AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Seal le Máire, an damhsóir gabhail
Balor Balor Balor

Míníonn Balor an méid a thit amach agus é i siopa Ann Summers le gairid.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Anois teacht an earraighmo thóin!” arsa Balor an Bhéil Bhinn liom an faoi dheireadh. Bhí Laoch na Litríochta dubhaigeanta agus lagspridiúil an mhí seo a chuaigh thart de thairbhe nach raibh mórán ag tarlú sa tír a dtiocfadh leis a shúil nimhe a chaitheamh air. “Sin mar a bhíonn tús achan bhliana,” a dúirt go smúitiúil, agus é ag amharc ar phictiúr Bhertie Hernia sa Sindo, é faoi mhuincí fada bláthanna cumhra na hInde, maithe agus móruaisle na háite ag bronnadh féiríní air, mná áille na tíre sin ag umhlú , laochadhradh ag lonrú ina súile lasta, agus cuma ar na hÉireann gurbh fhearr go mór leis bheith ina sheasamh ag beár Pagan’s Pub i nDroim Conrach.

B’fhearr le gach duine bheith in áit ar bith eile seachas an áit a bhfuil siad. Nach fíor sin?” a d’fhiafraigh go machnamhach de féin. Ach bhí níos é féin ag éisteacht leis. “ fíor ar chor ar bith, a Bhaloir a thaisce! mise breá sásta áit a bhfuil , bheinn dtiocfadh liom dul go barr na scuaine seo,” a d’fhreagair bean a bhí ag iarraidh brú thairis fríd an scaifte a bhí cruinnithe thart ar an chuntar i siopa Ann Summers. miste dom a mhíniú daoibh, a léitheoirí shoineanta, gur cluineadh do Bhalor go raibh cíochbhearta ar leathphraghas acu sa siopa áirithe sin i ndiaidh na Nollag, agus nach raibh cúis ar bith eile aige a bheith ann ach go raibh den bharúil gur críochbhearta a bhí ar díol ann. Bhí ag iarraidh cúpla ceann a cheannach a dhéanfadh gnoithe chuid altanna do Beo Ar Éigean. raibh mearbhall ar bith ar bhean an fhreagra ghasta faoina raibh á lorg aici, bhí a baclainn lán de rudaí nach cóir tagairt a dhéanamh dóibh in iris a mbíonn deis ag daoine óga é a léamh.

Cad é atá ar siúl agatsa anseo, a Mháire Ruairc? Nach cóir duit bheith sa bhaile ag ceiliúradh do bhua san ainmniúchán a fuair don chéad olltoghchán eile?” “B’fheidir gur chóir,” arsa an seanseanadóir scagbhéalach, “ach dhéanfaidh riamh dearmad ar an fheall a imríodh orm san olltoghchán deiridh. Agus ar eagla mo theipe an iarraidh seo, do mo réiteach féin choinne jab mar dhamhsóir gabhail sa halla rince úr atá á oscailt ag Peadar Mac an Stringfellow i mBaile Átha Cliath. Nach maith mar a fhóireann na rudaí beaga seo dom?” Tháinig racht casachta ar Bhalor Bocht, agus sula raibh faill aige ar í a fhreagairt lean léi ag caint.”

Agus féach na rudaí beaga deasa a fuair don Tánaiste. Cad é do bharúil, a Bhaloir? meas millteanach agam ar do bharúil i dtaca le rudaí beagaagus ag an Tánaiste fosta.” Faoin am seo bhí ár laoch sínte ar an urlár ag racht eile casachta agus é ag iarraidh anáil a tharraingt. “... ...” ar seisean.

Siúr, bhí a fhios agam go dtaitneoidís leat, a Bhaloir,” ar sise, agus í ag bailiú baclainne eile leithéid ó na seilfeanna taobh thiar di. “ an Tánaiste ar an obair chéanna liom féin, a fhios agatar eagla nach mbeidh cúrsaí fostaíochta mar a bhfuil ag dréim leo i ndiaidh an chéad toghcháin eile. Sórt polasaí árachais atá ann don bheirt againn, thuigeann , a thaisce. Fan san áit a bhfuil a Bhaloir agus rithfidh isteach sa seomra gléasta sin. Beidh in ann na rudaí beaga a fheiceáil i gceart gan a bheith i muinín do shamhlaíochta. Cad é atá contráilte, a Bhaloir? Ó, a Bhaloir, níor thuig go mbeadh éifeacht mar sin agam ort. Ó nach mise atá dalba? Ó, nach tusa atá dána? Mo náire thú, a Bhaloir!”

Balor Bocht! Bhí a ghnúis ar aon dath leis an sais a bheas á caitheamh ag Cruise Missile Ó Briain ag an *Love Ulster Rally *ar Shráid Chonaill ag deireadh na míosa; é ar a ghlúine, cromtha lena chloigeann ar an urlár réidh le caitheamh amach.

Ó a Bhaloir, buartha,” arsa Leithléisí Lár na Tíre, “ba chóir go mbeadh a fhios agam go bhfaigheadh an drúis an ceann is fearr ort. Sin mar a bhíonn fir go leor nuair a thosaím ag caint leo faoi chúrsaí... faoi chúrsaí... íogaire, a fhios agat. Ach gach seans nach mbeidh orm dul i mbun na *lapdanceála *ar chor ar bith. Gach seans gur ar ais sa Dáil a bheidh i gceann bliana.”

Agus más mar sin a bheas, bhuel is gearr go mbeidh i m’Aire Rialtais arís, agus i mo Thaoiseach go gairid ina dhiaidh sin. Agus tabharfaidh aire mhaith duitse ansin, a Bhaloir, agus dod’ chairde i saol na Gaeilge. Fan go bhfeice . haon duine mise a dhéanann faillí sna daoine a chuidigh liom in am an ghátair, na daoine a d’oibrigh ó dhubh go dubh ar nós daoine gorma. Is iad is fearr a oibríonn go dian, a fhios agatseachas na daoine donna agus na daoine buí agus na daoine geala. Ó, is mór an meas atá agam orthu go léir, níl rian ar bith den chiníochas ionam.

Agus nuair a bheidh i mo Thaoiseach cuirfidh daoine cearta, daoine fónta, daoine fiúntacha i mbun Údarás na Galltachta agus Fhoraois na Gaeilge agus cuirfidh tusa, a Bhaloir, i mbun... i mbun... i mbun... Erectus na Gaeilge! Ó nach atá dalba, a Bhaloir. i ndiaidh a fháil all worked up arís. Mo náire ! Ach éist leis seo, a Bhaloir, a chroí: bheidh ortsa bheith ag sclábhaíocht do Beo Ar Éigean níos . a fhios ag madaí an bhaile chomh crua is a oibríonn sa phost sinó dhubh go dubh, díreach ar nós duine gorm... duine geal duine donn duine buíseachas an mhuintir bhuí ó thuaidh nach n-oibríonn ar chor ar bith ar scor ar bith, ach a chaitheann a gcuid ama ag olagón agus ag ceasacht agus ag ceasnaí agus ag casaoid, nuair nach bhfuil cúis ar bith acu bheith ag gearán. Gheobhaidh jab ceart litríochta duit: beidh mar scríbhneoir óráidí domsa, agus mar Thaoiseach.

Ach a Bhaloir, feictear dom nach bhfuil i mbarr do shláinte. Gheobhainn otharcharr duit le a thabhairt chuig ospidéal, ach go mbeifeá ar thralaí ar feadh seachtaine ag fanacht le duine inteacht chun aire a thabhairt duit. Níl am ag an Tánaiste rudaí mar sin a shocrú. ag caitheamh a cuid ama ag cleachtadh *lapdanceála *– díreach ar eagla na heagla, a fhios agat; díreach ar eagla na heaglaise. Éist, a Bhaloir, tabharfaidh mise aire duit: póg na beatha agus croí isteach mór agus beidh ar mhuin na muice. Ó, a Bhaloir, nach maith mar a tháinig biseach ort. Ó, cúramach, a Bhaloir. Ó, in ann seasamh? Cad tuige go bhfuil ag rith? Slán, a Bhaloir. Slán tamall.”

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.