THALL IS ABHUS
Seal i Yangshuo
Sylvia Bledow Sylvia Bledow Sylvia Bledow

Chuir Sylvia Bledow aithne ar chuid de mhuintir na Síne trí obair go deonach ina measc.

Íomhá
Le roinnt daltaí
Íomhá
saor
Íomhá
Ag stocaireacht do VET
Íomhá
Ar turas

Tráthnóna atá ann agus scoláirí an choláiste ag imirt leadóige boird, spórt náisiúnta neamhoifigiúil na Síne. an bus scoile parcáilte in aice leis an bhord. Bus foscailte atá ann, ar nós gach bus eile sa chathair sin, agus baintear úsáid as mar bhinse le linn an lae. Téim isteach sa bhus agus suím síos chun an chluiche a fheiceáil. Críochnaíonn an cluiche agus tósaíonn cluichí eile, ceann i ndiaidh a chéile. Tagann fear isteach sa bhus agus suíonn síos le mo thaobh. TugtarPeterair mar ainm Béarla. Scoláire sa choláiste atá ann, fear atá timpeall daichead bliain d’aois.

Hello, Sylvia arsa Peter agus cuma an bhróin air. Mar is gnách leis, My English is very poor ar seisean. Tugaim an freagra coitianta air agus deirim nach bhfuil a chuid Béarla lag ar chor ar bith agus go bhfuil i bhfad níos fearr mo chuid Sínise, sin í an fhirinne gan amhras. Scoláire dícheallach atá i bPeter. Bíonn ag tapú gach deis lena chuid Béarla a chleachtadh. Tógaim mo cheap nótaí agus m’fhoclóir beag Sínis-Géarmáinis amach mar áis tuisceana agus tósaímid ar chomhrá. Scríobhann Peter a ainm i mBéarla agus ansin sa tSínis. Ansin scríobhann seoladh an bhaile ina bhfuil ina chónaí agus seoladh a bhaile dhúchais. Níor thuig ag an phointe sin chomh tábhachtach is atá an sheoladh sin sa tSín. Is é do bhaile dúchais an áit ina bhfuil cláraithe, an áit a bhfuil an ceart agat a bheith ag obair, an áit ina bhfuil do mhuintir ina gcónaí. I ndomhan nua-aimseartha seo na Síne ábalta dul ar obair in áiteanna eile ach bíonn an-chasta do chearta sibhialta a bhaint amach ina n-iomláine. Is sráidbhaile bocht i gcúige Szechuan baile dúchais Peter, ach ina chónaí lena bhean chéile anois i Dongguan, 3000 míle i gcéin. Is í Dongguan ceann de na cathracha is borradh, borradh mar bheacán i rith anleasaithe agus oscailtea tharla i ndiaidh Mao Tse Tung. Is í an oiliúint a thabhairt dona mbeirt mhac príomhchuspóir thuismitheorí Peter. Cuirim ceist air nach bhfuil crua agus bhean chéile. “ fadhb ar bith í”, ar seisean. “ muid cleachta leis. Féicimid na buachaillí gach bliain i rith na laetheanta saoire.” I rith na seachtainí i ndiaidh sin amharcaim ar Peter nuair a bhuailimid le cara atá ag iompar go bródúil a leanbh óg ar an tsráid, an dóigh nádurtha ag Peter agus é ag súgradh lena ladhracha bídeacha. Amharcaim air nuair a thagann iníon bheag scoláire eile isteach san oifig agus sinne inár suí ann, an dóigh a gcromann roimpi, an dóigh a labhraíonn léi agus é ag déanamh dearmaid ar gach duine agus gach rud eile sa domhan. Amharcaim air fosta agus é ag siúl le Charlie, an scoláire is óige sa choláiste agus a lámh ar a ghuaillí ar nós na bhfear Síneach. Athair ceanúil atá ann! Ach sin é an saol nua-aimseartha, scaradh na dtuismitheorí lena gcuid páistí do roinnt milliún duine sa tSín agus rud as an ghnáth é, dar leo.

Gnó le Béarla

Is dócha go bhfuil Peter sásta lena shaol. post maith aige anois agus chuir a fhostóir é chun an choláiste mar shíl gurbh infheistíocht bhrabúsach í. gnó mór le comhlachtaí idirnáisiúnta ar siúl acu agus daoine le neart Béarla de dhíth go géar orthu. Íocann an comlacht corradh le 13,000 yuan (€ 1300) in aghaidh na ráithe le cúrsa Béarla a chur ar fáil do Peter, costas bia agus leaba san áireamh. Sin costas i bhfad ródhaor do mhórchuid na ndaoine. Ach a fhios ag gach duine go bhfuil inniúlacht sa Bhéarla riachtanach le dul chun cinn a bhaint amach sa tsaol. smaointe eile ag Peter, áfach. B’fhéidir go mbeidh ábalta gnó eile bainteach le onnmhairiú is allmhairiú a bhunú le cara leis. Agus aidhm eile fosta aige. Fuarthas fionnachtana seandálaíochta a bhfuil an-tábhacht leo cóngarach shráidbhaile féin i Guanghan. “Is mian liom dul go taispeántas Sanxingdui le mo chlann mhac”, ar seisean. “Ba mhaith liom cúltúir na Síne a thaispeáint dóibh.”

D’éirigh as mo phost mar mhúinteoir dhá bhliain ó shin. Mar mhúinteoir Béarla saorálach a tháinig ag obair i ranganna i mbunscoileanna bochta amuigh faoin tuath i ndeisceart na Síne. Bhínn ina theannta sin ag cuidiú leis na cláracha sa choláiste tráchtála teanga ina raibh i mo chónaí.

Fiafraíonn Peter díom cén fáth ar tháinig mar shaorálaí chun na Síne agus cad chuige nach mbainim amach tuarastal an mhúinteora sa choláiste. Deirim leis gur mhaith liom a bheith ag obair le páistí agus gur tábhachtach ar fad é go bhfoghlaimaíonn na páistí míbhúntaistí sóisialta Béarla chomh maith. Bhreathnaíonn idir an shúil orm a agus ar seiseanGo raibh maith agat. Gabhaim buíochas leat as do chuidiú le páistí na Síne”.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Meiriceánach ó dhúchas atá ina cónaí sa Ghéarmáin le blianta í Sylvia Bledow.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.