CÚINNE NA nEALAÍON
Sé Dhán Le Ryókan
Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock

Chuir Gabriel Rosenstock leagan Gaeilge de ‘Sé Dhán’ le Ryókan ar fáil dúinn thíos. Beidh sé le fáil in imleabhar 3 den díolaim ‘Guthanna Beannaithe an Domhain’ a fhoilseofar an bhliain seo chugainn.

Íomhá
An tseanuaigh
Íomhá
An tEarrach
Íomhá
Teimhliú an tsléibhe
Íomhá
An fuacht

Do M’oide

Seanuaigh i bhfolach ag bun cnoic thréigthe,
fiaile uaibhreach nach nglantar ó bhliain go a chéile,
níl éinne fágtha chun freastal ar an tuama,
is ní ghabhann thar bráid ach corrghearrthóir crann.
Bhíos im’ dhalta aige tráth, im’ strapaire mothallach,
d’fhoghlaimíos a lán uaidh taobh leis an Abhainn Chaol.
Maidin amháin, bhailíos liom ar m’aistear aonair,
d’imigh na blianta, ciúnas fada eadrainn.
Táim tagtha ar ais is faighim anseo ina luí é.
Conas is ceart onóir a thabhairt dá anam dílis?
Doirtim uisce íonghlan ar a leac uaighe
is cuirim paidir chiúin lena anam.
Imíonn an ghrian go tobann laistiar den chnoc
is slogtar mé ag búir na gaoithe sna crainn ghiúise.
Deinim iarracht mé féin a tharraingt ón áit ach teipeann orm;
fliuchann tuile deor mo mhuinchille.

Feabhra

Ag meascadh leis an ngaoth
titeann an sneachta;
ag meascadh leis an sneachta
séideann an ghaoth.
Sínim mo dhá spág
os comhair na tine
is mé díomhaoin
istigh im’ bhothán.
Comhairim na laethanta
is faighim amach go bhfuil mí Feabhra, leis,
tagtha is imithe
ar nós brionglóide.

(Ná) Smaoinigh Air

go smaoiním ar
gan smaoineamh air,
smaoiním air mar sin féin
is silim deora
is mé ag smaoineamh air.

M’oidhreacht

Cad a fhágfaidh
mé im’ dhiaidh?
Bláthanna an earraigh,
cuach an tsamhraidh,
mailpeanna craoraga
an fhómhair.

Cumhacht Iontach

Shíothlaigh an ghaoth, thit na bláthanna;
canann an éanlaith, dorchaíonn na sléibhte
sin is cumhacht iontach an Bhúdachais ann

Bothán

Im’ sheanbhothán trí sheomra
d’éiríos aosta, caite amach.
Fuacht seo an gheimhridh
’sé is measa dar fhulaingíos riamh.
Praiseach thanaí á hól agam ina súimíní
ag fanacht go mbeadh an oíche reo thart.
An bhfeicfidh mé an t-earrach?
Nílim in ann déirc a lorg.
Conas a chuirfidh mé díom an fuacht?
Ní haon chabhair an rinnfheitheamh níos mó.
Níl faic le déanamh ach dánta a chumadh
i gcuimhne ar chairde nach bhfuil ann níos mó.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.