AR NA SAOLTA SEO
Scéal Bhernadette Devlin, Scéal na dTrioblóidí.
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Dar le Donncha Ó hÉallaithe insíodh scéal na dtrioblóidí i dTuaisceart Éireann, le dhá scór bliain anuas, sa chlár faisnéise faoi Bhernadette Mac Aliskey (Devlin), a craoladh ar TG4 le gairid ach deir sé go bhféadfadh a dearcadh ar an bpróiséas síochána daoine óga a mhealladh i dtreo na cogaíochta arís.

Íomhá
Tiomanta
(le Martin Polaski 7 Duncan Campbell ar Flickr.com)
Íomhá
Doire faoi shaoirse
(le Bruce O Connor ar Picasaweb)
Íomhá
Le hEalaíontóirí Thaobh an Bhogaigh
(Zubro ar Vicipéid)

Tá creidiúnt mhór ag dul do TG4 as an gclár faisnéise* ‘Bernadette: notes on a political journey’* a choimisiúnú. Do réir mar a thuigim, chuaigh an léiritheoir Lelia Doolan ’ig RTÉ i dtosach leis an smaoineamh faoin gclár ach ní raibh aon spéis ag Montrose i scéal Bhernadette. Tapaíodh an deis i mBaile na hAbhann chun tacú le clár faisnéise den scoth, a insíonn scéal tubaisteach Thuaisceart Éireann trí agallaimh le banghníomhaí polaitiúil géarintinneach.

Cuireann ‘Mná an IRA’ ar TG4 déistin orm faoin mbealach a bhronnann sé dlisteanacht ar chogadh seicteach gránna na bProvos. Dar liomsa, ón uair a pléascadh an chéad bhuama a mharaigh seisear ar shráideanna Bhéal Feirste ar 20 Márta, 1972, ní raibh aon bhunús mórálta le modhanna cogaíochta na bProvos agus is ceart go mbeadh sé ina údar náire d’aon duine a bhí bainteach leis. Ní thaithníonn sé liom go bhfuil TG4 ceangailte le sraith teilifíse, a thugann le fios gur laochra iad na mná seo, a bhí sásta tacú le feachtas buamála a mharaigh agus a ghortaigh na mílte daoine neamhurchóideacha le linn na cogaíochta ó thuaidh.

Clár de chineál eile atá déanta ag Lelia Doolan. Cuirtear forbairt polaitíochta Bhernadette Mac Aliskey ar an dtaifead i gcomhthéacs na dtrioblóidí i dTuaisceart Éireann. Admhaíonngo hionraic ag deireadh an chláir nach raibh de thoradh ar an gcogadh ach ‘pain, death, destruction, brutalisation’ ar mhaithe le cead a fháil a bheith páirteach ‘in British rule in the North of Ireland’.

Cérbh í Bernadette?

Mar a deir sí féin, ba ghnáthdhuine í Bernadette Ní Dhoibhlin ón aicme oibre Caitliceach, a fáisceadh as an bhfeachtas a bhí ar bun ag NICRA (Gluaiseacht na gCearta Síbhialta i dTuaisceart Éireann), le cothromaíocht a fháil do Chaitlicigh/náisiúnaithe i dtaobh guthaíochta, i dtaobh fostaíochta agus i dtaobh tithíochta. Ag an am ar thosaigh sí in Ollscoil na Banríona, ag déanamh staidéir ar an Léinn Ceilteach, bhí Gluaiseacht na gCeart Sibhialta ag bailiú nirt. Múnlaíodh a dearcadh polaitiúil i measc na mac léinn ar an eite chlé, san eagraíocht radacach ‘People’s Democracy’ a bhí ag iarraidh, ní hamháin a gcearta síbhialta do Chaitlicigh a bhaint amach, ach ‘Socialist Worker’s Republic’ a chur ar bun chomh maith.

D’fhulaing sí brúidiúlacht na ndílseoirí ag Droichead Burntollet agus í ar an mórshiúl cáiliúil a rinne People’s Democracy ó Bhéal Feirste go Doire Cholm Cille tús Eanáir na bliana 1969. An chéad mhí eile bhí sí ar an mbealach go Westminister mar M.P. do Thír Eoghain Theas. Lúnasa 1969, mar M.P., thug sí cinnireacht mhisniúil do mhuintir Thaobh an Bhogaigh i nDoire, tar éis do mhuintir na háite bac a chur leis an RUC briseadh isteach sa gceantar náisiúnach. Ba í an t-aon duine a cúisíodh as Cath Thaobh an Bhogaigh a throid in aghaidh fórsaí slándála an stáit! Ba shainchomhartha cumhachtach an resistance í.

Is éasca dearmad a dhéanamh ar a dhonacht is a bhí an scéal ag Caitlicigh i dTuaisceart Éireann. Tháinig mé le gairid ar mhír san Irish Times (6 Feabhra, 1958), inar dhúirt duine de na hiarrthóirí a bhí ag seasamh toghchán don Pháirtí Aontachtach agus é ag caint le ‘Holywood Young Unionists’ an méid seo: ‘We in Ulster, with our Protestant and Unionist Government here, have a magnificent record of tolerance towards our political enemies. I do not suggest that that record should be spoiled now, but I do say that we should not weaken our position by seeking to be regarded as tolerant’.

B’é an scannal gur cheadaigh Westminister, cuma Tóraithe nó Lucht Oibre i gcumhacht, do na hAontachtóirí leatrom a dhéanamh ar Chaitlicigh/náisiúnaithe ag mórán gach leibhéal den saol. Bhí na hAirí i Rialtas Stormont faoi smacht iomlán nach mór ag an Ord Oráiste, a raibh leagan amach seicteach neamhleithscéalach acu.

An tAire Gnothaí Baile idir 1921 agus 1943, Dawson Bates, dhiúltaighglacadh le haon Chaitliceach ina roinn den státseirbhís. Ina leabhar ‘Voices and the Sound of Drums’ cuireann Patrick Shea síos go beacht ar an mbealach ar tugadh ardú céime do chuile dhuine roimhe ach dóibh siúd a bhí ‘completely incompetent’, mar go mba Chaitliceach eisean, cé go raibh sé chomh dílis don stát is a bhí aon duine eile.

Dearcadh Bhernadette ar an bPróiseas Síochána

Rinne Bernadette an pointe, i dtreo dheireadh an chláir, nach bhfuil mórán difríochta idir an socrú síochána atá anois ann agus an socrú a deineadh ag Sunningdale 1973, idir Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann, faoinar cuireadh rialtas ar bun ar a raibh ionadaithe ón UUP, an SDLP agus Alliance. Is minic a deirtear nach raibh i gComhaontú Aoine Chéasta ach ‘Sunningdale for Slow Learners’. Ní aontaím leis an dearcadh sin. Níor mhair an comhrialtas a d’eascair as Sunningdale ach cúig mhí mar nach raibh sé inghlacaithe ag na paraimílitigh ar cheachtar den dá thaobh sa gcoimhlint. B’é an trua nach raibh, ach b’shin mar a bhí. I gcás Chomhaontú Aoine Chéasta, bhí na paraimílitigh ar an dá thaobh lárnach do na cainteanna agus dá bharr sin tá síocháin ó thuaidh anois san áit a mbíodh cogadh.

An rialtas atá ó thuaidh anois againn, bhíodh sé deacair a leithéid a shamhlú 40 bliain ó shin: ceannaire an IRA i nDoire Domhnach na Fola ag roinnt cumhachta le ceannaire pháirtí Paisley agus an bheirt acu ag dul ag cluichí Chumann Lúthchleas Gael le chéile!

Is éasca díomá phearsanta Bernadette Mac Aliskey a thuiscint, th’éis a d’fhulaing sí féin go pearsanta, Ní aontaím léi nuair a thugann sí le fios ag deireadh an chláir nach raibh sé de cheart ag Sinn Féin ‘to call off the struggle’. Caint chontúirteach é sin ó dhuine a admhaíonn sa gclár nár salaíodh a lámha le gunnaí ná le semtex le linn na cogaíochta. Is caint atá ann a d’fhéadfadh glún eile daoine óga sa Tuaisceart a mhealladh i dtreo na cogaíochta arís.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.