CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Ráiteas Oifig an Aire Chomhshaoil

Rún Buíochais le Teaghlaigh Bhaint na Móna.

Íomhá
Gan mórán dochair don dromchla i ndiaidh na hoibre
Íomhá
Móin is ceannbhán
Íomhá
Triomaithe

Ba mhaith liom, thar cionn an Rialtais, buíochas a ghlacadh leis na daoine a bhain móin an acu ar phortaigh shléibhe na hÉireann arís i mbliana. Caithfear a thuiscint mar gheall ar an obair seo, chaon bhliain, gur lú an líon soitheach mór ola a threabhfas farraigí an domhain chun na tíre seo, ar aistir an-fhada, agus gur lú an bhagairt do chósta na tíre seo an méid sin. Mar a gcéanna, is lú an loingeas lasta guail a thabharfas aghaidh ar an tír seo ar fharraige thuaisceart na hEorpa ag triall ar an tír seo, le gual, de bharr obair na dteaghlach seo. Is é an trua nach rachadh tuilleadh daoine ar an phortach mar a chéile leo.

Anseo sa bhaile, is lú an líon leoraithe ola i mbun seachadadh ola an téimh lárnaigh fosta. Is iondúil gur idir 0.1 agus 5.0 míle turas na móna chun an tí anseo in Éirinn. Mheabhraigh an tAire Airgeadais , CothroimeInscne, T.D., dom inniu féin, buíochas a Roinne sise a chur in iúl anseo inniu chomh maith, tharla gur coinníodh breis is 20 milliún €uro sa tír seo de bharr obair an phortaigh i mbliana.

An tAire Sláinte

Tá an tAire Sláinte, Aonghus Ó Lia, T.D., i ndiaidh a rá libh sa Teach anseo an lá cheana, go dtuigeann an Roinn s’aige an tábhacht a bhaineann le hobair an phortaigh don tsláinte intinne go forleathan faoin tuaith chomh maith leis an tsláinte cholainne. Is ar an phortach, nó ag gabháil ar an phortach, a chastar a lán de mhuintir na tuaithe ar a chéile, don aon uair amháin sa bhliain i mórán cásanna mar a mbíonn daoine ina gcónaí leo féin go háirithe. Tuigimid sa Roinn an méid sin. Is minic go dtarraingíonn obair na móna trí ghlúin an aon teaghlaigh lena chéile, chomh maith le comharsana a bheith ag obair ina meithle le chéile. Is mór againn an comhoibriú agus an dlúthú pobail sin.

Luibheolaíocht

Tuigeann oifigigh mo Roinne an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht an duine sa phortach; an siúl, scoradh, a bheith ag baint, an scaradh, an gróigeadh srl., le fás éagsúlacht lusanna, an ceannbhán, an néalphortach, an fhraochóg, agus mórán cineálacha féir, cíbe agus fiataíola fosta.

Cuireadh

Maith sibh! Táimid faoi chomaoin mhór agaibh. Tá mé ag fearadh fáilte roimh lucht na meán cumarsáide amach ar an phortach Dé Luain seo chugainn (sónraí thíos) le cuidiú beag éigin a thabhairt leis an mhóin a tharraingt abhaile in éineacht le roinnt teaghlach. Beidh triúr de sheanmhuintir na háite ann le grugaillí, feithidí agus lusanna portaigh a aithint agus lena leigheasanna siúd, luibheanna, a ríomh dúinn.

An tInneall Ispín

An chuid is mó de na daoine a bhíonn ag trácht ar an ‘inneall ispín’, samhlaíonn siad leis inneallra mór millteach mar a bheadh ag Bord na Móna. A ghlanmhalairt atá ann. Tarracóir a mbíonn inneallra beag bainte ar a chúl atá i gceist agus ba mhaith linn é sin a léiriú Dé Luain chomh maith céanna. Cuireann an tarracóir an mhóin amach ina líne ar a chúl ina dhiaidh mar a bheadh ispín ann, agus is chuige sin an t-ainm, ‘inneall ispín’. Fágtar dromchla an phortaigh mórán mar a bhí sé riamh. Fear i Ros Comáin a tháinig aníos leis i seascaidí an chéid seo chuaigh thart.

Dar liom féin agus leis an Roinn, comharthaíonn an rún buíochais seo go dtuigimid an acmhainn dhaonna, ar bonn na socheolaíochta, atá i bpobail tuaithe na tíre. Is comhartha é chomh maith go bhfuilimid ag forbairt, ag fás agus ag comhoibriú le muintir na tuaithe agus beimid amhlaidh feasta. Is mór againn muintir na tuaithe mar is iad thar aon aicme eile sa tír a thuigeann gach modh agus gach craiceann a chuireann an tuath trí chéile di, in aon achar am, ó cheann ceann na bliana.

Go raibh maith agaibh.

An tAire Art Mac Con Coille, T.D.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.