CÚINNE NA nEALAÍON
Rún na dTithe Níocháin Maigdiléanacha
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

go leor conspóide ag baint leis an scannán The Magdalene Sisters le Peter Mullan ó d’oscail an fómhar seo. Labhair Ciara Nic Gabhann leis an ghrianghrafadóir digiteach Diane Fenster, atá lonnaithe i San Francisco, faoi shuiteáil cuid a dhíríonn ar an ábhar céanna.

Íomhá
© Diane Fenster 2000
Íomhá
© Diane Fenster 2000
Íomhá
© Diane Fenster 2000

Is féidir le duine cur suas le buaireamh an tsaoil éiríonn leis é féin a chailleadh i mbrionglóidí agus i bhfantaisíocht. indéanta tearmann a bhaint amach, a bheith ábalta dul thar tairseach go dtí domhan inmhéanach atá príobháideach agus sábháilte.

an claonadh seo le brath sa tsuiteáilSecrets of the Magdalene Laundriesle Diane Fenster, an grianghrafadóir digiteach Meiriceánach, saothar atá díreach tar éis a bheith ar taispeáint ag Féile Bhliantúil Ceoil agus Ealaíon Bowling Green State University in Ohio. Taispeánadh é roimhe seo chomh maith i nGailearaí Henoch i Nua-Eabhrac.

Tugann Fenster glór do mhná a bhí curtha i bhfolach ar feadh na mblianta fada agus a coinníodh faoi smacht. Mná a bhí inár measc, ach dofheicthe mar go raibh siad salaithe i súile na heaglaise agus an phobail.

Mhair na tionscadail chlochair sin ar a dtugtar na Tithe Níocháin Maigdiléanacha in Éirinn ó lár an naoú haois déag go dtí deireadh an fichiú haois. Ba thithe déirce iad ón taobh amuigh; thug siad deis don phobal éalú ó fhreagracht agus a bheith saor ó chiontacht. Ba phríosúin bhrúidiúla iad, áfach, do na créatúir a raibh de mhí-ádh orthu a bheith caite isteach iontu.

Rinneadh éagóir mhillteanach ar na mná seo a chaith a saol ag sclábhaíocht mar phionós ar pheacaí in éadan na heaglaise. Mná gan ainm, gan teaghlach, gan aitheantas. Chaith siad i ndiaidh lae ag déanamh níocháin daoine eile chun go ndéanfadh Dia trócaire orthu féin.

Baineann Fenster úsáid as braillíní mar mheafar ina taispéantas. Ina saothar feictear braillíní mar rudaí a chuireann na mná i ndaoirse chomh maith le rudaí a ligeann dóibh a bheith saor le bheith ag brionglóid agus éalú ó liostacht agus cruáil an tsaoil. Úsáideann seanbhraillíní ina taispéantas mar go bhfuil stair ag baint leo agus gur áirgí pearsanta atá iontu.

Cuireann muid brailliní thart orainn féin chun teas agus sólás a fháil,” a deir . “Bíonn creatlach shaol duine le mothú i mbraillín. Cuirtear braillín thart orainn fosta nuair a fhaigheann muid bás.”

portráidí ban le feiceáil ar na braillíní atá sa taispeántas agus seanbhaisín níocháin suite fúthu. Tagann agus imíonn na portráidí nuair a shiúltar thart timpeall orthu. Nuair a amharcann díreach orthu feiceann aghaidheanna aislingeacha ach nuair a bhogann go dtí an taobh, imíonn siad as radharc.

Comhbhá

Mhínigh Fenster dom gur mhothaigh comhbhá leis na mná nuair a chuala fúthu féin agus faoi na tithe níocháin, gur bhraith go raibh cosúlachtaí indíreacha idir a saol féin agus í ag fás aníos agus a saol siúd.

Bhí i gcónaí ag iarraidh mo shaol a chaitheamh ar bhealach cruthaitheach ach de bharr thoil mo thuismithmeoirí, chuaigh i dtreo na heolaíochta. Tháinig ar ais chuig an ealaín níos déanaí i mo shaol. D’éirigh liom ansin aitheantas a thabhairt do mo ghlór féin.

Cuireadh na mná seo isteach sna hinstitiúidí mar nár glacadh leo agus nár tugadh saoirse dóibh a gcuid briongloidí féin a bhaint amach. Bhí ag iarraidh taispeáint cad é mar a éiríonn le duine lámh in uachtar a fháil ar chóras pionósach ó bheith ag tarraingt ar an tsamhlaíocht chun éalú. Bhí ag iarraidh glór a thabhairt dóibh.”

éisteacht i gceist sa taispéantas, chomh maith leis na portráidí taibhsiúla. dhá fhoinse dhéag fuaime nach bhfuil le feiceáil ann agus uathu siúd cloistear glórtha ban ag insint a scéala i nGaeilge. Measctha le chéile, tagann na glórtha le chéile mar cheol meallacach. Labhraíonn roinnt de na glórtha amach go díreach leis an lucht féachana, roinnt eile bíonn siad caillte ina gcuid aislingí féin. Cloistear glórtha ag teacht ó na baisíní níocháin, iad fite fuaite le fuaim an uisce.

Smaoinigh ar na mná ag comhrá leo agus iad ag crochadh na n-éadaí le triomú,” arsa Fenster, “agus go mbeadh na glórtha seo mar fhuaim fho-thairseachúil. Cruthaíonn an Ghaeilge fuaim fhíoraislingeach.”

Is é an cumadóir agus ceoltóir Michael McNabb, fear a dhéanann a lán chuid oibre ar ríomhairí, a chuir fuaimrian an taispeántais le chéile. Dála Fenster, McNabb lonnaithe i San Francisco, agus ceathrar ban a bhí ag freastal ar chúrsa Gaeilge sa chathair sin a rinne an taifeadadh leis.

Os cionn gach portráide pictiúr de rudaí ar nós péire bróg ard, leaba chompordach, eitleán, gluaisrothar - comharthaí truamhéalacha de na rudaí, b’fhéidir, a bhí in intinn na mban agus iad ag leo.

Deir Fenster go bhfuil an-suim ag na Meiriceánaigh san ábhar brónach seo agus go bhfuil fonn orthu níos eolais a fháil ina thaobh. Measann go mbeadh spéis ag muintir na hÉireann iSecretsfosta agus dóchasach go mbeidh le feiceáil ansin am éigin sa todhchaí.

Ag druidim le deireadh ár gcomhrá dúirt liom go bhfuil mar aidhm aici dul i dteagmháil le duine de na mná a chaith seal i dteach níocháin agus a saothar a thaispéaint di.

aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Diane Fenster mar ghriangrafadóir digiteach agus mar mhaisitheoir. Is aoi-léachtóir í chomh maith i gcoláistí éagsúla sna Stáit Aontaithe.

Secrets of the Magdalen Laundries le feiceáil ar an suíomh seo:

www.dianefenster.com/secrets.html

níos eolais le fáil faoi Michael McNab ag:

http://www.mcnabb.com/music/i_media.html

*Beo! buíoch de Diane Fenster as cead a thabhairt dúinn na grianghraif ar an leathanach seo a atáirgeadh.*

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.