AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Saol an rúnaí (Cuid 2)
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Míníonn Liz Curtis cén fáth nach raibh sí róthógtha leis an obair shealadach a rinne sí in oifig i mBéal Feirste agus i monarcha a bhí suite ar thaobh sléibhe, ar imeall na cathrach.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Tá postanna le fáil i mBéal Feirste
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Mo chara Irene ag obair léi
Grianghraf: Liz Curtis

](../2004-03/liz_seal.asp) Cuid 1 den alt anseo

Agus mé ag obair mar rúnaí sealadach, an chéad rud a dhéanaim nuair a théim go dtí jab nua ná fáil amach cén fáth a bhfuil an duine a bhíonn sa phost de ghnáth as láthair. Ar an dóigh sin, thig leat fáil amach an bhfuil an jab go maith nó nach bhfuil.

Mar shampla, má tá an duine ar shaoire mháithreachaissaoire bhliantúil, seans maith go mbeidh tú sásta go leor. Ach má d’imigh an duine go tobann an lá roimhe sin, agus é nó í ag screadach nó ag caoineadh, agus má tá an deasc lán píosaí beaga craptha páipéir, seans maith go mbeidh fadhbanna móra romhat.

Sa chéad jab sealadach a fuair mé i mBéal Feirste, d’oibrigh mé mar fháilteoir in oifig san earnáil phoiblí. Fuair mé amach go gasta go raibh an fáilteoir a bhíodh ann de ghnáth ar shaoire tinnis mar go raibh taomanna driopáis ag teacht uirthi. Nuair a chuala mé sin, thit mo chroí isteach i mo bhróga. Gan amhras, bheadh fadhbanna ann.

Bhí an oifig suite i gceantar an-deas, is é sin Ascaill na Lus, cóngarach d’Ollscoil na Ríona. Tá atmaisféar bríomhar sa cheantar sin - tá neart caifí ann, crainn ar thaobh na sráideanna, agus mic léinn ag siúl suas síos. Ach ní raibh mórán deiseanna agam sásamh a bhaint as mar nach raibh ach leathuair an chloig saor agam ag am lóin.

Bhí cléireach an-óg i gceannas orm. Duine ab ea í a bhí ar tinneall agus ní raibh barúil ar bith aici cén dóigh le déileáil le hoibrí sealadach. “Suigh ansin agus abair seo” - b’in an méid a bhí le rá aici. Ach cá bhfuil an leithreas? Cá bhfuil an citeal? Cé hiad na daoine eile?

Bhí orm suí istigh i seomra an-bheag a bhí cosúil le bosca, agus haiste ann go dtí an halla iontrála. Bhí orm seasamh suas agus an haiste a oscailt nuair a thagadh daoine isteach, ansin é a dhruid arís. Ansin bhí orm an guthán a fhreagairt, agus bhí sé an-ghnóthach ag amanna áirithe den lá.

Bhí na hoibrithe eile ag teacht isteach agus ag dul amach an lá ar fad, agus go minic bhí sé deacair teacht orthu agus daoine á lorg ar an ghuthán nó go pearsanta. Chomh maith leis sin, bhí liosta uimhreacha na bhfolínte mí-eagraithe ar fad.

Bhí cuid mhaith den phobal a bhí i dteagmháil linn faoi strus de chinéal éigin, agus go minic bhíodh daoine san oifig ag iarraidh iad a sheachaint. Ansin d’éiríodh na cliaint fiú ní ba chorraithe agus níb fheargaí.

Ní raibh sé deacair a thuiscint cén fáth a raibh taomanna driopáis ag teacht ar an fháilteoir a bhíodh ann de ghnáth agus bhí mé an-sásta slán a rá leis an áit sin.

Monarcha ar thaobh sléibhe

An chéad áit eile a raibh mé ann ná monarcha in eastát tionsclaíoch ar thaobh sléibhe ar imeall Bhéal Feirste. Bhí neart aeir úir taobh amuigh, agus dhéanainn siúlóid bheag ag am lóin, sos nár mhair, arís, ach leathuair.

Bosca mór stáin ab ea an mhonarcha seo, agus í measartha nua. Bhí mise i mo shuí ag an deasc fáiltithe ag an tosach. Ní raibh duine ar bith eile ag obair ansin, mar sin bhí orm scairt gutháin a chur ar dhuine éigin nuair ba mhian liom imeacht ar feadh cúpla bomaite.

Monaraíodh dlúthdhioscaí sa mhonarcha seo. Rinneadh an obair i gcúl an fhoirgnimh, i seomra ollmhór ar a tugadh an seomra glan. Is mór an trua nach raibh deis agam dul isteach ann.

Bhí thart fá seasca nó ochtó duine ag obair sa seomra glan i sealanna i rith an lae agus san oíche. Bhí orthu cultacha speisialta cosanta a chaitheamh, a chlúdaigh an corp agus an aghaidh go hiomlán. Bhí an-tormán ansin - chuala mé é tríd an ghuthán nuair a bhí orm glaoch ar dhuine éigin ansin.

Comhlacht as an Téaváin atá i mbun na monarchan. Tá siad ag fáil deontas ón rialtas fá choinne jabanna a chruthú - fuair mé amach sin mar go raibh orm na litreacha a oscailt gach maidin. Tá monarchana eile ag an chomhlacht chéanna ar fud an domhain.

Ba í an bhainistíocht *"stripped down”, *mar a déarfá, an stíl a bhí acu. Ní raibh pingin rua caite acu ar an áit fáiltithe - ní raibh pictiúr ar bith ar na ballaí, agus bhí troscán an-saor ann. Bhí an ceaintín lom, agus cuid de na cathaoireacha briste. Ach bhí ceapairí deasa san inneall rannóireachta.

Bhí chóir a bheith achan duine iontach deas - cé nach raibh mé an-tógtha leis an oifigeach pearsanra, nach raibh meas aici ar dhaoine.

Bhí cúpla fear as an Téaváin ann, idir shaoistí agus oibrithe. Thug siad ainmneacha Sasanacha orthu féin - is dócha go mbeadh na hainmneacha Sínise ródheacair do dhaoine nach raibh an teanga sin acu.

Bhí roinnt mhaith oibrithe Caitliceacha ann, ón eastát tithíochta in aice leis an mhonarcha den chuid is mó. Ansin bhí grúpa fear Spáinneach ann, a bhí ag obair sa seomra glan. Bhí sé ar intinn agam fáil amach cén fáth a raibh siad i mBéal Feirste agus ag obair sa mhonarcha sin, mar níl mórán eachtrannach sa chathair. Ach tháinig deireadh le mo sheal ansin sula raibh mé ábalta ceist a chur orthu.

Agus mé ag scríobh an ailt seo, tháinig pacáiste tríd an bhosca litreacha agus Foclóir Fiontar istigh ann. Is cinnte go mbeidh an foclóir nua seo an-úsáideach do dhaoine a oibríonn in oifigí agus a bhfuil gnó “high-powered” nó obair chasta ríomhaireachta ar siúl acu. Is féidir na sonraí a fháil ó fiontar@dcu.ie.

Ar leanúint an mhí seo chugainn

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

](../2004-05/liz_seal.asp)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.