AR NA SAOLTA SEO
OLA FAOIN OIGHEAR
Tomás Ó hAodha Tomás Ó hAodha

caint go leor agus bagairtí nach beag á ndéanamh i dtaobh acmhainní an Artaigh anois agus claibín oighir an domhain ag leá leis in aghaidh an lae.

Ag deireadh Mhí Mheán Fómhair tháinig 300 duine le chéile, idir thaiscéalaithe, thaighdeoirí, pholaiteoirí, agus lucht gnó, i Moscó chun todhchaí an Artaigh a phlé. Bhí siad go léir bailithe agFóram an Artaigh”, a bhí eagraithe ag Cumann Tíreolaíochta na Rúise, agus raibh ábhar níos conspóidí ar an gclár ceist acmhainní mianracha an réigiúin. beag iad na hacmhainní céanna seo atá faoin Mol Thuaidh, ach fós le dearbhú leis an taisce luachmhar seo.

Cnámh spairne gan aon agó, agus an gadhar is a bhfuil ann bhí ina shuí i sraith thosaigh na comhdhála. Rúiseach doscúch é Artur Chilingarov, a bhfuil 80 bliain slánaithe aige, agus an chuma air gur tháinig díreach ó chlasaiceach na dtaiscéalaithe, féasóg mhairnéalaigh san áireamh. Bhí i gceannas ar thuras taiscéalaíochta i 2007 a chuaigh go grinneall na farraige dhá mhíle faoin Mol Thuaidh, agus go maíonn Chilingarov gur thuras eolaíochta ab ea é, léiríonn an bhratach Rúiseach a chuir ann go raibh níos an eolaíocht amháin ar a intinn aige. ráite ag an bhfear céanna gurleis an Rúis é an tArtach, agus caithfimid a chruthú nach bhfuil sa Mol Thuaidh ach síneadh scairbh ilchríche na Rúise”.

Ar ndóigh níl an Rúis ina haonar agus í ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar teiscinn reoite ar mhullach an domhain. In éineacht léi ceithre náisiún Artacha eile annNa Stáit Aontaithe, An Danmhairg (ar léi an Ghraonlainn), Ceanada, agus An Iorua, agus intuigthe nach raibh siadsan róshásta le concas siombalach seo na Rúiseach. “ sa 15ú haois atáimid. féidir dul timpeall an domhain ag crochadh bratach, á gur leatsa féin an talamh úd”, a dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha Cheanada ag an am. Ach mar dhuine a bhfuil an teidealLaoch an Aontais Shóivéadaighbronnta air, chomh maith leLaoch Chónaidhm na Rúise”, dócha go mbeadh focail an pholaiteora ag cur isteach go mór ar Chilingarov.

Saibhreas an Ghrinnill

fáth simplí amháin leis an gcogadh béil seomeath an oighir de bharr athrú aeráide. go raibh acmhainní an Artaigh séalaithe faoi oighearchlúideacha troma tiubha leis na mílte bliain, an réigiún anois á théamh, agus an t-oighear céanna ag leá réir. taiscí de hidreacarbón luachmhar ag feitheamh mar dhuais do na tíortha a bhfuil de mhisneach acu, a bhfuil an chumhacht acu fiú, teorainneacha an réigiúin a athdhearadh. Chomh maith leis sin an t-uisce réasúnta éadomhain anseo, agus bheadh na deacrachtaí céanna i gceist agus a bhfuil le druileáil dhomhain, mar atá ar siúl i Murascaill Mheicsiceo. D’fhoghlaim daoine i ndeisceart na Stáit Aontaithe chomh guaiseach is atá an druileáil dhomhain chéanna, ach ar ndóigh, bheadh deacrachtaí faoi leith ag aon obair san Artach beag beann ar dhoimhneacht an tobair.

Meastar go bhfuil 13% den ola neamhnochta ar domhan faoin Artach, ach níl an ola ach in áit na leathphingine i gcomórtas leis an ngás nádúrtha atá ann. Aon trian amháin den ghás aiceanta atá le haimsiú ar domhan fós, anseo, agus nuair a chuirtear san áireamh gurb í an Rúis an t-onnmhaireoir is de ghás aiceanta bhfuil ann faoi láthair, is follasach gur mian leo an ról sin a dhaingniú.

Bagairt na Creimile

Ar ais ag Fóram an Artaigh, bhí Artur Chilingraov ag iarraidh beag is fiú a dhéanamh den achrann, á áitiú arís gur ar son na heolaíochta amháin a bhí a éacht féin. Ach sa chluiche fichille idirnáisiúnta seo is gníomh polaitiúil fiú an turas eolaíochta, ach go háirithe nuair ba é sprioc na heolaíochta céanna samplaí de Dhroim Lomonosov a bhailiú. Is iomaire fada faoi uisce é a shíneann ó thuaidh ó chósta na Rúise faoin Mol Thuaidh féin, agus chruthaíonn na Rúisigh go bhfuil an droim seo agus scairbh ilchríche na Rúise déanta as an ábhar geolaíoch céanna, beidh siad ag súil go dtreiseodh cás a dteideal sealúchais. Thug Vladimir Putin aitheasc breá forásach os comhair chomhaltaí an fhóraim, á mholadh aige go n-oibreodh na tíortha éagsúla as lámh a chéile, ach foláir a chuimhneamh go raibh port an-difriúil á sheinm bliain ó shin, nuair a bhagair an Chreimil go mbeidís toilteanach an lámh láidir a úsáid chun a gcearta san Artach a chosaint.

Ar ndóigh, níl aon pholaiteoir ag maíomh gur chóir na hacmhainní a choimeád mar a bhfuil siad sa talamh. Nach íorónta an rud é gur de bharr breoslaí iontaise agus an t-athrú aeráide a bhfuil siad anois in ann na taiscí nua seo a shaothrú, agus ansin go gcuirfidh an ola agus an gás nua seo leis an bhfadhb athrú aeráide arís. go bhfuil corrdhream mar Greenpeace ag iarraidh stop a chur leis an druileáil taiscéalaíochta, agus go dtuigeann gach duine againn go bhfuil cosán aontreo á shiúl againn, ar an drochuair soiléir nach bhfuil an tsamhail gheilleagrach á húsáid againn ábalta sinn a tharrtháil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.