AR NA SAOLTA SEO
Ré nua trédhearcachta sa Gharda Síochána
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

easpa muiníne ag muintir na hÉireann sa Gharda Síochána le dornán blianta anuas ach táthar ag súil gur féidir tús a chur anois le ré nua trédhearcachta, a deir Breandán Delap.

Íomhá
An bhfuil tús curtha le ré nua trédhearcachta sa Gharda Síochána?
Íomhá
Kathleen O'Toole, príomhchigire ar Chigireacht an Gharda
Íomhá
Ian Bailey: Chuir sé i leith na ngardaí go raibh siad ag scaipeadh scéalta mailíseacha faoi
Íomhá

Tharla go raibh mé ag trasnú na teorann idir Dún na nGall agus Doire ar an 12 Iúil seo caite. Cúpla bomaite sular tháinig mé fhad leis an teorainn féin ag Ceann an Droichid, chuala mé díoscán rothaí agus coscán. Tharraing garda ar ghluaisrothar suas os mo chomhair amach fad is a bhí comhghleacaí leis ag cur téip buí trasna an bhóthair. D’inis sé dom go mbeadh an teorainn druidte ar feadh tamaill agus go mbeadh orm dul ar mhalairt slí trí Mhagh. Agus cúis a dúnta? “Fatal accident,” an freagra neamhbhalbh a thug sé dom.

Léigh mé an an mhaidin dár gcionn gur thionóisc bhuille is teithidh ba chúis le bás Tommy Long as Doire agus go raibh Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána ag fiosrú cad é go baileach a tharla. Bhí na gardaí sa tóir ar charr ag an am a leagadh an coisí Long. Léiríonn iniúchadh mar seo, i mo thuairimse, go bhfuil ré úr oscailteachta agus trédhearcachta anois faoi lán seoil i leith fheidhmiú an fhórsa. Tá Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána anois i mbun oibre agus tá córas cigireachta curtha ar bun a bheas ag cíoradh gearán in éadan na ngardaí agus ag fiosrú acmhainní agus modh oibre an fhórsa faoi seach.

Bhí a leithéid de dhíth le fada agus tá moladh tuillte ag an iar-Aire Dlí is Cirt, Michael McDowell, as creatlach reachtúil den chineál seo a chur ar bun. Tá drochmheanma sa Gharda Síochána agus easpa muiníne ag an phobal san fhórsa mar thoradh ar shraith scannal a tháinig chun solais le dornán blianta anuas. Tá líomhaintí úra faoi dhrochiompar na ngardaí i dTír Chonaill fós á nochtadh ag Binse Fiosraithe Morris. Cháin Binse Fiosraithe Barr agus coimisiún imscrúdúcháin a bhí faoi chúram George Bermingham iompar na ngardaí i leith mharú John Carthy i Mainistir Leathrátha, agus i leith chúiseamh éagórach Dean Lyons, andúileach drugaí ar cuireadh ina leith gur dhúnmharaigh sé beirt bhan i gcóiríocht do dhaoine éislinneacha i nGráinseach Ghormáin sa bhliain 1997.Gearáin

Meastar go dtiocfaidh idir 4,000-5,000 gearán faoi bhráid Choimisiún Ombudsman an Gharda gach bliain agus beidh iarchomhaltaí de chuid fhórsaí na Ríochta Aontaithe, na hAfraice Theas, Mhálta, na hAstráile agus na Nua-Shéalainne á bhfiosrú. Ní bheidh bunús ar bith le go leor de na gearáin seo, ach níor cheart beag is fiú a dhéanamh de phróiseas trédhearcach dá chineál más mian linn a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid d’iompar sleamchúiseach arís. Cuideoidh sé fosta le muinín an phobail san fhórsa a chothú arís. Mar a deir an sean-cliché, ní hamháin gur gá ceart a dhéanamh, ach caithfear a chinntiú go bhfeicfear go bhfuil ceart á dhéanamh.

Beidh dúshlán mór in ann do Kathleen O’Toole fosta ina post mar phríomhchigire ar Chigireacht an Gharda Síochána. Beidh leasuithe bunúsacha le déanamh ar mhodhanna cumarsáide na ngardaí, go háirithe má táimid le fórsa a mhúnlú a mbeidh ar a chumas aige dul i ngleic le fadhbanna nua-aoiseacha. Agus muid i ré na nuatheicneolaíochta, mar shampla, is bocht an scéal é nach bhfuil fáil ag an phobal ar cheangal ríomhphoist le stáisiúin ghardaí na tíre. Go deimhin, tá na bealaí is fearr le húsáid a bhaint as seirbhísí ríomhphoist an fhórsa á dtástáil ag na gardaí faoi láthair. Chuir an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí an méid sin in iúl dom mar thoradh ar fhiosrúchán faoi úsáid na teicneolaíochta nua-aimseartha i measc ghardaí na tíre. Agus mar chuid den tástáil seo, tá an chosúlacht ar an scéal anois go bhfuil sé beartaithe acu meastóireacht a dhéanamh ar chóras teagmhála ríomhphoist idir an pobal agus stáisiúin ghardaí a fhorbairt.

Cuirfidh sé iontas ar go leor daoine i ré seo na nuatheicneolaíochta nach féidir leis an phobal teagmháil a dhéanamh le stáisiúin ghardaí trí ríomhphost go fóill. Cé go maítear go minic go bhfuil an tír seo ceannródaíoch maidir le gach gné d’fhorbairt na teicneolaíochta nua-aimseartha, is cosúil go bhfuil na gardaí ag brath fós ar theicneolaíocht na haoise seo caite. Níl córas poiblí ríomhphoist i bhfeidhm i stáisiúin ghardaí an stáit, cé gur deacair a shamhlú go bhfeidhmeodh gnóthaí móra eile d’uireasa a leithéid de chóras sa lá atá inniu ann. Tá fáil ag an fhórsa ar chóras inmheánach ríomhphoist, áfach, trí chóras ríomhaireachta ar a dtugtar Pulse. Ceadaíonn Pulse do bhaill den fhórsa a bhfuil céim chigireachta, nó os a cionn, bainte amach acu fáil a bheith acu ar ríomhphoist sheachtracha. Ach níl sa mhéid sin ach beagán le cois 4% den fhórsa, rud a fhágann beagnach 96% den fhórsa ag brath ar chórais eile.

Cuirtear córais phoiblí ríomhphoist ar fáil do ghardaí, do sháirsintí agus d’oibrithe aonair eile i gcásanna ar leith, ag brath ar chuinsí oibreachais. Ach ní chuirtear seirbhís phoiblí ríomhphoist ar fáil do stáisiúin ghardaí na tíre ina gceann agus ina gceann. Dúirt an Roinn Dlí agus Cirt liom gur faoi bhainistíocht shinsearach an Gharda Síochána atá sé cinneadh a dhéanamh i dtaobh na mbealaí ina mbainfear úsáid as córas ríomhphoist san fhórsa. Tá fórsaí eile ar nós an PSNI ag baint úsáide as teicneolaíocht nua-aimseartha na ríomhaireachta le deis a thabhairt don phobal coireanna a thuairisciú. I measc na gcoireanna ar féidir leis an phobal tuairisciú a dhéanamh orthu tá gadaíocht, buirgléireacht, damáiste coiriúil, coireanna áirithe a bhaineann le gluaisteáin agus coireanna a bhaineann le fuath nó ciníochas a spreagadh.

An Garda Síochána agus na meáinTá leasú de dhíth fosta ar an dóigh is coitianta a ndéanann na gardaí teagmháil leis an phobal - trí na meáin chumarsáide. Níl aon amhras ach go gcaithfidh siad a bheith níos discréidí faoin eolas a sceitear nó a fhoilsítear. In Eanáir na bliana seo, bhronn an Ard-Chúirt suim de €70,000 ar theaghlach a mhaígh gur inis na gardaí do na meáin chumarsáide go raibh duine muinteartha leo, a ciontaíodh in éigniú, tagtha chun cónaithe leo i gContae Chiarraí. Mhaígh an teaghlach go ndearnadh treascairt ar a gcearta príobháideachais agus gur chaith muintir an bhaile go holc leo ón uair a chuir na gardaí an scéal i mbéal an phobail.

Dhá mhí ina dhiaidh sin, maraíodh Derek O’Toole, fear óg arbh as Cluain Dolcáin dó, nuair a leag carr é go moch ar maidin agus é ar a bhealach abhaile ó theach cara dá chuid. Garda ab ea an tiománaí agus bhí triúr comhghleacaithe leis ina theannta sa charr. Tuairiscíodh i roinnt nuachtán an mhaidin dár gcionn “go raibh aithne ag na Gardaí” ar an té a maraíodh. B’ionann sin is a rá gur coirpeach aitheanta a bhí ann. Go deimhin, dúradh i bhfoilseachán amháin gur ciontaíodh é san am a chuaigh thart as coireanna éagsúla. Ní raibh bunús ar bith leis na líomhaintí sin, áfach, agus cuireadh i leith na ngardaí gur thug baill den fhórsa faisnéis bhréagach do na meáin ar eagla go mbeidís ag ceistiú ról na ngardaí san eachtra.

Tháinig sé seo sna sála ar líomhain a rinne Ian Bailey in éadan an fhórsa. Bhí Bailey faoi amhras nuair a dúnmharaíodh Sophie Toscan du Plantier ag an Scoil sa bhliain 1996. Chuir sé i leith na ngardaí go raibh siad ag scaipeadh scéalta mailíseacha faoi sna meáin chumarsáide cionn is nach raibh dóthain fianaise acu chun é a chúiseamh. Ar an drochuair, scaoileann “foinsí anaithnide” go leor den eolas seo agus tá an baol ann go bhféadfadh dornán beag gardaí buntáiste a bhaint as na meáin ar aimhleas chearta sibhialta an tsaoránaigh. Mar a scríobh an tuairisceoir Michael Clifford sa Sunday Tribune ag an am:

Is léir, mar sin, go bhfuil deacrachtaí cumarsáide ag an Garda Síochána agus gur mithid do Kathleen O’Toole aghaidh a thabhairt ar an fhadhb ar bhonn práinne. Ba mhór an peaca é dá dtiocfadh creimeadh ar cheann de na buanna ba mhó a bhí ag an Gharda Síochána ó bhunú an stáit anall, is é sin an dlúthcheangal a bhí aige leis an phobal ónar fáisceadh é. Ach ní fheileann go leor de mhodhanna seanfhaiseanta an lae inné do shochaí ilchineálach, ilchiníoch Éire na linne seo. Ní mór córais éifeachtacha chumarsáide nua-aimseartha a chur ar bun a chuimseoidh daonra iomlán na hÉireann, idir óg agus aosta, idir fhir agus mhná, agus idir Éireannaigh dhúchasacha agus inimircigh.Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.