THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Ostfriesland - muilte gaoithe, portaigh agus saibhreas
Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh

Thug Emer Ní Bhrádaigh cuairt ar Ostfriesland na Gearmáine an samhradh seo agus chuaigh an caighdeán maireachtála ansin, agus dearcadh na ndaoine i dtaobh an chomhshaoil, i bhfeidhm go mór uirthi.

Íomhá
Foirgneamh traidisiúnta, Bremen
Íomhá
Emer agus cuid de na daoine a bhí ar an turas taighde léi
Íomhá
Naíonra ina bhfuil Saterfriesisch á múineadh

Báid mhóra Chonamara ag tabhairt móna go Bremen na Gearmáine? Bhí mearbhall orm nuair a chonaic mé grianghraf i mbróisiúr Gaelsaoire. Tá portaigh go leor ag na Gearmánaigh, agus nuair a chaith mé seal in Ostfriesland atá idir Bremen na Gearmáine agus Groningen na hÍsiltíre, mheas mé go minic go rabhas i bportaigh na hÉireann. Bhí na ceannabháin bhána ag fás go flúirseach agus níor ghá do na hóstaigh rabhadh a thabhairt dom - tá seantaithí agam ar dhul go glúine i bportaigh Chill Mantáin agus Chonamara. B’ait an rud é dá mbeadh fear na Gearmáine ag taispeáint do bhean na hÉireann conas portach a shioscadh! B’ait freisin breathnú thar an bhfál i lár an phortaigh ar na haeróga arda a leanann lorg chuile U-Boot ag cabhlach na Gearmáine - an rabhadar ag coinneáil súil freisin ar bháid mhóra agus ar ghleoiteoga Chonamara? Sa Moormusuem chonaic muid go raibh muintir na bportach sin lán chomh bocht le muintir na bportach in Éirinn tráth.

Bhí mé ar thuras taighde leis an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, in éindí le mo chomhghleacaithe ó réigiúin eile san Aontas Eorpach ina bhfuil mionteangacha á labhairt agus ba mhisniúil é treallús daoine eile a fheiceáil agus iad ag obair leo ar son a dteangacha féin. Cainteoir Sualainnise ón bhFionlainn, cainteoir Frísise ón Ísiltír, cainteoir Catalónaise ó Bharcelona, cainteoir Occitan ó Limoges na Fraince, cainteoir Crótaise ón Ostair, agus fear ó Réunion na Fraince atá sa Mhuir Indiach in aice le Madagascar. Creole a labhartar ansin. Plattdütsk (Gearmáinis Íseal) agus Satarfriesisch a bhí ag na hóstaigh.

Chuaigh cúpla rud i bhfeidhm go mór orm ar an turas seo chun na Gearmáine. Táimid ag cur dallamullóg orainn féin nuair a deirimid go bhfuilimid chomh saibhir anois is atá an Ghearmáin. Is léir go bhfuilimid in áit na leathphingine maidir le saibhreas, agus an timpeallacht nádúrtha. Bhí go leor de na gnáthrudaí san ollmhargadh ar phraghas i bhfad níos ísle ná mar atá in Éirinn. Agus, bhí lón breá againn - príomhchúrsa breá, milseog agus gloine bheorach - ar ocht euro!

Saibhreas agus galántacht

caighdeán na ceardaíochta sna foirgnimh agus sa chóras taistil míle uair níos fearr ná mar atá sa tír seo. Thugamar cuairt ar naíonra ina bhfuil Saterfriesisch á múineadh. Ba mhisniúil a chloisint gur ó ghluaiseacht naíonraí Gaelacha na hÉireann a fuair lucht Saterfriesisch an smaoineamh! Ach, a leithéid de shaibhreas agus de ghalántacht ní fhaca mé le fada. Caighdeán den scoth i chuile ghné den naíonra. Spás agus trealamh den scoth. Seomra aclaíochta, seomra ciúin, leithreas, le crochadóir an duine ag gach páiste lena thuáille féin, agus a scuaibín fiacal agus a shlaod fiacal. Lasmuigh bhí seomra eile le cóta agus bróga sráide chuile pháiste. Cistin faoi leith le cócaireacht a mhúineadh do na páistí. Seomra ranga le ceithre chuid - don spraoi, don scéalaíocht, don cheardaíocht agus cistin bheag don lón. Gáirdín breá leagtha amach go breá le plandaí agus bláthanna, luascán agus fráma dreapadóireachta. Agus 75 páiste ann san iomlán! Is le bardas an bhaile an naíonra, agus íocann na tuistí táillí de réir a n-ioncaim. An mbeidh a leithéid ar fáil d’aos óg na tíre seo gan mhoill?

Lá amháin thug Kalle, ár n-óstach fáiltiúil cuireadh dúinn cuairt a thabhairt ar a mhuileann gaoithe. Bhí muileann ceannaithe aige agus an leictreachas á dhíol aige le comhlacht leictreachais. Muileann grástúil ealaíonta, leis an sioscarnach rialta ar feadh an lae. Tagann comhartha an euro anois go súile Kalle nuair a ardaíonn an ghaoth! Tá na muilte seo ar fud mhachairí móra fairsinge Ostfriesland, ag síorshiosarnach agus iad ag ag síneadh i dtreo na bhfaitheas. Tagann 40% de leictreachas an chúige ó fhuinneamh na gaoithe, ach tá cosc anois ar níos mó muilte a thógáil. Caint anois ar thruailliú radharcach agus cluasach. Ach nach fearr sin ná cumhacht núicléach? Nach fearr é ná an truailliú ó ghual agus ó ola - dhá acmhainn nach mairfidh go deo. Agus chuile áit dá rabhas, i mo sheomra codlata san ionad taighde agus forbartha, sa charráiste ar an traein, sa stáisiún traenach logánta, bhí béim ar athchúrsáil agus boscaí bruscair faoi leith do pháipéar, do phlaisteach, do ghloine, do bhia. Cén t-ionadh? Tá muintir na Gearmáine ag íoc as málaí plaisteacha san ollmhargadh le fiche bliain anuas!

I gcathair Hainseatach Bhremen dom ar an mbealach abhaile, thugas cuairt ar na Bremer Stadtmusikanten - síscéal dheartháireacha Grimm faoin asal, an madra, an cat agus an coileach a bhailigh leo go Bremen le héalú ón bhfeirmeoir cruálach, agus le ceol a dhéanamh. D’fhill mé ar m’óige agus mé ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath.

Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.