AR NA SAOLTA SEO
Ról níos lárnaí ag MI5 sna Sé Chontae amach anseo
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Féachann Dónall Ó Maolfabhail ar na himpleachtaí a bhainfidh le cinneadh Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Peter Hain, ról an Bhrainse Speisialta agus MI5 a athrú ó 2007 ar aghaidh.

Ag deireadh na míosa seo caite tuairiscíodh go raibh réamheolas ag MI5 maidir le buamáil na hÓmaí - inar mharaigh an Real IRA naoi nduine is fiche – ach nár chuir siad an t-eolas seo ar aghaidh go dtí Brainse Speisialta an RUC. An mhí seo caite freisin d’fhógair Stát-Rúnaí Thuaisceart Éireann, Peter Hain, go raibh sé chun ról MI5 i dTuaisceart Éireann a mhéadú in 2007. Ach go dtí seo, lasmuigh den SDLP, tá an chuma air go bhfuil gach ceann de na mórpháirtithe eile, Rialtas na hÉireann agus Sinn Féin san áireamh, sásta leis an socrú nua seo.

Ar an 22 Feabhra, d’inis an PSNI do ghaolta iad siúd a maraíodh i mbuamáil na hÓmaí gur thug an spiaire David Rupert réamheolas do MI5 faoi ionsaí a bhí sé i gceist ag baill den Real IRA ó cheantair Fhear Manach agus Leitir Ceanainn a dhéanamh ar chathair Dhoire nó ar bhaile na hÓmaí ar an 9 Aibreán 1998, lá roimh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Thug MI5 an t-eolas seo don Gharda Síochána agus d’éirigh leo siúd triúr fear a ghabháil agus an t-ionsaí a stopadh dá bharr. Ach is cosúil nár chuir MI5 an t-eolas seo ar aghaidh chuig Brainse Speisialta an RUC. Ní fios dár ndóigh an mí-éifeacht MI5 ba chúis leis seo, nó an d’aon turas nár tugadh an t-eolas don Bhrainse Speisialta. Dar le Michael Gallagher, urlabhraí ghaolta na ndaoine a maraíodh sa bhuamáil: “If MI5 had contacted the police in April 1998 at least they would have been on a state of alert for Omagh being targeted again”. Cé acu fíor focail an Uasail Gallagher nó nach fíor, tá rud amháin cinnte: ní ar son leas an Uasail Gallagher agus na ngaolta eile a thug an PSNI an t-eolas seo amach.

Má léann tú an leabhar Into the Dark is éasca a thuiscint cén fáth a mbeadh leisce ar an Gharda Síochána nó ar MI5 eolas a chur ar aghaidh chuig Brainse Speisialta an RUC. De réir an leabhair seo, ina ndéanann an t-iarbhleachtaire Johnston Brown cur síos ar an 30 bliain a chaith sé san RUC, bhí bithiúnaigh chomh holc is a bhí le fáil in aon eagraíocht pharaimíleatach le fáil i mBrainse Speisialta an RUC. Ní hamháin nach ndearnadar go minic aon iarracht le dúnmharuithe a raibh réamheolas acu fúthu a stopadh, ach níl aon amhras ar an Uasal Brown ach oiread ach go raibh Brainse Speisialta an RUC páirteach freisin iad féin i go leor dúnmharuithe. Tuairim é seo a luíonn le conclúidí an fhiosrúcháin a rinne an Coimisinéir Stephens maidir le claonpháirtíocht i dTuaisceart Éireann.

Tuigtear do Beo!, de réir an tsocraithe nua atá beartaithe ag an Uasal Hain, beidh Brainse Speisialta an PSNI fós i mbun súil a choimeád ar dhílseoirí paraimíleatacha, ach ó 2007 ní bheidh aon ról acu ag faire ar phoblachtánaigh agus ní bheidh aon chead acu spiairí poblachtánacha a earcú ach oiread. Ag MI5 amháin a bheidh an chumhacht seo agus is iad amháin a bheidh freagrach as súil a choimeád ar phoblachtánaigh.

Cé gur thug Príomh-Chonstábla an PSNI, Hugh Orde “a healthy split” ar an socrú seo is féidir a bheith cinnte go bhfuil go leor i mBrainse Speisialta an PSNI – ag cur san áireamh gur beag difear idir é agus Brainse Speisialta an RUC ó thaobh pearsanra – nach bhfuil pioc sásta le socrú nua ar bith a chuirfeadh deireadh lena gcumas troid in aghaidh Shinn Féin agus an IRA. Is ar an ábhar sin a scaoil foinsí áirithe sa PSNI an scéal is déanaí maidir le buamáil na hÓmaí, ag súil dá mhéad droch-chlú a tharraingeofaí ar MI5 idir seo agus 2007 gur dheacra a bheadh sé an socrú nua a chur i bhfeidhm. Mar sin, is féidir linn a bheith ag súil le tuilleadh scannail maidir le MI5 sna míonna atá romhainn.

Deacair a thuiscint

Agus iarbhaill den RUC ag tabhairt fianaise chomh damanta sin i gcoinne a mBrainse Speisialta féin, is éasca a thuiscint cén fáth go mbeadh an dá rialtas agus Sinn Féin sásta le socrú a laghdódh go mór cumhacht an dream chéanna. Ach tá sé níos deacra a thuiscint cén fáth a mbeadh Rialtas na hÉireann agus Sinn Féin sásta go mbeadh méadú ról MI5 i dTuaisceart Éireann mar chuid den socrú céanna. Tar éis an tsaoil, tá go leor fianaise a léiríonn nach raibh an Brainse Speisialta ag obair as a stuaim féin le linn na dTrioblóidí agus go raibh siad á dtreorú ag Seirbhísí Rúnda na Breataine, leithéidí MI5.

Cé nach aon chruthúnas an líomhain is déanaí go bhféadfadh Seirbhísí Rúnda na Breataine buamáil na hÓmaí a stopadh, ní hé sin le rá nach raibh a leithéid ar a gcumas. Dár ndóigh, ní maith le daoine a chreidiúint go bhféadfadh a leithéid a bheith fíor. Mar sin féin, níl aon dabht ach gurb é uafás an phobail i leith bhuamáil na hÓmaí a chuir ar chumas na n-údarás reachtaíocht bhreise éigeandála a chur i bhfeidhm a úsáideadh le deireadh a chur leis an Real IRA.

Níor chóir dearmad a dhéanamh ach oiread go bhfuil seirbhísí rúnda na Breataine fós ag diúltú comhoibriú le Fiosrúcháin an Stáit seo maidir le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974 inar maraíodh 33 duine. Cé nár chruthaigh Fiosrúchán Barron amach is amach go raibh lámh ag seirbhísí rúnda na Breataine sa ghníomh barbartha seo, chuaigh sé an-ghar dó. Chruthaigh sé go raibh spiairí maithe ag Seirbhísí Rúnda na Breataine i measc na ndílseoirí paraimíleatacha ag an am agus, dá réir, go raibh eolas maith acu ar gach gníomh a beartaíodh.

Ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil Rialtas na hÉireann agus Sinn Féin sásta anois dearmad iomlán a dhéanamh ar an stair seo. Go dtí seo, is é an SDLP an t-aon pháirtí atá tar éis a míshásamh a léiriú go poiblí leis an socrú nua seo. “Allowing MI5 to have a lead role in intelligence in Northern Ireland would be like appointing Herod as children’s commissioner” a dúirt ceannaire an SDLP Mark Durkan.

Dár ndóigh tá cúis mhaith le tost Shinn Féin ar an cheist seo, óir is cuid lárnach é an cinneadh seo le cabhrú le Sinn Féin a n-áiteanna a ghlacadh ar Bhord an PSNI. Ciallóidh an socrú nua seo go mbeidh ar chumas Gerry Adams a rá lena lucht leanúna, go bhfuil sé sábháilte ag Sinn Féin a n-áit a ghlacadh ar bhord an fhórsa nua póilíneachta, an PSNI, fórsa nach bhfuil aon ról níos mó aige ag troid in aghaidh poblachtánach. Os a choinne sin, beifear in ann a rá leis an phobal aontachtach nach baol dóibh an IRA toisc go bhfuil MI5 fós ag faire go géar orthu.

Ní éasca an ról atá ag Uachtarán Shinn Féin. Tuigeann an tUasal Adams muna n-athchruthaítear an feidhmeannas i Stormont agus Sinn Féin mar chuid lárnach de, go bhféadfaí cuid mhór den dul chun cinn a rinneadh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a chailliúint. Tuigeann sé freisin, agus Sinn Féin mar an páirtí náisiúnach is mó sna Sé Chontae, go mbeidh ar a pháirtí fórsa póilíneachta an PSNI a aithint go hoifigiúil sula n-athchruthófar an feidhmeannas. Ina ndíograis chun cumhachta, caithfidh Sinn Féin a bheith an-chúramach cad iad na socruithe a dtabharfaidh siad a dtacaíocht dóibh.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is léiritheoir teilfíse é agus saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.