THALL IS ABHUS
Ón ghrád gnó go Greyhound
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Ba mhinic a thaistealaíodh Breandán de Gallaí sa ghrád gnó agus an bille á ghlanadh acu siúd a raibh sé ag obair dóibh. Agus é i Meiriceá an iarraidh seo, áfach, b’éigean dó úsáid a bhaint as modh iomlán éagsúil taistil: bus Greyhound!

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Tá cuid de stáisiúin bhus Greyhound i gceantair gharbha
Íomhá
Bhraith Breandán go raibh cothromaíocht i gceist idir na fir agus na mná sa dream Amanach a bhí ar an bhus

Bhí obair le déanamh agam i Stáit Aontaithe Mheiriceá mí ó shin – in Columbus, Ohio, mar a tharla sé. Nuair a bhím thall ansin, déanaim iarracht i gcónaí mo dheirfiúr – atá ina cónaí in Cleveland – a fheiceáil, fiú má bhím píosa maith ar shiúl uaithi. Bhí mé breá sásta an iarraidh seo, nó níl Columbus ach cúpla uair an chloig ó Cleveland.

Cionn is go raibh mo chuid fostóirí ag íoc as an turas, bhí mé ag iarraidh mo chuid taistil ar fad a bheith chomh compordach is a thiocfadh leis a bheith – agus an buiséad taistil uilig a úsáid! Agus na cathracha seo chomh gar dá chéile, ní bheadh ciall ar bith le heitleán a ghlacadh. Mar sin, shocraigh mé an turas a dhéanamh ar an traein. Shroich mé Cleveland tamall beag sula raibh siad ag dréim liom in Columbus le saoire bheag a chaitheamh le mo dheirfiúr agus thosaigh mé ag déanamh fiosrúchán fá thraenacha go Columbus. Ní raibh a leithéid ann, agus bhí sé soiléir roimh i bhfad nach raibh ach rogha amháin agam: dul ann ar bhus Greyhound. Bhí scig-gháire ag dul ar aghaidh thart orm – bhí mo dheirfiúr agus a cuid cairde den bharúil go raibh mé ró-ardnósach le taisteal ar Greyhound. Tá míchlú ar na busanna seo agus is é an pictiúr atá i mo chloigeann féin fúthu ná go bhfuil siad ann do dhaoine atá i gcruachás, iad siúd nach bhfuil fágtha acu ach an cúpla dollar deireanach le ticéad a cheannach le héalú as an áit a bhfuil siad.

Ach níl mise chomh precious sin. Is cuma liomsa cén bealach a théim ó áit go háit, a fhad is go bhfuil an modh taistil sábháilte, go bhfuil an t-airgead agam le híoc as agus go bhfuil sé ag dul an bealach atá feiliúnach domhsa.

Grád gnóChan sin le rá nach bhfuil dúil agam sna perks. Tráth den saol, bhíodh an grád gnó mar chuid den jab domhsa agus bhaininn an-sult as – dá mbeadh aon duine ag iarraidh é a bhaint díom, throidfinn go crua le hé a choinneáil. Bhíodh an-chuid taistil á dhéanamh agam thart fán am sin agus nuair a bhíonn tú ag dul anonn is anall idir do bhaile agus an Astráil, an tSeapáin agus an tSín go minic – agus obair le déanamh agat chomh luath is a thig tú den eitleán ar an taobh eile – creideann tú go bhfuil grád gnó tuillte agat agus, i ndáiríre, ar an rud is bunúsaí a thiocfadh le d’fhostóirí a thabhairt duit. Agus caithfidh mé a rá go mbíonn sé galánta a bheith ag taisteal sa ghrád gnó, go háirithe le leithéidí Cathay Pacific nó Singapore Airlines nó Virgin. Ba dheas liom an rud céanna a rá fá aerlíne náisiúnta s’againne, ach sin alt eile ann féin!

Thug na Yankies an lowdown domh ar na Greyhounds.

Dúirt siad liom go bhfuil siad ann do dhaoine bochta, do dhaoine gorma agus do dhaoine gan charr. (Cé hiad an dream deireanach sin? – tá carr ag madaí an bhaile i Meiriceá!) De ghnáth, is mar gheall ar imthosca foircneach a bheadh duine mífhortúnach ag taisteal i gceann acu.

Dúirt mo dheirfiúr go raibh sí ceaptha ag an sneachta i stáisiún Greyhound uair amháin le linn stoirme agus í ar a bealach go Philadelphia le scrúdú leighis a dhéanamh. Ba í an t-aon duine geal a bhí ann agus “Cousin” ab ainm don díoltóir ticéad! Dúirt sí go raibh uirthi dul amach sa sneachta lena mún a dhéanamh mar go raibh drong fear gorm ag crochadh thart taobh amuigh de leithreas na mban. “Réamhchlaonadh ciníoch nó féinchaomhnú?” arsa sise nuair a chonaic sí go raibh mé ag amharc uirthi amhail is dá mbeadh ciníochaí os mo chomhair amach. “Tincléir salach,” arsa mise liom féin, agus mé ag iarraidh gan visual a bheith agam de mo dheirfiúr bheag ag “dul” taobh amuigh.

É sin ráite, thosaigh sí ag úsáid na mbusanna áitiúla in Cleveland ar na mallaibh. Ar chostas $1.75, tig léi taisteal óna teach síos go West 6th i ndeich mbomaite agus tig léi a bheith ar a suaimhneas agus í ól a sáith de mhanglaim happy hour gan stró mar nach mbíonn uirthi a bheith ag smaoineamh ar a carr. Síleann a cuid cairde go bhfuil sí as a meabhair, ach tá a fhios aici go n-athróidh siad a bport nuair a ardófar praghas an pheitril go $8 in aghaidh an ghalúin.

Aistear suimiúilBhí an t-aistear sa Greyhound iontach suimiúil sa deireadh. Fuair mé tacsaí downtown agus amach liom ag an stáisiún bus. Is éagsúil go maith iad lár na gcathracha Meiriceánacha ó lár na gcathracha Eorpacha. Tig leo a drochbhail a bheith orthu agus a bheith contúirteach agus bíonn go leor daoine gan dídean ar na sráideanna, go háirithe thart ar an stáisiún bus agus an stáisiún traenach.

Thaistil mé féin ar sheanbhus a bhí ag titim as a chéile. Ach bhí leithreas air, rud a chuir ar mo shuaimhneas mé nó bhí tinneas goile i ndiaidh a theacht orm agus bhí ceithre iarraidh déanta agam ar an phota mór ó mhaidin.

Ach ba iad na daoine iad féin a rinne an turas seo suimiúil domh. Bhí an bus ag dul i rith an bhealaigh go Nashville fríd cheantar Amanach agus tá mé cinnte go ndearna mé amadán díom féin ag amharc ar na daoine sin. Dúirt mé liom féin go minic, “Stad den stánadh. Stad den stánadh,” ach bhí mo dhá shúil sáite iontu. Bhí a fhios agam riamh go raibh a leithéid de dhaoine agus na hAmanaigh

ann – tá siad feicthe agam ar an teilifís – ach nuair a fheiceann tú iad os do chomhair amach, síleann tú gur cuireadh i dtaisceadán ama thú agus go bhfuil tú anois i ré eile sa stair. An rud is mó a thug mé faoi deara ná go raibh siad an-sona. Agus bhí rud inteacht an-chothrom fá dtaobh daofa; cothrom ar bhealach nach mbíonn i gceist ó thaobh na ndaoine a chleachtann polagamas. Ní raibh duine amháin ní ba thábhachtaí ná na daoine eile agus níor caitheadh ar bhealach éagsúil leis na mná nó leis na páistí. Bhí achan duine ag caitheamh na n-éadaí traidisiúnta – mná, fir agus páistí. Bhí a leicne dearga ar nós dhá úll snasta faoina gcuid súl. Dúirt mo dheirfiúr liom go ndéanann siad róst le súlach atá ar an bhéile is blasta ar domhan – chomh luath agus a bhlaiseann tú é, bíonn fonn ort tú féin a chuachadh mar a bheadh féatas ann!

Bhí stócach amháin ar an bhus a bhí ag dul i rith an bhealaigh go Nashville. Bhuel, cha dtig liom a bheith 100 faoin chéad cinnte de sin, ach bhí hata air a dtiocfaí 3.78541178 lítear toirte a choimeád ann! Mar sin, tá mé ag déanamh gur thomhais mé i gceart. Chuirfinn airgead air. Ní fhaca mé ten gallon hat in the flesh riamh roimhe seo agus tá siad mór. Rinne sé sciotachán beag bídeach den chréatúr bocht.

Neart eye-candy. Beidh mé ar Greyhound arís!Is as Gaoth Dobhair é Breandán de Gallaí agus chaith sé seacht mbliana ag obair mar dhuine de phríomhdhamhsóirí Riverdance. Bíonn sé le feiceáil go minic ar chláracha teilifíse ar RTÉ agus TG4..

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.