AR NA SAOLTA SEO/LITIR AS BÉAL FEIRSTE
Seal i Londain ilchultúrtha
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

cur síos ag Liz Curtis an mhí seo ar chathair ilchultúrtha Londan, áit ar chaith tréimhse le déanaí.

Íomhá
Léirseoirí frithchogaidh i Londain, 13 Deireadh Fómhair
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Léirseoir frithchogaidh i Londain, 13 Deireadh Fómhair
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Daniel Ramdeen, dearthóir cultacha carnabhail, Harlesden, Londain
Grianghraf: Liz Curtis

i ndiaidh tamaillín a chaitheamh i Londain. Bhí an-aisteach dul ansin ó Bhéal Feirste. Tharla an t-uafás ag an Ionad Trádála Domhanda trí seachtaine sula ndeachaigh anonn. Bhí an chuma ar an scéal go raibh achan duine i Londain an-bhuartha go dtitfeadh eitleán orthu gan choinne le beannachtaí ó Osama bin Laden, agus anois siad buartha faoin antrasc fosta.

Bhuel, i mBéal Feirste maireann daoine ina ndomhan beag féin, agus an t-atmaisféar seicteach mar scamall chomh mór agus chomh híseal sin os cionn achan rud nach sílfeá go raibh domhan mór taobh amuigh ar chor ar bith. Agus is cinnte nach mbeadh Tuaisceart na hÉireann mar an chéad sprioc ag lucht tacaíochta na bPalaistíneach. Ach thall i Londain níl rud ar bith eile sna nuachtáin ar an teilifis seachas feachtas buamála na Meiriceánach agus na Sasanach san Afganastáin.

Deirtear go bhfuil mórchuid na Sasanach i bhfábhar an fheachtais sin, ach chuaigh féin ar an mhórshiúl ina éadán ar 13 Deireadh Fómhair agus bhí scata millteanach mór i láthair. Bhí Cearnóg Trafalgar plódaithe ag an deireadh.

Agus ar mo bhealach go dtí an mórshiúl, bhí lánúin óg in aice liom ar an traein. Bhí an cailín ag caint le cara cuid ar a fón póca: “Beidh mo mhamaí ar an mhórshiúl,” a dúirt . “Beidh mamaithe a lán daoine ann.” Thosaigh ag gáire, mar is cuid de ghlúin na mamaithe féin.

Agus bhí an fhírinne ráite aici. Bhí daoine as achan ghlúin ann, ó sheandaoine go páistí i mbugaithe. Bhí a lán mac léinn ann chomh maith, mic léinn leighis san áireamh, agus cótaí bána agus steiteascóip orthu. Bhí daoine as CND ann, comhshaolaithe, sóisialaithe, cóir ag caitheamh léinte dearga agus ag canadh go bríomhar leo, Moslamaigh ina n-éadaí traidisiúnta, agus a lán daoine ag iompar bratacha agus fógraí marNot in my nameagusTwo bombs don’t make a right”.

Bhí atmaisféar breá cairdiúil ann, agus achan duine glan in éadán pholasaí cogaidh Tony Blair. Ach níl an chuma ar an scéal go bhfuil ag éisteacht.

Ceantar ilchultúrtha

Bhí ag stopadh le cara in Harlesden in iarthuaisceart Londan. Seans go bhfuil a fhios agat é. roinnt mhaith Éireannach ann, de réir na nuachtán atá le fáil (fiú an Irish News ó Bhéal Feirste) agus na tithe tábhairne inar féidir leat amharc ar chluichí CLG ar an teilifís.

Is áit de chuid an lucht oibre é Harlesden. sráideanna deasa duilleogacha ann, agus iad lán tithe a tógadh thart chéad bliain ó shin. Ach cuid de na tithe ag titim as a chéile, péint ag scamhadh, píosaí móra adhmaid ag cur tacaíochta ar fáil do chuid acu, fiú, agus cláracha ar na fuinneoga.

Caithfidh a gur breá liom Harlesden, go háirithe mar gheall ar gur áit é atá go hiomlán ilchultúrtha agus de bharr go réitíonn daoine le chéile. codarsnacht ollmhór idir an áit agus Béal Feirste, ar ndóigh, áit a bhfuil dhá phobal den dath amháin, atá go hiomlán scartha.

daoine i Harlesden as achan chearn den domhan. Thuas staighre, mar shampla, bhí lánúin as an Pholainn agus a n-iníon bheag, lánúin as Gána agus fear as Eritrea. a lán daoine sa cheantar as Na hIndiacha Thiar ó dhuchas, mar aon le daoine ón Afraic, ó oirthear na hEorpa, ón Ind agus ón Phacastáin.

Ar an phríomhshráid, is féidir ionaim agus bananaí glasa agus mangónna a fháil, agus a lán glasraí nach bhfaca riamh roimhe. siopaí a dhíolann cosmaidí Afracacha agus píosaí fada gruaige - fíor agus saorga - leis an ghruaig a shíneadh. roinnt mhaith siopaí inar féidir lámhmhaisiú a fháil i stíl Nua-Eabhrac. siopaí bearbóra Iar-Indiacha ann, atá mar ionaid phobail. Agus suas síos an tsráid téann fír óga gorma i ngluaisteáin snasta atá ag preabadh le ceol.

méid millteanach eaglaisí sa cheantar agus ar an Domhnach feictear scataí daoine ag dul chucu, iad gléasta go deas. Chomh maith le Caitlicigh agus Eaglais Shasana, Baistigh, Meitidistigh, Deisceabail Chríost, Seventh Day Adventists agus an United Reformed Moravian Church ann.

Mahogany

fuinneog siopa sa phríomhshráid atá lán de mhascanna carnabhail. siad lonrach, ildaite, galánta. Ina measc, fiana grástúla ruithneacha, grian óir ollmhór, agus bean a bhfuil bananaí ar bharr a cinn. Chuaigh isteach agus bhí fear óg ann ag obair le píosaí móra sreinge.

D’fhiafraigh do an bhféadfainn cúpla grianghraf a ghlacadh.

fáilte romhat,” a dúirt . Ansin chuaigh muid i mbun comhrá. Daniel an t-ainm a bhí air agus tugtar Mahogany ar an chomhlacht.

Déanann muid cultacha choinne achan chineál ócáide,” a dúirt . “Mar shampla, Carnabhal Notting Hill agus Paráid Ardmhéara Londan agus geamaireachtaí na Nollag. Chuaigh muid go Corcaigh uair amháin agus thaitin go mór linn. Chuir muintir na háite fáilte mhór romhainn.”

Is as Oileán na Tríonóide dadaí Daniel, agus bhunaigh seisean an comhlacht, in éineacht le bean atá ina dearthóir an-eolach.

Tógadh leis an Charnabhal ,” a dúirt Daniel. “Rinne staidéar ar an innealtóireacht agus ar an dearthóireacht thionsclaíoch. Oibrím anseo mar tháthaire, ag cur na n-úmacha le chéile. Cuireann daoine eile an phéint agus an glitter orthu.”

Ansin mhínigh an méid seo domh: “Ceilúradh saoirse i ndiaidh na sclábhaíochta ab é an Carnabhal ar dtús. raibh cead ag na sclábhaithe seinm ar na drumaí, mar bhí eagla ar na huinéirí go seolfaí teachtaireachtaí leo. Ansin fuarthas drumaí ola agus rinneadh drumaí astu.”

Is féidir dul i dteagmháil le Mahogany ag costumes@mahoganycarnival.com cuairt a thabhairt ar a suíomh gréasáin ag www.mahoganycarnival.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.