CÚINNE NA nEALAÍON
Rithim na dTonn le Cladach
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Rithim toinne an ní a bhraitheann Colm Ó Snodaigh mar chroílár an cheoil. Rithim, mar a chéile, a bhraitheann Bruce Damer atá i gcroílár taighde eolaíochta ar bhunábhar an domhain.

Íomhá
Bruce Damer le sean-Macintosh ag MacHEADS 09 (le Aljawad ar Vicipéid)
Íomhá
Bono (ar Vicipéid)

Nuair a bhí mé óg, is i dtreo Chorca Dhuibhne a théadh an teaghlach ar saoire an tSamhraidh. Gheibheadh mo thuistí teach ar cíos in aice le Trá an Fhíona, míle síos ó Thigh Bhric. Áit dhiamhrach álainn cois cladaigh a bhí ann agus is amhlaidh atá fós. An trá is áille ar domhan, an fharraige is goirme ar domhan agus fliúirse slí ann dom le dul ag spaisteoireacht im’ aonair, nuair nach mbínn ag dul ar mire le mo dheartháireacha. Síos chuig an gcósta carraigeach a théinn. Shuínn ar charraig ag breathnú ar an dtaoide ag tuilleadh is ag trá, tonn bheag ar thonn mheasartha mhór, ar thonn mhór. Mé faoi dhraíocht ag patrúin diamhrach na mara.

Hippí na hEolaíochta agus an Tonnrith

D’fhreastlaíos ar léacht a thug seana-hippí as California, Bruce Damer, amach in eireaball mhí Dheireadh Fómhair in ionad taighde SmartLab i Londain. Ábhar an PhD atá idir lámha aige a chuir sé inár láthair. Tá sé ag déanamh staidéair ar thús an domhain, ar éabhlóid an domhain. Séard is mian leis a dhéanamh ná athchruthú digiteach a dhéanamh ar thús an domhain! Is mian leis bosca fíorúil a chruthú ina mbeidh na bunadaimh ag sruthlú timpeall, bosca ar a nglaonn sé Evogrid. Trí bhreathnú ghluaiseacht na n-adamh agus iniúchadh a dhéanamh ar an idirghabháil a dhéanfaidh na hadaimh lena chéile, síleann sé go mbeidh sé in ann ana-chuid a fhoghlaim faoi conas mar a thosaigh bunábhar an domhain agus conas mar a thosaigh gach rud!!! B’fhiú go mór dul chuig a shuíomh idirlín (le nasc thíos) le míniú níos cruinne a fheiscint, óir braithim an-amscaí agus mé ag déanamh iarracht cur síos ar rud chomh casta.

Ó mo thaobh de, ba é an ní ba spéisiúla an méid a dúirt sé le linn an cheistiúcháin, tar éis na léachta. Chuir duine éigin ceist air conas ar tháinig sé chuig an ábhar staidéir sin. Labhair sé faoin saol a bhí caite aige in eolaíocht agus faoi mar a thuig sé agus gur oibrigh sé ar nithe suas le deich mbliana sarar úsáideadh an eolaíocht i gcúrsai gnó. Chuir sé é féin i gcomórtas le marcach toinne. Dúirt sé go bhfanfaidh an marcach go foighneach leis an tonn cheart - go mbeidh sé ag breathnú i dtreo íor na spéire ar rithim na dtonn, mar a chíonn sé sraitheanna na dtonn mór le gur féidir leis dul sa bhráid ar cheann acu, isteach i dtreo an chladaigh. Dúirt sé gur tugadh an bua seo dó rithimí, nó patrúin, a fheiscint in eolaíocht i bhfad sarar thuig an chuid eile den mbráithreachas eolaíochta go raibh na patrúin ann, nó go rabhadar tábhachtach, nó úsáideach fiú.

Tonnrith an Cheoil

Tá fístéip ar youtube de Glen Hansard agus fliúirse ceoltóirí ag buscáil ar Shráid Grafton ar Oíche Nollag, ar son na carthanachta, Simon. Chuaigh an scéala ar fud an domhain toisc gur léim Bono isteach sa mheascán mearaí ceoltóirí.

‘In Éirinn amháin a ‘d’fheicfeá seo,’ a dúirt cara liom i Nua Eabhrac. ‘Ní fheicfeá Lou Reed nó The Strokes amuigh ag bailiú airgid ar son carthanachta trí bhuscáil i Times Square.’. Labhraíos leis faoin gcéad uair a chonaic mé Glen, Mic Christopher, Mark Dignam, muintir uilig Kíla agus fliúirse eile ag buscáil ar Shráid Grafton. Ar nós an mharcaigh toinne, chonaic mé an tonn mhór ag teannadh linn i bhfad sular theagmhaigh sé linn. Braithim go bhfuil an bua céanna agam le ceol - cloisim nóta nó fuaim nó riff agus tuigim gur féidir píosa ceoil a scríobh timpeall air. Deinim taifeadadh ar gach giota ceoil a airím go bhfuil rud éigin ann - draíocht éigin, lasair éigin. Ar bhealach ait, chím patrúin sa cheol nach bhfuil ann fós.

Le bliain anuas tá mé tar éis na patrúin a lorg níos mó, óir bhí bliain deacair againn mar bhanna, ní hamháin ó thaobh pinginí de (ar nós gach gnó is dócha) ach ó thaobh ceoil de chomh maith. Tá muid ag lorg an cheoil nua, an treo nua, an ceol a tharraingeoidh sinn le chéíle, a chuirfidh smacht orainn, a phléascfaidh paisean trínár bhféitheanna, a chuirfidh ár gcuislí ag preabadh agus ag damhsa. Tá cíoradh le déanamh agam ar na caiséadai lán ceoil atá bailithe agam le bliain anuas - iad lán le ghiotaí ceoil ceaptha ós na hamanntaí a d’airíos an draíocht ag bogadh timpeall orm.

Tá mé chun an cíoradh a dhéanamh cois cladaigh, i dtigh álainn i mBré agus mé ag breathnú amach an fhuinneog ar na tonnta go diamhair isteach is amach, tonn bheag ar agus mhór, ceann i ndiaidh a chéile. Patrúin an tsaoil á lorg agam.

Ní beag sin mar mhana bliana, dar liom.

Naisc:http://www.youtube.com/watch?v=oz2h81NX8TY&feature=related- Bruce Damer ar Discovery http://smartlab.uel.ac.uk/new2009/?tag=bruce-damer

http://www.damer.com/ - suíomh Bruce Damer

http://www.evogrid.org/index.php/Main_Page - bun-chur síos ar an Evo-Grid

http://www.youtube.com/watch?v=6FeSQ_hXOsg- An mharcaíocht toinne

http://www.youtube.com/watch?v=nS2H6s-qALQ – Glen Hansard & Bono agus fliúirse cairde ag buscáil ar Shráid Grafton

http://www.simon.ie/ - suíomh idir-líon an Simon Community

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.