AR NA SAOLTA SEO/MÓR-CHEIST NA MÍOSA
Rian na Normannach ar Chontae an Dúin

Tugann Liz Curtis cur síos an mhí seo ar na Normannach i gContae an Dúin agus ar na hiarsmaí den sin atá le feiceáil go fóill sa chontae.

Íomhá
Mark Davis (ina sheasamh) agus Paul Nichols ag léiriú bhású Thomas á Becket Liz Curtis
Íomhá
Daingean Chaisleán Dhún Droma Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Billy Dunlop ón Chumann Seandálaíochta i mbun troda Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Caisleán na Cloiche maisithe don 12 Iúil Grianghraf: Liz Curtis

I rith an tsamhraidh, thug Cumann Seandálaíochta Uladh cuairt an-taitneamhach ar Chaisleán Dhún Droma i gContae an Dúin. Is caisleán mór méadúil é, atá suite ar chnoc os cionn shráidbhaile Dhún Droma. ag amharc amach ar an chósta agus ar na Beanna Boirche.

Tháinig an Normannach mór le John de Courcy go Cúige Uladh sa bhliain 1177, agus thosaigh a thógáil an chaisleáin seo go luath ina dhiaidh sin. Is cinnte gur roghnaigh an suíomh seo mar gur áit an-straitéiseach í. Is féidir bheith ag faire ar dhaoine ag taisteal go Leithinis Leath Cathail agus ar bháid ag teacht isteach i gCuan Dhún Droma.

Thóg de Courcy roinnt mhaith caisleán le muintir na tíre a choinneáil faoi smacht. Is iad Caisleán Charraig Fhearghais agus Caisleán Dhún Droma an cheann is . Ag an am chéanna, bhí comhaontas ag de Courcy leis an tuath a dtugtar Ulaidh orthu. Mar ba nós lena gcuid ríthe, phós Affreca, iníon Mhanann.

Thóg de Courcy balla mór thart ar Chaisleán Dhún Droma. D’fhéadfadh gur thóg Normannach eile, Hugh de Lacy, an daingean cruinn ollmhór atá sa lár go fóill. daingin chruinne mar seo neamhchoitianta in Éirinn, ach siad le fáil go coitianta sa Bhreatain Bheag, áit dhúchais de Lacy.

Níor mhair de Courcy ach fiche bliain. Chuir stuaic ar nua Shasana, an Eoin. Thug an Eoin údarás do Hugh de Lacy ionsaí a dhéanamh ar de Courcy. Throid na Normannaigh a chéile ar feadh cúig bliana, ansin cuireadh ruaig ar de Courcy. Rinne an Eoin Iarla Uladh de Hugh de Lacy. Tháinig de Courcy ar ais agus céad bád ó Mhanainn leis agus d’ionsaigh Caisleán Dhún Droma. Ach bhí na daingnithe a rinne féin ró-láidir, agus theip air.

Níos moille sna meánaoiseanna, fuair an chlann Éireannach Mag Aonasa seilbh ar an chaisleán agus chuir siadsan leis na daingnithe. Bhí an-troid anseo thar na bliantadeirtear gur scrios saighdiúirí de chuid Cromwell an múr cosanta, mar shampla. Ansin ón 17ú haois ar aghaidh, raibh úsáid mhíleata leis an chaisleán a thuilleadh.

Taispeántas

Agus an Cumann Seandálaíochta ag Dún Droma, thug an t-airíoch, Mark Davis, taispeántas d’airm ón Chlochaois ar aghaidh. Thug a mhadadh Buster agus a chara Paul Nichols cuidiú .

Is ar dhaltaí scoile a bhíonn an taispeántas seo dírithe de ghnáth, agus fíochmhar agus fuilteach, rud a thaitníonn le páistí. Maidir le John de Courcy, dúirt Mark: “Deirtear go bhféadfadh ceann fir a scoitheadh d’aon bhuille, agus géag lámh le buille eile.”

Ar seisean: “Bhíodh na Normannaigh clúdaithe le cathéide ó bhonn go baithis. Ach bhíodh a dtóin cosanta, mar sin bhíodh daoine a mbíodh cuaille fada acu ábalta iad a bhualadh ansin.”

Smaoineamh úsáideach eile a thug Mark dúinn: “Agus ag troid le fear ar chapall, dírigh ar ghéaga an chapaill.”

Mark agus Paul ina mbaill de Ghild Eorpach an Chomhraic Stairiúil, dream a bhíonn páirteach go minic in athachtú cathanna. Bíonn siad páirteach i scannáin corruair chomh maith. Bhí páirt ginearáil Shacsanaigh ag Mark i scannán faoin Artúr, mar shampla.

Ar an bhealach abhaile, chaith muid tamaillín ag caisleán Normannach eile, Caisleán na Cloiche. suite ar chrosbhealach in aice le sráidbhaile, agus radharc leathan as, trasna na tíre go dtí na Beanna Boirche. Bhí an 12 Iúil ag teacht, nuair a cheiliúrann dílseoirí Cath na Bóinne, agus bhí an caisleán maisithe le bratacha.

Taobh istigh den túr, bhí litreacha móra bána ar na ballaí cloiche, i bpéint úr. D’fhógair siad: “ALL TAIGS KEEP OUT”.

Is mór an trua go bhfuil macallaí den tseantroid ann go fóill agus go bhfuil deacair éalú uathu.

*Tuilleadh eolais: *

Colm Donnelly, *Living Places, 1997*

Jonathan Bardon, *A History of Ulster, 1992*

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i nDún Éideann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.