CÚINNE NA nEALAÍON/AG LÉAMH DOM
QuickGuideIrish Grammar
Sarah Ní Chonchobhair Sarah Ní Chonchobhair Sarah Chonchobhair

Bhí Sarah Chonchobhair ag féachaint áis foghlama úr de chuid Gaelchultúr ar na mallaibh.

Ag deireadh Eanáir foilsíodh áis nua foghlama QuickGuideIrish Grammar. Is iad Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúr agus a chomhghleacaí Helen Hegarty, údair na háise seo. Bhí a leithéid ann cheana ar mhéid A4 agus ba chliste an áis é, ach caithfidh go bhfuil an QuickGuide seo a ocht n-oiread níos é tharla gur i gcruth fillte atá , rud a chiallaíonn gur thig leat é a leathnú amach de réir mar a thogrófas teacht ar réim áirithe eolais. Dírítear ar na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge sa chárta sracfhéachana seo. Cosnaíonn an QuickGuide €9.95 agus ar fáil ag Siopa. Lena chois sin, cúrsa idirghníomhach chomh maith atá bunaithe ar QuickGuideIrish Grammar ar fáil ag Ranganna ar an gcostas céanna (€9.95). 11 aonad sa chúrsa idirghníomhach agus freagraíonn gach ceann acu don leathanach leis an uimhir chéanna sa QuickGuideIrish Grammar. Ciallaíonn sin gur féidir leis an bhfoghlaimeoir feidhm a bhaint as spás foghlama tríthoiseach. Is é príomhaidhm an QuickGuide Gramadach na Gaeilge a shoiléiriú don phobal i gcoitinne.

Cuireann QuickGuideIrish Grammar na heilimintí is lárnaí de ghramadach na Gaeilge faoi bhráid an fhoghlaimeora ar bhealach soiléir, sothuigthe. I measc na ngnéithe lárnacha léirithe ann an t-alt agus inscne ainmfhocail; an tuiseal ginideach, an chopailis’; briathra rialta agus na cinn neamhrialta; foghraíocht agus litriú; míonna agus laethanta; suíomh agus gluaiseacht; na hairde; aidiachtaí; uimhreacha ; forainmneacha pearsanta; forainmneacha réamhfhoclacha; aidiachtaí sealbhacha; réamhfhocail shimplí; réamhfhocail shimplí móide an t-alt.

Cuma agus Dearadh

cuma gheal, taitneamhach ar an treoir ghramadaí seo. deartha ar nós coirdín, mionfhillte agus ar ndóigh, baineadh feidhm as dhá thaobh an chárta, fillteán is fearr, b’fhéidir, a thabhairt air. Tugtar dath faoi leith do gach gné ghramadaí. Is féidir leis an bhfoghlaimeoir an t-eolas a aimsiú go tapa mar gheall ar an scéim dathanna. Mar gheall ar dhearadh úr paiteanta an fhillteáin sracfhéachana seo, an QuickGuideIrish Grammar, is áis é atá an-éasca a úsáid. Cuirim i gcás, bhíonn eolas ar an tuiseal ginideach uatha uait, na sonraí go léir ar fáil sa rannóg ghlas. Baintear úsáid as na dathanna seo ar mhaithe le simplíocht agus soiléire. Músclaíonn na dathanna cuimhne an fhoghlaimeora agus ar ndóigh, cuireann siad na gnéithe gramadaí i gcuimhne d’fhoghlaimeoir. Úsáidtear an cló dearg chun an tslí a réitíonn an aidiacht leis an ainmfhocal de réir tuisil agus inscne a thaispeáint a chur i láthair.

Thar aon eile is áis tagartha é QuickGuideIrish Grammar atá furasta a iompar ach mar gheall ar an bpáipéar lannaithe, láidir agus seasfaidh saol fada láimhseála. Bheadh fillteán gramadaí mar seo go feidhmiúil ar fad, hamháin do scoláirí meánscoile agus tríú leibhéal mar aon, ach do mhúinteoirí agus do dhaoine atá ag iarraidh an cuidiú chun cruinnis sa chaint agus sa scríobh a bheith ar aghaidh boise acu.

Scríobhtar na míniúcháin ghramadaí i mBéarla agus tugtar na samplaí go léir as Gaeilge. Éiríonn leis na húdair béarlagair traidisiúnta na gramadaí a sheachaint go huile is go hiomlán sa QuickGuideIrish Grammar. Mar sin bíonn níos éasca d’fhoghlaimeoir, bíodh óg aosta, teacht go nádúrtha ar ghramadach na Gaeilge. an bhéim ann ar an teanga laethúil agus ar fhocail agus ar nathanna coitianta.

Mar gheall ar sin QuickGuideIrish Grammar oiriúnach do bhunfhoghlaimeoirí agus dóibh siúd a bhfuil Gaeilge ar a gcumas acu. Is céim chun tosaigh é agus QuickGuideIrish Grammar níos cuimsithí na cártaí gramadaí eile atá ar fáil faoi láthair. Is treoir fhorleathan atá i gceist leis an QuickGuide. Ba chabhair mhór é an QuickGuide ag an úd atá ag iarraidh dul i dtaithí ar ghnéithe lárnacha i ngramadach na Gaeilge ar iompú na boise. Molaim go mór é óir is mór an leas a dhéanfaidh feasta i saol lucht foghlama na Gaeilge.

QuickGuideIrish Grammar €9.95

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is as Sligeach an Dr. Chonchobhair agus ag obair i gCeanada faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.