AR NA SAOLTA SEO/MÓR-CHEIST NA MÍOSA
Seal róghairid ar oileán Cholm Cille

Thug Liz Curtis cuairt ar Í Cholm Cille in Albain san fhómhar ach ní bhfuair sí deis ach cuid den oileán suimiúil seo a fheiceáil.

Íomhá
An bád farantóireachta ag taisteal ó Mhuile go hÍ Cholm CilleGrianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Séipéal Naomh OdhráinGrianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Cros Naomh Martán agus Tòrr an Aba taobh thiar diGrianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Iarsmaí theach an easpaigGrianghraf: Liz Curtis

clú agus cáil go forleathan ar Í Cholm Cille, an t-oileán inar bhunaigh Naomh Colm Cille mainistir sa 6ú haois. Tá sé suite ar chósta thiar na hAlban, agus tá cuma iargúlta air anois. Ach sa seanam, nuair a thaistil daoine go minic ar an fharraige, bhí sé measartha éasca é a shroicheadh ó Éirinn agus neart áiteanna eile – níos éasca ná mar atá sé anois, muna bhfuil do bhád féin agat.

Chuaigh mé ann i mí Mheán an Fhómhair, am deas den bhliain mar nach raibh barraíocht turasóirí thart, ach bhí aimsir bhreá ann go fóill. D’fhan mé thar oíche i mbrú óige san Òban, baile gleoite atá suite ar bhá mór idir cnoic agus oileáin. Tá an brú sin díreach ar an bhá, agus radharc galánta as.

Mar is gnách, bhí daoine suimiúla sa bhrú. Bhí Wendy ann, bean as an tSiombáib atá ag obair i nDún Éideann mar theiripeoir saothair le páistí a bhfuil fadhbanna síceolaíocha acu. Bhí grúpa fear óg de bhunús Indiach ó Stoke-on-Trent ann, ar a mbealach go Taigh Iain Ghròt. Bhí siad ag ullmhú curaí, agus boladh iontach as. Agus bhí fear beag trodach as Learpholl ann, a bhí ag iarraidh buidéal dí a oscailt le scian.

Go luath ar maidin, shiúil mé go dtí an port. Téann bád farantóireachta ón Òban go Creag an Iubhair ar Mhuile, turas a ghlacann trí cheathrú uaire. Ansin faigheann tú bus go Fionnphort, turas a ghlacann uair agus deich nóiméad. Ina dhiaidh sin, faigheann tú bád farantóireachta eile, a bhaineann Í Cholm Cille amach in ocht nóiméad. Fuair mé amach go bhfuil sé i bhfad níos saoire dhá thicéad a fháil, ceann amháin ag an phort do na báid agus ceann eile ar an bhus, ná ticéad amháin don turas iomlán a cheannach ó chomhlacht taistil. Tá bus níos deise don turas sin, ach measaim nach fiú £10 sa bhreis a íoc as.

Bhí cúpla turasóir ar an bhád, agus roinnt fear oibre freisin agus buataisí móra orthu. “Fàilte air bòrd,” a dúirt an captaen trí na callairí i nGàidhlig na hAlban. Maidin bhreá álainn a bhí ann agus bhí cuma dhraíochtúil ar an fharraige agus ar na hoileáin. Nuair a shroich muid Muile, bhí bus seanfhaiseanta ag fanacht linn. Thaistil muid trí thírdhreach creagach crannach, ansin tháinig muid ar chnoic loma agus loch fada, Loch Sgrìodain. Bhí corriasc ar garda in aice leis an uisce síodúil. Bóthar aonbhealaigh a bhí ann, agus thaistil an bus go mall. Faoi dheireadh, chonaic muid ár gceann scríbe trasna na farraige goirme. Oileán lom glas a bhí ann agus cnoic ísle air, agus cúpla foirgneamh scaipthe in aice leis an chladach.

Ar dtús, níor shíl mé go raibh cuma róspeisialta ar Í Cholm Cille. Ansin shiúil mé suas bóthar gairid agus a raibh deora dé faoi bhláth ag a thaobh, rud a chuir iarthar na hÉireann i gcuimhne dom. Tháinig mé ar iarsmaí an chlochair, a raibh cuma álainn orthu. Tá na ballaí déanta as clocha atá ar dhath an róis agus liath, agus tá gairdín cumhráin san áit a raibh an clabhstra tráth. Thóg Reginald, Tiarna na nOileán, an clochar thart fán bhliain 1200. Thóg sé eaglais na mainistreach, atá suas an bóthar, thart fán am chéanna.

Cros ard

Tá halla pobail lonnaithe cóngarach don chlochar agus bhí earraí Cóir-Thrádála ó Neipeal ar díol taobh istigh. Ansin tháinig mé ar chros ard cloiche a dtugtar MacLean’s Cross air. Bhí beirt chuairteoirí as Ceanada, máthair agus mac, ina suí ag bun na croise. MacLean an sloinne a bhí orthu, agus d’fhág teaghlach s’acu Muile sna 1840í. D’iarr siad orm grianghraf díobh a ghlacadh lena gceamara.

Sa Ré Luath-Chríostaí, bhí vallum thart ar shuíomh na mainistreach. Balla mór déanta as cré a bhí i gceist, agus tá cuid de le feiceáil go fóill. Anois tá foirgnimh agus lámhdhéantúsáin as tréimhsí éagsúla ar an suíomh. Tá eaglais na mainistreach ina measc agus Séipéal Odhráin, ar shéipéal adhlactha é. Tá Reilig Odhráin in aice leis, áit ar cuireadh Tiarnaí na nOileán agus ríthe na hÉireann agus na hAlban. Tá iarsmaí de bhóthar ann darb ainm Sráid nam Marbh, a théadh ón fharraige go heaglais na mainistreach. D’iompraítí coirp na dtiarnaí agus rithe suas an bóthar sin.

In aice le heaglais na mainistreach, tá cros ard álainn snoite ón 8ú haois darb ainm Cros Naomh Martán. Taobh thiar den chros sin, tá cnoc beag clochach a dtugtar Tòrr an Aba air. Tá radharc fairsing as ar an fharraige agus Muile. Ag deireadh an 7ú haois, scríobh Adomnán beathaisnéis Cholm Cille. Bhí Adomnán féin i mbun mainistreach in Í Cholm Cille ag an am. Scríobh seisean go raibh tegorium, nó bothán, ag Colm Cille ina ndearna sé a chuid scríbhneoireachta. Deir na staraithe Alan agus Marjorie Anderson, a chuir eagar ar an bheathaisnéis, gur dócha go raibh an bothán suite i dTòrr an Aba. Scríobh siad an méid seo: “Sitting there, Columba could hear a shout on the shore of Mull... and could see what he believed to be a company of angels standing beyond the Sound.”

I ndiaidh am Cholm Cille, tháinig athruithe móra cinniúna ar an oileán. Bhuail na Lochlannaigh go trom é, mar sin thóg na manaigh mainistir nua thall in Éirinn, ag Ceanannas. B’fhéidir gur thosaigh siad ar an lámhscríbhinn chlúiteach, Leabhar Cheanannais, ar Oileán Í, agus gur iompar siad go hÉirinn í ina dhiaidh sin. Ansin sna meánaoiseanna, tháinig rath ar an oileán faoi choimirce Thiarnaí na nÓileán, a rinne suíomh ollmhór oilithreachta de.

Tháinig deireadh leis an mhainistir i ndiaidh an Reifirméisin agus fágadh na foirgnimh ina bhfothracha. Ach tugadh beatha nua di sa 20ú haois, go háirithe nuair a bunaíodh Pobal Í Cholm Cille sa bhliain 1938. Is pobal éacúiméineach Críostaí é, atá beo go fóill, agus a chuireann fáilte roimh aíonna.

Ní raibh ach thart fá cheithre huaire agam ar an oileán sula raibh orm dul ar ais go dtí an bád. Bhí díomá orm nach raibh deis agam siúl thart ar an oileán. Ba bhreá liom na tránna a fheiceáil, agus na háiteanna atá luaite sna scéalta faoi Cholm Cille. Mar sin, ba mhaith liom filleadh roimh i bhfad, agus oíche nó dhó a chaitheamh ansin.

Tuilleadh eolais:

www.isle-of-iona.com

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i nDún Éideann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.