CÚINNE NA nEALAÍON
Seacht mBliana de Líníocht
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Bhí Ciara Nic Gabhann ag caint le Michael Doherty, ailtire agus ealaíontóir as Béal Feirste a bhfuil bonn faoi thiar i gcondae a shinsir, Tír Chonaill, le tamall de bhlianta. lorg Conallach ar a shaothar faoin am seo, lorg a fheicfear ag an taispeántasSeacht mBliana i nGleann Cholm Cille’ a osclófas i mBéal Feirste tús na míosa seo.

Íomhá
Stad a haon
Íomhá
Cúbtha
Íomhá
An Creachadóir
Íomhá
An Dochartach, Mícheál
Íomhá
Everyone left but the Child

Beidh taispeántas ealaíne Seacht mBliana i nGleann Cholm Cille ag an ealaíontóir Feirsteach, Michael Doherty, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ag oscailt ag tús na míosa seo.

Caitheann an taispeántas súil ar an tírdhreach áitiúil chomh maith leis an sráidbhaile anuas tríd na blianta. Aimsíonn Michael radharcanna a léiríonn maorgacht na timpeallachta agus spreagann ár bhfiosracht maidir leis na scéalta agus leis an stair atá faoi cheilt sna seantithe agus sna ballai cloiche a chuireann ina chuid pictiúr.

Thosaigh Michael agus a bhean chéile Irene ag teacht go Gleann breis is 10 mbliana ó shin agus iad ag triall ar cuairt chuig cara. Chuaigh an ceantar i bhfeidhm orthu agus nuair a cheannaigh siad teach samhraidh, fuair siad an deis famhacha gcuid féin a chur síos sa cheantar chomh maith le hateagmháil a dhéanamh leis an chontae ina raibh sinsir Michael, Clann Fiamhain Muintir Dhochartaigh, faoi iomrá leis na céadta bliain siar. Mar atá ag ceann de na seandánta ag CELT, ‘Innis ród, a Ráith Oiligh: 26. Ó Dochartaigh Dhúin Oilighcréad dob áil fiarfoighidhgnúis taoibhneambán go ngné ghil, m’aoinleannán é ina aimsir. 27. Fuil Fiamhain giodh iad is fearr d’folaibh uaisle na hÉireann, mar bhíd réaltana um lán, a n-éantogha is Seaán. (http://www.ucc.ie/celt/online/G402563/text029.html)

Ghlac Michael leis an deis a bheith ag cur lena gcuid Gaeilge trí ranganna Oideas Gael agus chuir fáilte roimh an tsaoirse chun a chumas líníochta a chleachtadh arís.

Rinne ealaín don A- leibhéal agus nuair a bhí ag freastal ar an ollscoil, rinne me beagáinín fosta, ach achan rud i gcúrsaí ailtireachta dírithe ar na ríomhairí anois. Sileann daoine go gcaitheann ailtirí an chuid is den ag déanamh pictiúr! Níl mórán deis agat sin a dhéanamh. Nuair a bhí an teach faighte againn, shocraigh gur áiméar a bhí ann sult a bhaint as an tírdhreach, b’fhéidir ag dul amach ag siúl, ag cleachtadh mo chuid Gaeilge agus a bheith ag déanamh pictiúr.”

An Saothar

cruinneas an ailtire le feiceáil ina sceitseanna tosaigh, déanta le peann luaidhe, agus is léir an sult a bhaineann as an sceitseáil. Chomh maith leis sin, tuiscint iontach ag Michael ar an pheirspeicíocht líníoch, ar chodarsnacht línte agus ar na marcanna éagsúla a chuireann toin agus uigeachtaí an cheantair i láthair go feidhmiúil. Thosaigh ag freastal ar ranganna líníochta fíoracha i mBéal Feirste agus dhearbhaigh gur chuidigh an cleachtadh seo lena mhodh líníochta féin a fhorbairt.

Le líníocht fíoracha, caithfidh a bheith ag obair ón ghualainn- ar an ábhar gur saothar níos atá ann agus go bhfuil teorainn ama i gceist – “mar sin na marcanna a dhéanann go hiomlán difriúil. Bhí ag iarraidh dathanna a thabhairt isteach san obair ag úsáid crián cointé daite, ag iarraidh nasc a dhéanamh idir an líníocht agus ábhair sa cheantar seo.”

Is ábhair spreagtha ag Doherty an Ghaeilge, béaloideas, stair agus logainmneacha Ghleann Cholm Cille agus siad le feiceáil fite fuaite ina shaothar. Insíonn go magúil go raibh ag leanúint coiscéiman chreachadóra Naomh Colm Cille i sraith pictiúr a rinne a bhí bunaithe ar na galláin cloiche atá le feiceáil ar Thuras Cholm Cille.

Tháinig Colm Cille isteach agus chuir comharthaí na Críostaíochta ar bharr na gcloch a bhíodh ina gcomharthaí ar an phagántacht anuas roimhe sin. Creachadóir a bheadh ionam mbeinn ag iarraidh mo ábhar féin a chur ar na clocha sin anois! Rinne pictiúr de chloch atá taobh amuigh de stáisiún an Gharda agus scríobh air, “Bhí Colm Cille anseoagus is é an t-ainm a chuir leis an phictiúr , ‘Creachadóir ag an Staisiún’.

An Tírdhreach

Téann tírdhreachanna Michael in aghaidh coinbhinsiúin, agus luann Art Nouveau, Egon Schiele agus an ghluaiseacht Die Stijl mar ábhar ealaíne a thaitníonn leis. Is díol suntais a roghalínte cúramacha grástúla an Art Nouveau i gcodarsnacht le pictiúir smeartha Schiele agus an chodarsnacht chéanna le brath ina shaothar féin. Coinníonn istigh na cáblaí agus na cuaillí fóin ina chuid tírdhreachanna agus is mar sin a dhéantar nasc leis an saol loighciúil agus leis an dúlra fiáin.

Síleann daoine gur cóir rudaí mar sin a scuabadh amach, go mbeadh an pictiúr níos rómánsaí gan iad, ach is breá liomsa iad! Is cuid den tírdhreach iad! Baineann leis an A- leibhéal a rinne sa mhata, is docha. Sin cuar parabóileach (ag caint ar chuar cábla atá os ár gcomhair). Amharc chomh deas is atá .”

clú agus aitheantas náisiúnta ar ailtireacht Doherty as ucht na fhoirgnimh phoiblí fhísiúla, mhuiníneacha atá curtha ar fáil acu. gaol láidir ag an chomhlacht le Béal Feirste agus le pobal Gaelach na cathrach sin go háirithe. go leor foirgneamh suntasach acu ansin (An Nasc, Bunscoil Feirste, Meánscoil Feirste, Teach Basil) a thaispéanann a mbá leis an chultúr, an stair agus leis an teanga. (http://www.ajspecification.com/Buildings/PictureGallery/?CIBuilding_ID=49)

Is mór an bhaint atá ag Michael é féin go pearsanta le saol na Gaeilge. , mar shampla, an díospóireacht a chuir ar bun le haghaidh suaitheantas nua do lucht labhartha na Gaeilge chomh maith leis an obair chomhairleorachta a rinne doEasyreader’, pacáiste foghlama Gaeilge.

Is saol saor ó strus an saol a bhíonn ag Michael de ghnáth agus é ag dul don líníocht sa Ghleann agus, mar a dúirt liom, déanann cinnte go mbíonn cóngarach do thábhairne Toigh Roarty, do chaife an Chlacháin, ar eagla go mbuailfidh an tart é agus é ag líníocht leis! Stopann daoine agus é ag tarraingt choinne comhrá beag leis. Is mar sin a dhéanann pictiúir ’s aige, amháin fíorthaifead ar áilleacht an Ghleanna, ach ceiliúradh fosta ar an am phléisúrtha a bhí caite aige á ndéanamh.

Seolfar an taispeántas i gCultúrlann McAdam-Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, Béal Feirste ar an 4ú Meán Fómhair agus mairfidh go dtí deireadh na míosa.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.