AGALLAMH BEO
Ray Mac Mánais, Fear Oireachtais agus Fear Oideachais
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Fear a bhain duaiseanna Oireachtais as an agallamh bheirte é an Béal Feirsteach, Ray Mac Mánais agus is ceoltóir méarchláir agus bocsa fosta. Ba phríomhoide Ghaelscoil Míde é go dtí le deireanas ach obair eile roimhe anois óir beidh ranganna cruinnis agus léachtaí le tabhairt aige i mBaile Átha Cliath cuid den tseachtain.

Íomhá
Ray Mac Mánais
Íomhá
I lúib an cheoil, le Muiréad is Derek, Toigh Robhartaigh
Íomhá
Gáire beirte, Ray agus Jenny
Íomhá
I mbun oibre sa tsamhradh
Íomhá
Á ghlacadh go 'Ray'
Íomhá
Caint faoin gharraíodóireacht
Íomhá
Blianta faoi bhláth
Íomhá
I measc an tslua i nGleann sa samhradh (chun tosaigh)

SMM: Is é do bheatha go BEO.ie a Ray

Ray Mac Mánais: Go raibh maith agat a Sheosaimh.

SMM: huair ar chuir spéis sa Ghaeilg?

Ray Mac Mánais: Bhí spéis agam riamh sa Ghaeilg agus bhí ag roinnt de mo chuid gaolta, col ceathracha agus col seisreacha. Daoine iad de chuid Gaeil mhóra Bhéal Feirste. Ba ghnách le mo mháthair na paidreacha a i nGaeilg agus bhí na gnáthbheannachtaí againn sa bhaile. raibh Gaeilg ag m’athair. raibh Gaeilg ar bith in Ard Eoin, an áit ar rugadh , sa scoil. Bhog muid go Baile Andarsain agus bhí an máistir ansin breá sásta ranganna Gaeilge a dhéanamh tar éis am scoile [gáire beag], tar éis am scoile. Chaith go leor de mo chuid airgead póca ar ranganna Gaeilge. Bhí an Ghaeilg cineál úsáideach domhsa fosta mar bhí Feis Bhéal Feirste faoi lán seoil le linn m’óige agus bhí deis acu sin a ghnóthaigh na pointí ab airde sna comórtais éagsúla dul ar laethanta saoire Gaeltachta. Bhí an ceol agamsa, bhí an Ghaeilg agam agus bhí spéis agam i gcúrsaí staire agus ba ghnách liom cur isteach ar na comórtais sin. [Gáire láidir] Ins an tsaoire Ghaeltachta, b’fhéidir, a raibh mo spéis.

Eachtra Teanga

seo fíor agus aisteach. Bhí b’fhéidir, cúig bliana d’aois sular thuig nach Gaeilg a bhí a labhairt. Shíl gur chanúint Bhéarla na hÉireann a bhí sanIrish’. Bhí sa phictiúrlann le col ceathrair liom. Bhí na Rua-Indiaigh ag labhairt a dteanga féin, Cheyanne, Apache cibéard. Thoisigh an col ceathrair ag míniú domh, labhair liom i nGaeilg agus thuig an scéal. Shíl go raibh náireach, shíl ag aois an-luath ar fad, go raibh náireach, nach raibh mo theanga féin agam.

SMM: Go maire an saol scoir i ndiaidh na mblianta le saol an oideachais a Ray, ach cár thoisigh sin, saol na múinteoireachta.

Ray Mac Mánais: Tháinig go Baile Átha Cliath, go Coláiste Mhuire, Marino agus aisteach go leor, tríocha bliain ina dhiaidh sin go díreach, chuaigh Aoife, m’níon, an duine is sine den chlainn, isteach ann. Bhí an t-uachtarán céanna ann, bhí roinnt de na léachtóirí céanna ann agus cuireadh fáilte is fiche roimpi! [Gáire mór] Thaitin saol an choláiste go mór liom. Na bráithre ba mhó a bhíodh ag léachtóireacht ann an t-am sin. Bhí siad an-mhaith.

Thoisigh ag múineadh i Sr. Brunswick, i lár na cathrach. Bhog i ndiaidh cúpla bliain go hAscaill Ghríofa agus chaith cúpla bliain ag múineadh ansin sular bhuail amach tuilleadh fós, go Cill Bharróg. Bhí ag obair le rang speisialta ansin, le daoine a raibh deacrachtaí acu, ar feadh seacht mbliana. Ach duine ar bith, speisialta gan a bheith, a bhí ag tabhairt trioblóide, cuireadh síos go rang Ray iad [gáire], ach bhain an-sult as sin.

An tOideachas Speisialta

SMM: Ar bhain feidhm as an cheol leis an rang sin?

Ray Mac Mánais: Bhain! Agus níor bhain feidhm ar bith as an Ghaeilg mar raibh Gaeilg ar an chlár do na daoine seo. Bhí siad go díreach, rólag ag rudaí eile. Ba ghnách liom iad a thabhairt amach ag deireadh na seachtaine, ag campáil is ag brúnna agus d’fhéach gach cineál cleasa mar sin leo. Bhain an-sult as.

I ndiaidh trí bliana de sin, ghlac bliain saor agus chuaigh ar chúrsa don oideachais speisialta i gColáiste Phádraig. Sin cúrsa do bhunmhúinteoirí, le Páid Mag Aoidh, deartháir Eugene, an tráchtaire. Bhí an cúrsa ar oscailt do dhaoine a bhí ag múineadh, ar feadh trí bliana breis, na ndall, na mbodhar, na mbalbhán agus achan chineál éalainge. Bhí daoine iontacha ansin, a bhí ag plé le daoine a bhí, i roinnt cásanna, domhúinte i ndáiríre. B’fhéidir nach raibh lúth na lámh na gcos acu fosta. Bhí eolas na mblianta ag an dream a bhí ag freastal ar an chúrsa fosta agus nuair a phill ar Chill Bharróg i ndiaidh na bliana, bhí an-tógtha leis an réimse oideachais sin. Chuir isteach ar phost mar phríomhoide i gcionn de scoileanna St. Michael’s House, i ndiaidh seacht mbliana ar fad a bheith caite agam leis an oideachas speisialta, agus glaodh chun agallaimh . Phléigh le Jenny é, anseo sa bhaile, agus tharraing siar ag an bhomaite dheireanach siocair go bhfaca blianta fada amach romham gan oiread is focal amháin Gaeilge i mo shaol. Chonaic fógra coicís ina dhiaidh sin ar an nuachtán tráthnóna, ag lorg príomhoide do Ghaelscoil Míde. Chuir isteach air, fuair glaoch chun agallaimh agus thoisigh Meán Fómhair na bliana sin 83. Bhí cóiríocht sealadach againn a bhí an-dona ar fad.

Bheartaigh go mbeadh caoi ag gach dalta ceol uirlise agus amhránaíocht a fhoghlaim, chomh maith leis an churaclam agus shocraigh go mbeadh deis ag gach dalta a bheith páirteach i ndráma amháin ar a laghad, ar an ardán. Chonaic chomh saibhir agus a bhí saol daoine eile a raibh an ceol acu. Shíl gur rud an-tábhachtach do pháistí é. Is bealach é le suaimhneas a fháil, le spraoi a bheith acu agus is bealach é le meanma comhluadair a ardú. Is iomaí buntáiste atá ag an cheol.

Le hOideas Gael sa tSamhradh

SMM: Bíonn le hOideas Gael sa tsamhradh. huair ar thoisigh ar sin?

Ray Mac Mánais: Chas le Liam Ó Cuinneagáin ag Oireachtas Ghleann Cholm Cille in 89 agus thug cuireadh domh dul ag teagasc ann, cúpla uair, agus níor oir dom. Théadh sinn go Maoinis achan samhradh nuair a bhí na páistí óg agus bhí dúil mhór againn go léir ann. Nuair a bhí ag obair leis an Uachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa, tuairim 1997, bhí ag iarraidh dul chun na Gaeltachta agus mhol Oideas Gael di. Chuaigh i dteagmháil le Liam agus bhí ríméad air. Bhí Máire agus Máirtín ag freastal ar Oideas Gael agus bhí an chlann ag freastal ar Choláiste Aoidh mhic Bhricne i dTeileann agus chuaigh siad ar aghaidh go Gleann Fhinne an bhliain sin, in ionad dul chuig an Horse Show i mBÁC, cuimhne agat, mar bhí raic faoi sin. Sin mar a thoisigh ag teagasc in Oideas Gael.

Lean Máire de bheith ag freastal achan bhliain ar chúrsa Ghleann Cholm Cille, fiú amháin anuraidh nuair a d’éirigh as an Uachtaránacht, chuaigh ar ais ann. Bhris le nósanna eile go leor nuair a chríochnaigh an t-am sin ach níor bhris leis an nós sin.

SMM: Cad é a spreag thú i leith Oireachtas na Gaeilge? An ndeachaigh ann ag éisteacht cad é?

Ray Mac Mánais: Bhí an tOireachtas i dTrá i 1987 agus bhí Joe (Ó Domhnaill) i nGaelscoil Míde ag an am agus bhí spéis aige san agallamh beirte. D’iarr orm agallamh beirte a scríobh, ach raibh tuiscint cheart agam ar an cheird ar chor ar bith. Thuig tar éis uair an chloig, de bheith ag éisteacht, cad é a bhí de dhíth. Bhí an bua ag Joe Steve agus ag Máirín an bhliain sin. Bhí Brian Caball, príomhoide Ghaelscoil Mhic Easmuinn, agus a chara sa darna háit.

Bhí an tOireachtas i nDún Laoire an bhliain dár gcionn. Scríobh ceann réasúnta maith, fuair muid an darna háit agus bhí iontach, iontach sásta. Scríobh faoi rince na seiteanna an bhliain ina dhiaidh sin:

Nach aisteach an rud é i ndeireadh an lae,
Do bharúil faoin bhoc sin atá imithe ar strae?
Fear nár chuir dúil ins an cheol riamh anall,
Amharc anois é ag léimnigh thar chlaí is thar fál,
Bach, Beethoven, Mozart, Gershwin
Ar na craobhacha atá ag rince na seiteann’! …..

Bhí an tOireachtas sin i nGleann is bhain muid an chéad áit. Caithfidh a go mbainim i bhfad níos sult agus sásamh as na lúibíní, go bhfuil agallaimh bheirte, b’fhéidir níos fearr na lúibíní, déanta agam.

Dúshlán Comórtais

SMM: Is annamh a fheicfeas duine as an Ghalltacht ag cur isteach ar chomórtas scéalaíochta. Déanann féin é. Cad é a thug i leith na gcomórtas scéalaíochta thú?

Ray Mac Mánais: Theastaigh uaim scéal a fhoghlaim! [gáire] Theastaigh uaim go mbeadh cúpla scéal ar mo thoil agam. Na cinn mhóra Fiannaíochta. D’fhoghlaim roinnt scéalta agus chuir isteach air. [pléascadh gáire] Ar an darna an tríú hiarracht, bhain an duais sa chomórtas cháilithe. Thoisigh ag cur isteach ar an dreas chainte ansin. Bíonn an rud ar bun ag an am chéanna agus b’fhéidir gur an dúil atá agam sa dreas cainte anois.

D’eascair roinnt rialacha as cruinniú a bhí i nGaillimh an geimhreadh seo chuaigh thart ag daoine a raibh spéis acu i comórtais i dteangacha éagsúla. Bhíodh éagothrom ar dhaoine a bhíodh ar an liosta don dreas cainte. Fuair roinnt deis níos fearr a chéile ó thaobh ama de. Gheobhaidh achan duine an méid céanna ama feasta ón bhliain seo amach. Beidh achan duine ag caint beagnach as a sheasamh i ndiaidh ábhar na cainte a tharraingt as bocsa.

SMM: Chonaic an tOireachtas ag athrú in imeacht na mblianta le fás aisteach faoi ghnóthaí damhsa. Chonaic seomraí á líonadh, le deireanas, ag an scéalaíocht. An dóigh leat go bhfeicfimid am éicint an fás faoin scéalaíocht, mar is imeacht an-sainiúil é?

Ray Mac Mánais: fheicim é. fheictear domh go mbeidh an t-ollfhás sin faoin scéalaíocht ar chor ar bith, mar is ceird ar leith é. Bíonn níos, doiléire b’fhéidir, do dhaoine a bhíonn ag freastal ar an Oireachtas, , abair, an dreas cainte. Bíonn nathanna cainte, ruthaig, na culaith ghaisce sa chaint sin agus b’fhéidir nach dtuigfidís mórán de seo. Deacracht eile a bhain leis an scéalaíocht, nach mbeadh deis ag seanchaí an scéal a chríochnú agus chloiseadh daoine deireadh an scéil.

Gné is fiú a lua. Deir siad gur fhreastail tuairim is deich míle duine ar an Oireachtas i gCill Airne. Isteach is amach, fríd an óstán sin, bhí deich míle duine. Mar sin a bhí ó Oireachtas Chathair na Mart anall. Nuair nach raibh ach roinnt céadta daoine ag Oireachtas Ghleann Cholm Cille, ba iontach an tOireachtas a bhí ann. Bhí an draíocht le brath ann. Leis an ollfhás a tháinig faoi, is cineál right of passage ag muintir na gcoláistí anois a bheith ann agus cluinim go leor acu ansin ag spalpadh Béarla, ólta as a gcloigeann, ag léimnigh thart ag Club na Féile. Bíonn an Chlub na Féile ann anois agus is maith ann Club na nDinasaur mar a thugtar mar mhagadh ar an chionn eile! Sílim go bhfuil áit ann don rud.

Féile na nGael i Milwaukee

SMM: Cad a thug go Milwaukee thú an chéad ?

Ray Mac Mánais: Nuair a bhí an tOireachtas céad bliain d’aois sa bhliain 1996, chinn muintir Milwaukee ar chuireadh a thabhairt do lucht an Oireachtais, blaiseadh den fhéile a chuir amach chucu i samhradh na bliana 97. Bhí John Gleeson, Mary June Hanrahan agus Liam Ó Cuinneagáin istigh ar an chinneadh sin agus fuair siad cuidiú ó Chuck Ward agus Ed Ward, na deartháireacha, bunaitheoirí Irish Fest. Thoisigh TG4 an bhliain sin 96, agus bhí Joe gafa leis an oíche oscailte nuair a bhí lúibíní le bheith ar ardán an Oireachtais i nGaoth Dobhair. Bhí Antaine Ó Faracháin liom an oíche sin, agus ba é a chuaigh liom go Milwaukee an samhradh dár gcionn. Tháinig m’iníon, Aoife, liom bliain amháin agus thaitin sin go mór liom.

SMM: Ar ghlac i bhfad ort an bheathaisnéis ar Mháire Mhic Giolla Íosa a chuir díot, mar bhí ag obair go lánaimseartha ag an am chéanna?

Ray Mac Mánais: Thóg trí bliana orm an leabhar a chur le chéile, mar bhí chomh gnoítheach le rudaí eile. Ba léir domh an-luath nuair a thoisigh ag obair léi, go raibh a croí agus a hanam istigh sa Ghaeilg agus sílim gur thug an-mhisneach do an-chuid daoine agus gur chuir an-chuid daoine ag foghlaim Gaeilge ins an tír seo. Thug uchtach do an-chuid daoine a bhí ag treabhadh leo i ngort na Gaeilge. D’iarr orm an leabhar a scríobh i nGaeilg agus bhí chomh sásta sin. Nuair a luaigh an leabhar le roinnt foilsitheoirí, bhí siad go léir ag iarraidh é a fhoilsiú. Cló Iar-Chonnacht a rinne an obair agus tháinig an Foras ar bord mar chomhurraitheoirí.

SMM: Go raibh míle maith agat a Ray agus súil as agam nach gcuireann an méid a scríobhann Balor fút anois is arís isteach ort.

Ray Mac Mánais: [Gáire] chuireann, beag mór! Bím chomh sásta a bheith luaite ann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.