cháiliúil a bhí iontu.

SÓD: Go deimhin. Maidir le Joe Greenberg, rinne sé an-obair ag rangú teangachaí an domhain agus thall=finally">sa deireadh thiar ="gloss" title="over there">thall, d’imigh sé as faisean agus is mór an trua é sin. Tá duine amháin, Merrit Ruhlen, ag leanacht ar aghaidh leis an obair sin anois. Tháinig mé go Stanford le mo dhochtúireacht a chríochnú – tháinig mé ann le hobair a dhéanamh faoi stiúir Joe Greenberg ach d’aistrigh mé go dtí an tsochtheangeolaíocht le Charles Ferguson ansin agus chuir sin brón, is dóigh, ar Joe Greenberg, ach bhí mo chroí doirte isteach sa tsochtheangeolaíocht, dháiríre, gur tábhachtach an obair í rangú theangachaí an domhain. Nuair a bhí mé ag réiteach le dul amach chun na hAfraice chun mo chuid taighde a dhéanamh ar an teanga KiSwahili, d’fhreastail mé ar chúpla cúrsa a bhí Joshua Fishman a mhúineadh mar aoi-léachtóir ag an ollscoil sa samhradh. Chuaigh mé amach chun na hAfraice, go díreach ina dhiaidh sin, le taighde sochtheangeolaíoch a dhéanamh ar KiSwahili. Ach thall i Nairobi, sa Chéinia, thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge le hÉireannach a bhí ag múineadh ansin.

SMM: Cén t-ainm a bhí ar an Éireannach sin?

SÓD: Kevin Flanagan, as Béal Átha hAmhnais i gContae Mhaigh Eo. Dreatháir le Seán Flanagan, Aire Talún fadó, uncail le Dermot Flanagan, sílim, imreoir peile.

SMM: Carachtar a bhí i Joe Greenberg, is cosúil?

SÓD: (Gáire croíúil) Fear an-chineálta! An-scoláire, an-chineálta, ach carachtar ar bhealach, mar cuimhním ar an bhfear bocht agus é ag teacht amach as an leabharlann mhór ar an gcampas in Ollscoil Stanford. Tháinig sé díreach amach ar dhoras tosaigh na leabharlainne agus é ag léamh leabhair. Tháinig sé anuas an staighre ag léamh an leabhair gan breathnú soir ná siar, ar aon taobh, ach é ag breathnú ar an leabhar, ach bhí tobar, nó foinse, go díreach roimhe ag bun an staighre sin. Anois gan a shúil a bhaint den leabhar sin, shiúil sé thart le taobh an tobair agus lean ar aghaidh gan breathnú ormsa ná ar éinne ach é sáite sa leabhar i rith an ama. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal!

Buntús Cainte

SMM: Thall san Afraic a bhí tú nuair a músclaíodh do spéis i nGaeilge, leis an bhFlannagánach seo. An é gur thosaigh sé ag múineadh cúpla focal duit?

SÓD: Agus mé ag déanamh mo chuid taighde ar KiSwahili, bhí mé ag múineadh i scoil bheag. Ba dhuine den dream sin, British Volunteers Overseas a bhí ann, buachaill deas. Bhí baint ag daoine i Nairobi leis an ngrúpa sin. Chuala an Flannagánach fúmsa uaidh, agus fuair mé cuireadh dul ar cuairt chuig Caoimhín, rud a rinne mé. D’fhiafraigh sé díom, “Is Direánach thú agus tá baint agat le muintir Árann -- tuige a bhfuil gach teanga eile a’t - bhí na seacht dteangacha a’m faoin am sin – cén fáth a bhfuil gach teanga eile a’t nuair nach bhfuil Gaeilge a’t?” Ar ndóigh, ní raibh an deis a’m ar an teanga a fhoghlaim roimhe sin, dháiríre. An bhliain 1972 a bhí ann agus ba dheacair teacht ar ábhar ceart faoin nGaeilge i gCalifornia ag an am. Thosaigh sé ag múineadh Gaeilge dom as leabhráin Bhuntús Cainte.

SMM: Céard a tharla sa saol gur bhog tú go hÉirinn?

SÓD: Nuair a bhí mé teacht abhaile go Meiriceá, stop mé isteach ag mo mhuintir in Árainn. Bhí fúm teacht amach arís go luath ina dhiaidh sin, ach bhí mo shaol féin ar tí casadh i dtreo eile ar fad. Ní raibh deis a’m ar theacht ar ais go dtí sé bliana déag ina dhiaidh sin, sa bhliain 1988. Fuair mé deis ar theacht ar ais go hÉirinn le cara a raibh Gaeilge ar a thoil aige ag an am, John Morrisey, seanchara liom. Tháinig muid anall as California, agus thug mé cuairt ar mo mhuintir in Árainn agus ar mo mhuintir i gContae Liatroma chomh maith. Faoin am sin, bhí Gaeilge ar mo thoil a’m. Bhí an-obair déanta agam i gCalifornia faoin am sin, agus mé an-ghníomhach i gcúrsaí cultúrtha.

Bhain mé an dochtúireacht amach ag Stanford sa bhliain 1975, ach d’fhág mé an saol acadúil ar feadh deich mbliana ina dhiaidh sin agus chuaigh mé leis an nGaeilge! Bhí mé gníomhach i gcúrsaí Ghaeilge na hAlban chomh maith le Gaeilge na hÉireann, agus bhí mé ag múineadh Gaeilge agus ag foghlaim Gaeilge ar chuile bhealach. D’éirigh mé mór le beirt as Carna, Delia Mhaidhc Tammany (Delia Ní Cheannbháin) agus Peter Moylan (Peadar Ó Maoláin). Bhí deiseanna a’m labhairt go minic leo sin. Nuair a tháinig mé anall anseo sa bhliain 1988, bhí mé in ann labhairt le mo mhuintir in Árainn i nGaeilge, agus chuir sin iontas orthu. Ina measc, bhí máistir na gairmscoile i gCill Rónáin, Caomhán Ó Goill, ann. Chuir mé aithne ar Chaomhán agus ar a bhean Enda an chéad lá riamh in Nairobi, nuair a bhí mé ag tosú ar an nGaeilge, mar ba chairde le Caoimhín Ó Flannagáin iad. Bhuail mé isteach chucu anois sa bhliain 1988 agus bhíodar ag gáire. Bhí iontas an domhain orthu go raibh mé compóirteach sa nGaeilge.

Canúint na Muintire

Ar an turas sin, bhuail mé le Tomás de Bhaldraithe, agus mhol sé dom taighde a dhéanamh ar Ghaeilge Árainn. Mhol sé dom dul go Baile Átha Cliath chun caint le Máirtín Ó Murchú, mar theastaigh taighde ar na canúintí in Árainn ó Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn BhÁC. Tháinig mé ar ais cúpla bliain ina dhiaidh sin leis an taighde a dhéanamh in Árainn. Chuir mé eolas ceart ar mo chanúint féin in Árainn ansin. Tharla gurb iad na faisnéiseoirí ba mhó a raibh mé ag caint leo, Domhnach is dálach, beirt a bhí ina gcónaí sa teach taobh thiar den teach inar rugadh mo sheanathair. Dá bhrí sin, is í canúint mo sheanathar atá a’m anois, cé nár leag mé súil riamh ar an bhfear céanna.

SMM: Ar chaith tú tamall ag léachtóireacht i gCorcaigh agus i nGaillimh ina dhiaidh sin?

SÓD: Chaith. Chaith mé cúpla bliain ag múineadh go lánaimseartha ag an ollscoil i gCorcaigh. Cúrsa canúineolaíochta agus cúrsaí gramadaí d’ ábhar múinteoirí a bhí le dul amach ag múineadh sna scoileanna.

SMM: Céard a shíleann tú de mhic léinn na hÉireann?

SÓD: Ba chóir dá lán acu níos mó oibre a dhéanamh. An locht is mó a bheadh a’msa orthu, nach mbíonn a leath acu ag freastal ar an rang go rialta. Tá siad ag clamhsán faoi na táillí ach cá bhfuil siad sna ranganna? Agus bíonn siad chomh tostach sin nuair a bhíonn siad sna ranganna, mar cuirfidh tú ceist orthu, ach ní bhfaighidh tú freagra. Caithfidh siad a bheith níos baintí leis an saol scolártha.

SMM: Bhog do dheartháir go hÉirinn i do dhiaidh, agus is beag nár lonnaigh sibh i gCo. Liatroma am amháin, ach buaileadh go dona tinn é.

SÓD: Bhí sé ag fáil bháis den ailse. Ó, bhí sé deacair! Theastaigh uaidh bás a fháil in Éirinn. Níor theastaigh uaidh fanacht i gCalifornia, cé nach raibh mórán ama fanta aige. Tháinig sé go Gaillimh mar gheall ar an ospidéal atá anseo. Tháinig mise as Corcaigh chuig an ollscoil anseo. Tairgíodh bliain eile ar a laghad dom ag an ollscoil i gCorcaigh, ach bhí orm teacht anseo chun freastal ar mo dhreatháir, mar bhí sé an-lag ag an am.

Athruithe

SMM: Chonaic tú athruithe go leor i scéal na Gaeilge ón gcéad lá ar leag tú cos ar thalamh ghlas na hÉireann. Is cuimhin liom thú ag iarraidh míniú do Fishman lá amháin, ag an seandún láimh le Béal Bhóraimhe, Cill Dhá Lua, Contae an Chláir, an t-athrú a tháinig ar do dhearcadh féin abhus faoin irelandization.

SÓD: Tá cúpla rud ag tarlú anois. Tá an Ghaeilge ag fás. Tá an náire faoin teanga ionann is imithe. An náire a bhíodh orthu agus an náire a cuireadh orthu, ar na ‘Gaeilgeoirí’, tá sé sin ionann is imithe anois. Is teanga nua-aimseartha náisiúnta anois í. Tá dhá rud ag tarlú -- tá an Ghaeilge ag fás sa nGalltacht agus, b’fhéidir, ag fáil bháis sa nGaeltacht -- b’fhéidir sách sciobtha anois mar go bhfuil sí ag meath i measc an aosa óig. Tá siad sin faoi dhraíocht ag saol an Bhéarla. Tá a lán oibre déanta ag Brian Ó Curnáin, scoláire eile ó Scoil an Léinn Cheiltigh, ar an bhfadhb sin, chomh maith le Conchobhar Ó Giollagáin, scoláire eile. Tá an-taighde déanta acu. Tuigeann siad nach bhfuil ann ach fiche bliain nó mar sin, fanta ag an nGaeilge i measc an aosa óig i gConamara mura mbeidh athruithe móra ann. Tá siad ag caint ar chroílár na Gaeltachta anois -- faoi Ros Muc agus Iorras Aithneach.

SMM: Céard a déarfá faoi Inis Meáin?

SÓD: Tá na hoileáin difriúil. (ag gáire) Tá mé ag moladh mo mhuintire féin, ach tá siad faoi bhrú chomh maith. Déarfadh daoine ar nós Dheirdre Ní Chonghaile agus daoine eile an rud céanna. Léireodh siad tuairimí níos cruinne ná mo thuairim féin, ach déarfainn go bhfuil scéal eile ag baint leis na hoileáin.

Cinnte, i gConamara, tá an t-aos óg faoi bhrú, go háirithe thríd an teilifís. Cuidíonn an raidió leis an gcomhrá Gaeilge sa teaghlach, ámh -- is é sin, Raidió na Gaeltachta. D’fhéadfadh an raidió a bheith ar siúl sa gcúinne, agus ní chuirfeadh sé isteach chomh mór sin ar an gcomhrá, ach is cinnte go gcuirfeadh an teilifís isteach ar aon chomhrá a bheadh ar siúl. Maidir le Gaeilge TG4, b’fhéidir nach bhfuil sí thar mholadh beirte. Tá caighdeán na Gaeilge i bhfad níos airde ar Raidió na Gaeltachta, dar liom féin. Bhíomar ag cur is ag cúiteamh i gciorcal comhrá anseo i nGaillimh aréir, agus tá mé dóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge. B’fhéidir go bhfuil saol difriúil i ndán dóibh beirt, an Ghaeltacht agus an Ghalltacht. Tá an scéal ag feabhsú sa nGalltacht, cinnte, ach is lochán tanaí é. Níl mórán doimhneachta ann.

Tá an saibhreas fós sa nGaeltacht, ach ‘céard a dhéanfas muinn feasta gan adhmad’? – is é sin, gan an t-aos óg, má thréigeann siad an Ghaeilge. Nó mura mbeadh acu ach Gaeilge lag lofa -- sa gcaoi go mbeadh Gaeilgeoirí níos fearr ag teacht amach as an nGalltacht sa todhchaí! Caithfidh muinn breathnú, mar sin, ar an dá réimse -- is gan faillí a dhéanamh i gceachtar acu!

An Saothar Mór

SMM: An taighde mór atá curtha i gcrích agat ar chanúintí Oileáin Árann, cén tuairisc a thabharfas tú ar an taighde?

SÓD: Baineann an taighde leis na difríochtaí cainte idir fir agus mná, agus leis na difríochtaí idir na glúine chomh maith leis na difríochtaí idir na bailte fearainn ó oileán go hoileán. ‘Convenience sample’ atá ann - fuair mé na cainteoirí a bhí toilteanach caint liom agus níor fhéad mé plé le mórán daoine, mar bhí an oiread sin den teanga le scrúdú a’m. Bhí ceithre dhuine dhéag a’m mar fhaisnéiseoirí sna trí oileán ar fad i ndeireadh na dála. Leis an méid sin faisnéise féin, bhí mé in ann gréasáin nó patrúin a fheiceáil -- agus mionphatrúin nach raibh mé ag súil leo. Bhí toradh na hoibre go hiontach, agus sin é an fáth ar chaith mé scór blianta ar an obair, mar gheall ar na mionphatrúin.Tá na miondifríochtaí ann agus tá siad córasach. Tá breis is míle leathanach scríofa a’m orthu agus tá mé spíonta! Tá táblaí ann agus beidh miondioscaí in éineacht leis.

SMM: An gcronaíonn tú California uait, tharla gur tirime mar áit í ná iarthar na hÉireann, agus tá seanchairde leat scaipthe ar fud na Stát Aontaithe ar fad chomh maith? An gcronaíonn tú na seanchairde go léir?

SÓD: Tá mé sa mbaile in Éirinn, i ndáiríre. Ach is maith liom na rudaí a tharla i saol na polaitíochta i gCalifornia le deireanas agus i Nua-Eabhrac. Feicim cairde, mar tagann siad go hÉirinn. Chuaigh mé féin ar ais go California cúpla bliain ó shin agus thaithin sin liom, ach ní raibh mé ag tnúth le California a fheiceáil an oiread sin. (gáire) Is maith liom a bheith ann, is maith liom mo chairde a fheiceáil, ach cé gur Meiriceánach mé, is Eorpach mé freisin. Nuair a deirim ‘Meiriceánach’, is Meiriceánach mé ar an mbealach is leithnecuimsíonn an focal an Domhan Nua ar fad. Is Californiach mé mar -- mar a tharla sa toghchán deiridh, nuair a vótáil muintir na Stát Aontaithe ar threo amháin agus vótáil muintir Chalifornia treo eile, le Obama, agus seasaim féin le Obama. Tháinig an Gobharnóir ceart, Jerry Brown, ar ais in oifig tar éis na mblianta. Is maith liom na rudaí a tharla i gCalifornia le deireanas. Is Afracach mé ar bhealach eile, mar tá an Afraic i mo chroí fós.

Cleachtadh Cainte

SMM: Ar lagaigh do chumas ar na teangacha eile a Shéamais, KiSwahili agus araile, mar sin, as easpa cleachtaidh?

SÓD: Ó d’fhéadfainn labhairt in KiSwahili in am ar bith, agus déanaim sin. Nuair a bhí mé i gClub Chonradh na Gaeilge i mBÁC, bhí beirt daoine ann as an Afraic ann, ag foghlaim Gaeilge. Bhí fear acu as an gCongó agus thosaigh mé ag labhairt i gKiSwahili leis, agus bhí ionadh air mar go raibh KiSwahili clasaiceach a’m, an cineál is fearr a chloisfear an gcósta thoir san Afraic. Buailim le daoine as an Afraic Theas ó am go chéile, agus chaith mé samhradh amháin ag foghlaim teanga na Cóisise, nó Xhosa. Is í an Chóisis, teanga Nelson Mandela.

SMM: Tá tú le dul ó dheas.

SÓD: Tá mé ag smaoineamh ar na seolta a chrochadh, tá a fhios a’t. Bheinn sásta fanacht in Éirinn, ach ní féidir liom sin a dhéanamh leis an gcostas maireachtála atá abhus anseo. Tá mé cloíte ag an rud céanna a chloigh na céadta eile in Éirinn. Ní dhéarfaidh mé tada faoi na baincéirí, na forbróirí agus na polaiteoirí. (Gáire) Fágfaidh mé an scéal sin marbh, ach caithfidh mé imeacht chun na Spáinne chun maireachtáil. Is cinnte gur mheall an aeráid ansin mé. Tá an Spáinn cosúil le California, ach tá aeráid na Gailíse leath bealaigh idir aeráid na hÉireann agus aeráid Chalifornia. Sin é an áit as ar tháinig Clanna Míle, faoi Mhíl Easpáinne, as an Spáinn ar dtús!

Comhairle

SMM: Tá oiread sin teangacha á labhairt in Éirinn le blianta beaga anuas. Meas tú an dtuigeann lucht pleanála agus lucht údaráis na tíre seo an tábhacht a bhaineann leis na teangacha seo?

SÓD: Níl a fhios a’m an dtuigeann na húdaráis anseo an tábhacht a bhaineann leo. Sílim nach bhfuil siad níos díograisí leis na teangacha sin ná mar a bhí siad riamh leis an nGaeilge. Is cinnte, áfach, go bhfuil fáilte i measc lucht na Gaeilge roimh na stráinséirí sin, mar cloisim go mbíonn na hinimircigh sásta an Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith le teanga ar bith eile, agus is spreagadh iad ag na daoine eile sa tír seo chun teangacha eile a fhoghlaim seachas Béarla. Tá muinn ar an náisiún is aonteangaí san Eoraip -- go díreach taobh thiar de na Sasanaigh, agus is náireach an rud é sin. Ach na stráinséirí inár measc, spreagfaidh siad muid agus tá a lán acu ag siúl amach le hÉireannaigh agus fiú le Gaeilgeoirí. Ciallaíonn sé sin teaghlaigh ilteangacha sa todhchaí, agus beidh muinín acu dul amach sa saol agus tuilleadh teangacha a fhoghlaim, mar beidh siad solúbtha ar an gcaoi sin -- beidh an intinn acu solúbtha.

Mholfainn do dhaoine teanga mhór eile amháin a bheith acu, chomh maith leis an mBéarla agus an Ghaeilge. Mholfainn an Spáinnis, mar beidh Meiriceá Laidineach ag teacht chun cinn go láidir. Sa Bhrasaíl féin, tá an mheánaicme ag éirí dátheangach cheana féin, mar tá ar intinn acu, cainteoirí Phortaingéilise, a bheith níos cóngaraí dá gcomharsana, Spáinniseoirí. Feicfidh tú an dá Mheiriceá Ibéireach, Spáinneach agus Portaingéileach, ag druidim níos gaire fós dá chéile.

Agus in éineacht le teanga mhór, mholfainn teanga ‘bheag’ – nó teanga mhionlaithe – a bheith ag duine. Tá mé i ngrá leis an Liotuáinis ach go háirithe. Tá stair na Liotuáine an-chosúil le stair na hÉireann. Molaim, mar sin, tacú le teanga bheag amháin eile ar a laghad, dá mbeadh an t-am ag duine. Tá na mórtheangacha ann mar theangacha réigiúnacha, agus tá mionteangacha, nó teangacha mionlaithe, le fáil sna réigiúin sin.

Straitéis

Molaim an méid a dúirt David Mac Williams go háirithe ina leabhair ‘The Generation Game’ agus i leabhair eile. Agus an méid a dúirt Mícheál Ó Cróinín i leith cúrsaí aistriúcháin. Tá radharc breá domhanda ag an mbeirt acu sin. Fear amháin acu, tá an geilleagar á chíoradh aige, ach tá an Ghaeilge i lár a léargais. An fear eile, tá sé dírithe ar theangacha agus ar an aistriúchán, ach tá sé ag breathnú ar an saol réadúil ina bhfuil siad suite freisin. Sin é an comhthéacs sóisialta agus polaitiúil ina bhfuil muinn ag maireachtáil. Mholfainn sin do dhaoine, a bheith níos baintí leis an saol, ní hamháin in Éirinn féin ach taobh amuigh den tír, straitéisí úra a bheith acu agus iad a bheith ag caint lena chéile chun teacht ar aisling eile, ar léiriú eile ar an saol mór.

Tá mé dóchasach faoin teanga. Tá stádas bainte amach ag an nGaeilge san Eoraip agus is mór an rud é sin. Tá nuathéarmaíocht aici anois atá ag teacht le saol na linne. Tá saibhreas againn freisin sa dúchas atá againn. Agus anois, tá ar intinn agam féin a bheith gníomhach ó dheas sa gcúinne Ceilteach sin, sa Ghailís. Tá an cultúr ábhartha Ceilteach coinnithe acu ansin go fóill go fairsing faoin tuath. Féach an teach mór tuí cruinn traidisiúnta, la palloza Gallega, déanta as clocha móra. Níor scrios eachtrannaigh an cultúr ábhartha sin mar a rinneadh anseo. Dá bhrí sin, tá leanúnachas traidisiúin sa gcultúr ábhartha acu.

Ach tá na Gailísigh ag cur spéise sa gcultúr neamhábhartha anois, sa cheol Ceilteach agus san Gaeilge, agus ba mhaith liom a bheith páirteach leo. Ar ndóigh, tá mé ag filleadh ar an seandúchas as ar eascair Clanna Gaeil an chéad lá riamh. (Gáire)

SMM: Tá muid faoi chomaoin a’t, a Shéamais.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.