CÚINNE NA nEALAÍON
Rúin don bhliain atá romhainn
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Cé gur theip ar Cholm Ó Snodaigh cloí leis na rúin a leag sé síos do 2006, tá cinn nua aige don bhliain atá romhainn…

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Seo chugainn an bhliain úr agus caithfidh mé a rá go bhfuilim beagáinín míshocair, mar seo an t-am a dheinim na mílte rún faoin saghas saoil is mian liom a chaitheamh sa dá mhí dhéag atá romham. Seo an t-am a dheinim iarracht gach aon chuid de mo shaol a mheas agus a leagan amach ar bhileog agus go ngeallaim dom féin go mbeidh rudaí difriúil an bhliain seo. Ní raibh! Ní bhíonn! Ní bheidh!

Ach, mar sin féin, seo dhá rud ba bhreá liom a chur díom san athbhliain:

  1. Albam aonair a chríochnú. Tá seo beagnach críochnaithe. Fad is a bhí sibhse uilig ag tarraingt na ribí deireanacha de chreatlach an turcaí, bhí mise sáite sa stiúideo ag obair. Ní gá dom ach dhá amhrán a mheascadh agus beidh an t-albam réidh. Ní déarfaidh mé libh cathain a thosaigh mé ag obair air – sin scéal eile.

  2. Albam úr Kíla a chríochnú. Tá seo idir lámha againn. Ach tá lúb sa bhóthar. Tá deich bpíosa mhalla taifeadta againn cheana féin agus albam ann féin againn ach nílimid cinnte ar cheart dó sin a bheith neamhspleách ar an obair úr a thosaíomar i mí na Samhna – ceol rince. Mar sin, b’fhéidir gur dhá albam a bheas againn seachas aon cheann amháin!

Ach sin an obair. Cad faoi nithe pearsanta? Bhuel, ba bhreá liom mo chaighdeán aclaíochta a ardú go suntasach – ar nós thromlach an daonra! Roinnt meáchain a chailliúint, éirí as caife a ól, ceithre lítear uisce a ól gach lá agus díriú ar bhia níos folláine ar nós torthaí agus glasraí. Bia glas. Fágfaidh mé na milseáin don Charghas! Ba bhreá liom freisin roinnt machnaimh a dhéanamh gach maidin tar éis dom dúiseacht an-luath, ionas nach gcaillfidh mé fáinne úrgheal an lae. Ró-hippy?

Ach tá nithe eile ann is mian liom a dhéanamh, go mór mór ó thaobh an cheoil de.

Bhíos suite le mo dheartháir inné os comhair an ríomhaire ag breathnú ar mhíreanna ar YouTube de AC/DC, Booker T & The MGS, Charles Mingus, Art Blakely agus go leor eile nach iad. Tá caighdeán iontach ard seinnte ag an dream úd. Ba bhreá liom díriú ar mo chuid seinnte ar bhealach níos struchtúrtha ná mar atá ar siúl agam le tamall. Tá an-chuid oibre le déanamh agam ar na huirlisí a sheinnim. Cloisim agus tuigim cá bhfuil an feabhas le déanamh agus ní gá ach am a chur ar leataobh chun cleachtadh agus bheith ag éisteacht go cúramach. Obair mhéaracha agus chluaise.

Cleachtadh ar maidin

Roinnt blianta ó shin nuair a bhí cónaí orm in árasán in aice le Sráid Uí Chonaill, chaithinn uair an chloig gach maidin dírithe go huile is go hiomlán ar chanadh. Bhraitheas dul chun cinn as cuimse maidir le raon agus saibhreas mo ghutha. Braithim go bhfuil sé ana-thábhachtach go ndíreoidh mé m’aird air sin arís anois.

Dúirt mo mháthair go mbínn ag canadh i gcónaí nuair a bhíos i mo pháiste agus go mbíodh amhráin á gcumadh agam an t-am ar fad. *Plus ca change! *Nuair a fhágaim an tigh ar maidin, ar rothar nó ar cois, tugaim faoi deara tar éis cúpla nóiméad go bhfuil fonn á chanadh agam nó amhrán á chumadh agam. Ní minic a bhíonn aon mhaitheas leo (tuigim níos fearr anois cathain a bhíonn giota maith ceoil agam), ach de bharr an nóis seo is é an téipthaifeadán póca an ní is tábhachtaí i mo mhála. Tá bailiúchán caiséad agam, agus smaointe fánacha agus cúpla seoid le fáil orthu, a théann chomh fada siar le 1988.

Is dócha gur thuigeas go rabhas ábalta amhráin a chumadh nuair a bhíos trí bliana déag, nuair bhuaigh mé comórtas cumadóireachta amhrán. Níor thosaíos ag cumadh fonn ar an bhfeadóg go dtí go rabhas seacht mbliana déag ach bhí foinn agus píosaí ceoil á gcumadh agam go rialta ar an bpianó agus ar an ngiotár. Buíochas leis na déithe uilig go bhfuil an sruth fós liom agus go bhfuil an téipthaifeadán fós ag oibriú. Beidh mé fíorbhuíoch má shroichim an t-am seo an bhliain seo chugainn agus cúpla fonn agus amhrán nua cumtha agam.

Anois nílim chomh míshocair céanna. Níl na nithe atá luaite agam chomh deacair sin. Tá nithe níos pearsanta fós romham ar gá dom a chur díom ach tá siad beagáinín róphearsanta le roinnt go poiblí go fóill beag!

Mar sin, Colm folláin a bheas libh an t-am seo a bhliain seo chugainn. Colm aclaí, saor ó chaife, lán le ceol is véarsaí úra, a ghruaig ag fás ar ais air, é éirithe níos óige, níos dathúla, níos airde, níos láidre, níos...

Agus, don domhan, nílim ach ag lorg síochána san Iaráic agus an Chraobh Iománaíochta do Bhaile Átha Cliath. Ní beag sin, an ea?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.