AR NA SAOLTA SEO
Patterdale
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Is fánach an áit a bhfaighfeá fear Gaelainne. Tháinig Tony Birtill arghliomach’ amháin trí leabhar treorach a cheannaigh i gCeantar na Lochanna, i dtuaisceart Shasana.

Íomhá
Hal Felen
Íomhá
Striding Edge
Íomhá
An t-údar lena chairde ar Striding Edge
Íomhá
Leabhar de chuid Paul Buttle
Íomhá
An t-údar ag Séipéal Naomh Pádraig
Íomhá
Castlerigg i gCymbru yr Hen Ogledd
(le Rob Bendall, Highfields ar Vicipéid)

Chuaigh suas Helvellyn (949 méadar) sna Sléibhte Cuimbriacha, Ceantar na Lochanna’ le scaifte ar na mallaibh. Thosaigh muid i sráidbhaile Patterdale agus chuaigh muid trasna Striding Edge chun an barr a bhaint amach. Droim sléibhe ard, cúng atá i Striding Edge, agus os rud é go dtéann na mílte de lucht siúl sléibhe an treo sin, bíonn timpistí air go rialta. http://www.youtube.com/watch?v=gHZvbluadIQ

Chuaigh muid síos Swirral Edge ansin agus ar ais go Patterdale, atá ainmnithe in ómós do Naomh Pádraig. Deirtear gur bhaist Pádraig daoine ansin (Lake District) agus St Patrick’s an t-ainm atá ar theampall an tsráidbhaile. Tobar Phádraig ann fosta, agus St Patrick’s Landing Stage ar Ullswater.

An Rud is Annamh ...

Ar nós go leor logainmneacha sa taobh sin, is ainm Cymbruise é Helvellyn (hoel felen? .i. an bóthar buí, hal felen .i. an mhóin bhuí) agus bhíog nuair a chonaic leabhar sa siopa áitiúil15 Walks from Patterdale and Ullswater le Paul Buttle. Bhí ar an chlúdach: ‘Published by Amadorn, agus bhí an méid seo sa réamhrá:

an gleann atá i lár na siúlóidí, ar a bhfuil cur síos sa leabhar seo, ainmnithe i ndiaidh an dea-dhuine sin, Naomh Pádraig. Nach maith an ceart dom an t-eolas seo a thabhairt sa teanga seo?”

Anoiscéard déarfá le Patterdale is gan ann ach baile beag’! Bhí seoladh sa bhaile mór áitiúil Keswick agAmadorn’ agus tar éis dom an Ghaeilge thuas a léamh, bhí orm scairt a chur air chun a fháil amach cén fáth an raibhan teanga seoi dtreoirleabhar i Sasana.

Is mise Amadorn,” a d’admhaigh an t-údar Paul Buttle nuair a labhair leis faoi. Mhínigh dom gur rugadh i gCoventry é, ach ina chónaí i gCeantar na Lochanna ón bhliain 1971 i leith. Ba as Cathair Chorcaí a mháthair agus 10 leabhrán eolais foilsithe aige, le cúpla focal Gaeilge iontu uilig. “Cén fáth?” a d’fhiafraigh de. Rinne gáire agus dúirt:

Is maith liom an teanga. Is féidir liom beagáinín Gaeilge a labhairt. Éistim leis an gclárAn Saol ó Dheas’ ar Raidió na Gaeltachta ar mo ríomhaire agus caithim súil ar www.beo.ie anois is arís. Is maith liom Gaeilge a chur os comhair an tsaoil i Sasana. Feicim sleachta beaga Francise go minic i leabhair, gan aon leagan Béarla in aice leis. Mar sin, déanaim an rud ceannann céanna le Gaeilge. Cuid den am, bím ag magadh; mar shampla, is maith liom an dóigh go gceannaíonn daoine sa tír seo leabhair atá foilsithe ag amadán!”

Corca Dhuibhne

D’fhoghlaim Paul focal dhó óna mháthair, ach 25 bliana ó shin rinne suas a intinnan Ghaelainn’ a fhoghlaim i gceart. Mar sin, chrom chun oibre agus chuir litir chuig Oifig an Phoist i mBaile an Fheiritéaraigh, Corca Dhuibhne, ag lorg lóistín le teaghlach a mbeadh Gaelainn acu. D’ársaigh mar a d’éirigh leis.

Fuair litir ar ais ó Phádraig Ó Cíobháin sa Ghráig agus chuir siad fáilte romham ansin. Thaitin an áit go mór liom. Bím ar ais ansin go rialta anois. Bhí ansin i mbliana agus rinne cúrsa le Oidreacht Chorca Dhuibhne anuraidh freisin. Is scríbhneoir é féin, Pádraig Ó Cíobháin, agus go bhfuil ina chónaí i nGaillimh anois a dheirfiúr Joan ina cónaí i gCorca Dhuibhne go fóill agus mar sin fanaim leis an dteaghlach sin agus nuair a théim siar Corca Dhuibhne.”

Thug faoi deara gur gabhadh buíochas le Pádraig Ó Cíobháin sa leabhrán eolais a cheannaigh féin, ach bhí iontas orm a chloisteáil ó Paul Buttle gurb é an scríbhneoir cáiliúil, údar an iliomad leabhar ar nósAn Grá Faoi Cheilt’ (Coiscéim 1992) atá i gceist. Tháinig a ochtú úrscéal, ‘ an Charbaid’ amach i 2003. raibh fhios agam go raibh tionchar ag an gCiarraíoch ó cheantar Dhún Chaoin ar Ghleann Phádraig i gCumbria.

Gaelainn Keswick

Ach, an mbíonn mórán deise ag Paul a chuid Gaeilge a labhairt i gKeswick? “ aithne agam ar Ghaeilgeoir amháin eile sa bhaile, fear as Tiobraid Árann. Bíonn sásta labhairt liom as Gaeilge nuair a casaimid le chéile ar an tsráid,” dúirt liom. go bhfuil a leathrúitín ag goilliúint ar Paul sa atá inniu ann, bíonn amuigh ar na cnoic go minic. “Is fearr liom siúil im’ aonar, ag mo luas féin. Feiceann agus cluineann níos rudaí mar sin, rudaí atá tábhachtach do scríbhneoir, ” arsa seisean.

cúig leabhar chuid i gcló aige cheana féin, agus rinneadh athchló ar an chéad cheann12 Best Walks in the Lake Districtanuraidh. “An í an Ghaelainn atá iontu anpointe díola uathúil atá acu?” d’fraighfraigh de.
fheadar. Ach in ann an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail,” ar seisean.

Bhí go hiontach a bheith a labhairt le cnocadóir atá chomh mórtasach as Gaelainn agus as an gceangal Ceilteach atá ag a cheantar féin i Sasana. A mhalairt ar fad atá sa leabhar Hill Walkers Donegal, mo léan. De réir na teoirice Éireannaí ar ndóigh, níl sa Ghaeilg ach am amú!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.