AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Scéal gan chríoch
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

díospóireacht ar siúl faoi láthair san Astráil mar gheall ar na fadhbanna móra sóisialta agus sláinte atá i measc na ndúchasach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
Clare Martin: dóthain cainte déanta, dar léi
Íomhá
Tony Abbot, an tAire Sláinte in Canberra
Íomhá
Bundúchasaigh de chuid na Críche Ó Thuaidh

Le sé seachtainí anuas, tá roinnt tuarascálacha foilsithe a bhaineann le deacrachtaí i bpobail dhúchasacha. Bhain ceann le hionsaithe gnéasacha ar pháistí, cuid acu an-óg, bhain tuilleadh le foréigean agus círéibeacha agus tuilleadh le gnéas á dhíol ag cailíní óga ar pheitreal. Chuir siad seo alltacht ar an bpobal, go háirithe na cinn a bhain le hionsaithe ar pháistí.

Ní raibh sé mórán achair gur thosaigh na polaiteoirí ag cur milleáin ar a chéile. Sa gCríoch Ó Thuaidh a tharla cuid mhaith de na heachtraí. Dúirt an tAire Cúrsaí Dúchasacha in Canberra, Mal Brough, nach raibh rialtas na Críche ag déanamh dóthain. Dúirt Clare Martin, an chéad aire sa gCríoch, nach raibh Canberra ag tabhairt dóthain cúnaimh agus nach raibh ar siúl ag Brough ach caint sheafóideach.

Fógraíodh go mbeadh cruinniú mullaigh in Canberra ach dúirt Clare Martin nach mbeadh sí féin ag freastal air, cé go bhfuil cúram chúrsaí dúchasacha na Críche uirthi, go raibh dóthain cainte déanta.

Tá daoine ann a déarfadh gur fheil cruinniú mar seo don rialtas feidearálach, go dtabharfadh sé le tuiscint don phobal go raibh rud éicint ar siúl acu tar éis neamhaird a bheith tugtha ar na fadhbanna acu le deich mbliana. Ach ní cúrsaí dlí agus cirt amháin a bhí le plé. Is léir go bhfuil cúrsaí sláinte i measc na ndúchasach an-dona. Foilsíodh tuarascáil eile le gairid inar dúradh go bhfaigheann 70% de dhúchasaigh bás sula mbíonn siad 65 i gcomparáid le 20% den phobal geal. Ach ní scéal nua é a leithéid sin. Tá a fhios ag chuile dhuine le dhá scór bliain gur mar sin atá an scéal ach níl aon dul chun cinn déanta lena leigheas.

Tá cúiseanna leis, ina measc bochtanas agus dífhostaíocht. Tá cuid mhaith de na pobail scoite amach ó na cathracha agus ó na bailte móra. Níl fáil go héasca acu ar ospidéil ná ar sheirbhísí leighis. Tá drochthithíocht ag cuid mhaith acu freisin agus tá baint mhór ag alcól leis an scéal. Ach in ainneoin na céadta milliún dollar a bheith caite, níl feabhas ar bith ag teacht ar an scéal.

Dúirt Tony Abbott, an tAire Sláinte in Canberra, go raibh cuid mhaith de na pobail dhúchasacha imithe ó smacht ar fad agus gur chóir riarthóirí a cheapadh agus “paternalism” nua a chur i bhfeidhm. Léiríodh deacrachtaí an rialtais nuair a dúirt Brough nár aontaigh sé leis sin. Cháin formhór na ndúchasach Abbott freisin ag rá gurbh é sin an meon a ba chúis leis na “glúnta goidte” (nuair a tógadh páistí dúchasacha óna muintir lena dtógáil le teaghlaigh gheala) agus polasaithe eile sa gcéad seo caite a rinne an-dochar.

Ag an gcruinniú mullaigh an tseachtain seo caite, thairg an rialtas in Canberra $130 milliún breise, a thrian de sin do stáisiúin nua póilíní, dá mbeadh na stáit agus na críocha sásta an caiteachas céanna a dhéanamh agus na póilíní breise a fhostú agus a íoc. Ach mar a dúirt duine de na daoine ag an gcruinniú, bheadh sé amaideach a cheapadh gur féidir le dream daoine geala a theacht le chéile, airgead a chaitheamh ar phóilíní agus go réiteodh sé sin chuile shórt.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.