AR NA SAOLTA SEO
Réamhaisnéis don Tráth Bliana seo
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Robert McMillen agus daoine go leor eile in ann tuairim a thabhairt roimhré ar an dóigh a mbeidh cur chuige imeachtaí áirithe atá amach romhainn á meas ag na dreamanna éagsúla.

Cad é an atá inniu ann? Níl a fhios agam.

Ó thuaidh, músclaíonn muid gach maidin agus an rud ceannann céanna romhainn. Groundhog Day.Sna nuachtáin inniu, scéalta faoin bhuíon dhílseach a sheinn ceol taobh amuigh de Theach Pobail Naomh Pádraig ainneoin gur chinn Coimisiún na bParáideanna nach raibh cead acu ach buillí druma a bhualadh. Sheinn siad Abide With Me, ag baint úsáid as iomann le cur i gcéill go raibh náisiúnaithe seicteach cionn is gur chuir siad ina éadan. Páistiúil.


Cúpla roimhe rinne an tOrd Oráisteach géarcháineadh ar shagart na paróiste, ag baint díoltais amach sular tharla a dhath mar sin is léir go mbeidh an tOrd ag gníomhú mar pháiste millte le linn an tsamhraidh, compordach go leanfaidh an teideal oidhreachta a bhronn ceannairí aontachtacha orthu leis na cianta ar aghaidh go deo na ndeor. Agus chuirfeadh iontas orm mbeadh easaontóirí ag beartú scliúchas le fáil amach an mbeidh an cur chuige céanna ag an PSNI in Ard Eoin is a bhí acu in oirthear na cathrach.

Michael Copeland, MLA

bhíonn an cur chuige céanna acu, bheidh chomh dian is a bhí le linn na racáin a lean mórshiúlta dílseacha le roinnt blianta anuas. an cur chuige níos gairbhe, beifear in ann a gurb ionann an PSNI agus an sean-RUC. Bua-bua do na heasaontóirí agus caill-caill don ghnáthphobal. Tchí Dia muid.

Le linn dom bheith á léamh seo, bhí díospóireacht ag dul ar aghaidh ar an phósadh comhghnéis sa Tionóil. Ba é Sinn Féin a mhol an rún ag iarraidh ar an Fheidhmeannas reachtaíocht a thabhairt isteach leis an phósadh comhghnéis a cheadú ach cailleadh an rún 53 vóta in éadan 42. Thug Sammy Wilson ón DUP cleachtas ar a thugtar Petition of Concern faoina gcaithfidh móramh aontachtach agus móramh náisiúnaíoch vótáil ar son bhille ar bith le go n-éireodh leis. Agus an creideamh mar bhunchloch bhunús na n-aontachtach, raibh seans ar bith ann go n-éireodh leis an bhille. Vótáil gach aontachtach ina éadan, seachas triúr - Basil McCrea, John McCallister agus Michael Copeland.

Chuir sonrú ar leith in Copeland, MLA in oirthear Bhéal Feirste. Mhothaigh riamh gur aontachtach caolaigeanta den tseandéanamh a bhí ann agus níl amhras ar bith ann go seasfaidh an fód ar son an Aontais ach ag tús na bliana seo, chuala an tUasal Copeland ag caint ar oíche a chaith le daoine a bhí gan dídean.
Bhí ag caint ar Good Morning Ulster agus chuir síos ar an oíche a chaith i gcuideachta eagraíochtaí carthanachta, Arm an tSlánaithe san áireamh.

Léanmhar agus scanrúila thug ar an fhadhb agusspreagúilar na daoine a bhí ag iarraidh theacht i gcabhair ar dhaoine.

Ach don chéad uair riamh gan aon áibhéil - chuala aontachtach ó cheann de na páirtithe móra ag caint go mothúchánach ar cheist nach raibh baint aige le féiniúlacht le seasamh na fóide ar son an aontais. Ba léir go raibh caoinfhulaingt ag Copeland leis na daoine bochta seo a bhí i gcruachás agus a leithéid chomh tearc sin i measc pholaiteoirí ó thuaidh gur chorraigh .


Alan Turing

Tharla arís agus Copeland ag caint i Stormont ar an phósadh comhghnéis. Luaigh gaolta leis ar tháinig scoilt ollmhór idir an mac aerach agus a athair bunchreidmheach. Luaigh fosta Alan Turing, fear den dís a d’fhuascail an cód Enigma le linn an Dara Cogaidh Domhanda. Gidh gur shábháil na milliún duine, tugadh coilleadh ceimiceach mar fhear homaighnéasach. Instealladh ceimicí ann lena libido a mhaolú. Chuir na drugaí isteach ar a chumas smaointeoireachta agus chuir lámh lena bhás féin i 1954. fháiscfí reachtaíocht ar bith as an díospóireacht i Stormont, a dúirt Copleand, ach níorbh ionann sin is a nár choir reachtaíocht ar cheart homaighnéasach a scrúdú.


D’fhoghlaim muid an tseachtain seo fosta gurbh éigean do David Ford, ceannaire Pháirtí an Alliance agus an tAire Cirt éirí as a chúraimí mar sheanóir sa dara Eaglais Preispitéireacha i nDún Ó gCorra mar gheall ar an tacaíocht a thug a pháirtí don phosadh comhghnéis, ach thug a ráiteas le fios go raibh ag vótáil chun leasa dream áirithe sa tsochaí a raibh leatrom a dhéanamh orthu agus mar thoradh ar a dhearcadh creidimh féin. Thug léargas eile don mhórphobal gur féidir smaoineamh taobh amuigh de laincisí dochta na haimsire caite.

Agus más mian le Sinn Féin cearta comhghnéis a thabhairt isteach, déanadh siad sa straitéis donTodhchaí Comhroinnteé a luaithe agus is féidir.
Anuas ar sin, mhol an PUP, an páirtí polaitíochta atá ceangailte leis an UVF, go mbeadh cainteanna acu le Sinn Féin maidir le hathmhuintearas. An mbeidh an aicme oibre - an dream is a d’fhulaing le linn na dTrioblóidí - in ann theacht ar straitéis nach bhfuil ar chumas pholaiteoirí meánaicmeacha?

Agus anois tuar na haimsire: cith agus dealán go dtí biaiste na mórshiúlta, ansin d’fhéadfadh stoirmeacha, toirneach agus tintreach a bheith forleathan, go háirithe i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.