AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Ridire agus Bantiarna i dTír na Cothromaíochta
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Is ait an mac saol na polaitíochta nuair a chinneann duine aonair iompar poimpe a tharraingt anuas orthu go léir. Scríobh Bearnaí Ó Doibhlin faoi as an Astráil.

Íomhá
An Bhantiarna Edna Everidge
(le Eva Rinaldi ar Vicipéid)
Íomhá
Tony Abbott
(le Djack Manson ar Vicipéid)
Íomhá
Mac Rí Seoirse Cambridge
(le Christopher Neve ar Vicipéid)

Bunaíodh córas gradam na hAstráile, an Order of Australia, sa bhliain 1975 in ionad an chórais impiriúil Bhriotanaigh, agus cuireadh deireadh leis na teidilridire’ agus ‘dáma’ sa chóras áitiúil beagnach tríocha bliain ó shin. D’fhógair Príomh-Aire na hAstráile, Tony Abbott, ar 26 Márta gur thug Éilís II, Banríon na hAstráile, údarú dó an dá theideal thuas a mholadh do cheathrar Astrálach gach bliain mar chuid dár gcóras gradam. D’fhógair sé freisin gur ghlac an bhanríon lena mholadh an teideal dáma a bhronnadh ar Ard-Ghobharnóir na hAstráile, Quentin Bryce, a d’éirigh as an bpost an lá céanna, agus an teideal ridire a bhronnadh ar a comharba, an Maorghinearál Peter Cosgrove.

Cé gur tháinig fógairt Abbott aniar aduaidh ar mhuintir na hAstráile, níorbh aon ionadh é gur chinn Abbott go dtabharfaí isteach in athuair na teidil impiriúla thuas. Is monarcaí amach is amach é, a bhí chun tosaigh san fheachtas in éadan an reifrinn le poblacht a bhunú san Astráil sa bhliain1999. (Theip ar an reifreann mar gheall ar scoilt i measc na bpoblachtach – ar chuala tú a leithéid riamh?) Bronnfar na teidil ar gach Ard-Ghobharnóir as seo amach agus ar Astrálaigh “of extraordinary and pre-eminent achievement”, slat tomhais solúbtha.

Abbott agus Costello

Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí gur cinneadh pearsanta a bhí i gceist agus nár phléigh Abbott an tsaincheist achrannach lena chomhghleacaithe san aireacht ná sa chácas páirtí roimh an bhfógairt. Tá poblachtaigh go leor sa pháirtí, lena n-áirítear Malcolm Turnbull, a bhí ina cheannaire ar an Australian Republican Movement (ARM) le linn an reifrinn thuasluaite. Thug oide múinte polaitiúil Abbott, an t-iar-phríomh-aire John Howard atá ina mhonarcaí fíorláidir, le fios nár réitigh an cinneadh leis ach an oiread de bharr go raibh na teidil ‘mós mí-aimseartha’.

Cháin dreamanna áirithe cinneadh Abbott, ina measc an freasúra, a mhaígh go tarcaisneach nach raibh ann ach cleas bolscaireacht le haird an phobail a bhaint de ghnóthaí éagsúla a bhí ag tarraingt droch-chlú ar an rialtas. Bhí lá an fhómhair ag na fuirseoirí nuair a bhris an scéala, cuid acu ag tabhairt ‘a Shoilse, an Tiarna Tony’ agus a leithéid de leasainmneacha ar Abbott. Rinne cuid acu tagairtí don dáma (mar dhea) Astrálach seanbhunaithe, Dame Edna Everidge, an carachtar ainspianta a chruthaigh an siamsóir iomráiteach, Barry Humphries, breis is leathchéad bliain ó shin.

D’fhear an tOllamh David Flint, urlabhraí ar son Australians for a Constitutional Monarchy (ACM), fáilte is fiche roimh fhógairt Abbott, mar a bheifí ag súil leis. Mhaígh sé go raibh an cinneadh ina ‘caithréim’ (triumph) ar son an ACM, mar a bhí i mbreith an Mac Rí Seoirse anuraidh. Agus an t-alt seo idir lámha agam tá an mac rí óg agus a thuismitheoirí, an Diúc agus an Bandiúc Cambridge, nó Will agus Kate mar a thugann na meáin lúitéiseacha orthu, ag déanamh camchuairte ar na Fritíortha. Is deis iontach í dá ghéillsinigh Astrálacha, leithéidí an ollaimh thuas, a ndílseacht a nochtadh don ábhar rí de shiotalach acu.

Dia idir Sinn agus na hUaisle

Aisteach le rá, chuir David Morris, stiúrthóir náisiúnta ar an ARM réamhráite, fáilte roimh an gcinneadh. Mhaígh sé gur chuir sé spreagadh sa ghluaiseacht agus gur tháinig borradh faoina bhallraíocht dá bharr.

Is dóigh liom go dtagann cinneadh Abbott salach ar thuairim dhaingean na ngnáthdhaoine abhus gur tír í an Astráil ina bhfuil sochaí chothromaíoch gan aon aicmíocht bainte amach acu. Maíonn siad go fíochmhar nach bhfuil an t-idirdhealú aicme sóisialta atá ina ghné lárnach i sochaí na Breataine, an mháthairthír, le sonrú abhus, agus is fuath leo daoine a bhíonn ag sodar i ndiaidh na huaisle. Bunaíodh an Astráil mar áitreabh pionóis agus tá muintir na tíre bródúil as an oidhreacht a eascraíonn as an stair sin, ach go háirithe má aimsítear daoránach i measc a sinsear. Ní dóigh liom go mbeadh an mórtas céanna le sonrú dá n-aimseofaí go raibh siad de shliocht ridire nó dháma.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.