AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Royston agus Ivana - ainmneacha breátha Gaelacha
Balor Balor Balor

Caitheann Balor a shúil nimhe ar chuid de na rudaí atá ag titim amach sa pholaitíocht agus i saol na Gaeilge i láthair na huaire.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
An tUachtarán Seoirse Óg Mac Sceiche

mearbhall ar Bhalor bocht an mhí seo, agus ní nach ionadh. Dar lenár laoch nach dtuigeann sé meon lucht an rialtais. Sa mhéid sin tá sé ar aon dul le gach aon duine eile in Éirinn. Ach is ag díriú isteach ar chúrsaí reifrinn agus toghcháin atá sé. Dar le Balor an Bhéil Bhinn gur dhá theachtaireacht i bhfad óna chéile atá sé ag fáil ó Thithe an Rialtais. Leis an fheachtas reifrinn atá ar siúl acu tá siad ag iarraidh an Bunreacht a leasú chun muintir na n-ainmneacha aisteacha éagoiteanna iasachta a choinneáil amach as an tír. Ach san fheachtas toghchánaíochta tá siad ag iarraidh ar mhuintir Bhaile Átha Cliath tacaíocht a thabhairt do bhoc darb ainm Royston!! Ar a laghad tá Páirtí An Lucht Oibre Agus An Dóil ag cloí le hiarrthóirí a bhfuil ainmneacha breátha Gaelacha orthu - daoine ar nós Ivana Baaa Chick!

Royston and Ivana: ainmneacha breátha Gaelacha

Cúis imní do Bhalor an chúis imní atá ag goilliúint ar lucht na gcúiseanna imní sa Chomhchoiste Réamhscolaíochta. Agus cad é is ábhar cráite dóibh siúd ar na saolta deireanacha seo? *League Tables *na Naíonraí!! Bhí na léig-tháblaí seo mar mhíreanna a haon go dtí a fiche is a seacht ar chlár an chruinnithe dheiridh s’acu. Agus ní haon chúis gháire iad na léig-tháblaí céanna agus riarthóirí naíonraí anois ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile. Tá an tAire Éadóchais, Noelle Ó Díomásaigh, ag iarraidh comhchoibhneas a chruthú idir feabhas naíonraí áirithe agus líon na mac léinn iarchéime a fhaigheann céad onóracha sa chéim dochtúireachta. Beidh sraith altanna ar an *Irish Times *an tseachtain seo chugainn faoin teideal “The Feeder Naíonraí”. Tá naíonra amháin i nGaeltacht Chonamara i ndiaidh a fhógairt nach mbeidh siad ag glacadh le dalta ar bith faoi bhun seacht mbliana déag an bhliain seo chugainn.

“Mo shoraidh céad slán le mí dhéistineach shamhnasach mhúisciúil mhasmasach na Bealtaine,” a ghuíonn Balor, Saoi na Scríbhneoireachta, Laoch na Litríochta. Imeachtaí poiblí áirithe i saol na Gaeilge i rith na míosa seo caite ba chúis leis an droch-spin a bhí air le cúpla seachtain anuas. Maíonn sé nach ag tagairt do Dhuaiseanna Cumarsáide an Oireachtais a bhí sé leis an abairt sin - ná don duais a bronnadh ar an scór go leith scríbhneoir a bhíonn ag obair ar an alt Ar Son na Drúise *ar *Foinse. Míníonn sé é féin sa ráiteas seo a leanas: “Is minic thar na blianta mé ag cur brú ar Éamonn Ó Doornail, eagarthóir Beo Ar Éigean, an páipéar seo a chur amach i bhfoirm páipéir. Cén mhaith páipéar mura bhfuil sé i bhfoirm paipéir? Shantaigh mé i gcónaí mo leathanach féin ar pháipéar. Bhí teideal agam air, fiú: Ar Son na Pluaise. Ach an raibh sé sásta éisteacht liom? Beag an baol! Ní thig duais do pháipéar a bhronnadh ar pháipéar nach bhfuil i gcló ar páipéar! Agus anois... Agus anois... Agus anois tá duais bainte ag an dá scór go leith scríbhneoir a bhíonn ag obair ar leathanach aorach na liarlóige eile sin. Tá mo sháith ráite agam! Dála an scéil, ar thug aon duine agaibh faoi deara an mheancóg ar Foinse na seachtaine seo caite - go raibh leathanach ann nach raibh ach trí alt le Sorcha Ní Gheilleagar air? Ó, dála an scéil eile, comhghairdeachas le Foinse agus leis an trí scór go leith scríbhneoir a bhíonn ag obair ar Ar Son na Drúise!”

Níl mórán dá mbíonn faoi chaibidil ar nuacht RTÉ nach dtuigeann Balor an Scolardach Scolártha. Ach tá sé caillte ar fad ag téarma áirithe amháin: an Jewelled Man Date *seo! Cé hé an *Jewelled Man *agus cad tuige nach bhfuil cead ag polaiteoirí dul ar date leis níos mó? An é an dochtúir fáinneach Fianna Fáileach Conallach é? Tuigtear do Bhalor nach mbeidh cead ag fir *dates a bheith acu níos mó leis an Jewelled Man, ach más eisean an *Jewelled Man *an mbeadh spéis ag fir? Cinnte le Dia, dar le Balor, go mbeadh spéis ag mná áirithe - nó bean áirithe, b’fheidir. Ach an é féin atá ann? Is dócha ná a mhalairt nach dtuigfidh sé ariamh agus go mbeidh an *Jewelled Man Date *ar cheann de rúndiamhra an tsaoil i gcónaí.

Cad é eile atá le tarlú an mhí seo? Ó sea! Tá an tUachtarán Seoirse Óg Mac Sceiche le teacht ar cuairt chugainn, nó chucu sin a bhfuil cónaí orthu fá sheacht míle dhéag do Chaisleán Drumoland. Luaim an figiúr seacht míle dhéag nó sin ga an chiorcail atá tarraingthe ag muintir Sheirbhís Rúnda Mheiriceá thart ar an chaisleán. Tá an tír ar fad taobh istigh den chiorcal sin le bánú agus muintir na háite le cur ar saoire go Guantanamo Cois Cladaigh. Cuirfear cosc dian ar dhaoine áirithe a bheas ag iarraidh bogadh isteach sa cheantar ar mhaithe leis an tsaoire saor in aisce. Bhí díomá ar dhaoine áirithe nuair a d’fhógair údaráis Mheiriceá go raibh siad ag cur bac iomlán ar chluichí collaí ina mbeadh daoine nochta ag súgradh le coniallacha. Ní raibh Balor na Súile Nimhe ina measc.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.