AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Oidhreacht an Daoránaigh – ón Smál Breithe go Ríogacht
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Deirtear nach bhfuil in aon ní ach seal. Feiceann Bearnaí Ó Doibhlin an t-an-mheas in áit an ainmheasa ag muintir na hAstráile orthu féin. Tá rotha mór an tsaoil tiontaithe.

Íomhá
Jack Thompson, ball de 'theaghlach ríoga na hAstráile'
(le Eva Rinaldi ar Flickr)
Íomhá
'Cuimhnigh a léaghthóir ar Mhícheál Ua Duibhir', ar a dhealbh i Síol Éalaigh
Íomhá
Ned Kelly, an ceithearnach coille
Íomhá
Fear an 'birthstain', an 7u Iarla Beauchamp
(le Freeman Studio ar Vicipéid)

Déanann an ‘barmy armyionradh lách ar an Astráil gach uair a bhíonn an tsraith chruicéid idir an Astráil agus Sasana ar siúl abhus. Cé go dtugtar an t-arm craiceáilte ar na tacaithe Sasanacha caithfear a rá gur daoine deasa iad, fir mheánaosta a bhformhór acu, murarbh ionann is na hamhais mheisciúla óga a thacaíonn le foireann sacair Shasana. Bíonn coimhlint fhíochmhar ar siúl ar an bpáirc imeartha le linn na sraithe, leoga, ach bíonn comórtas barrúil cairdiúil idir an dá lucht taca sna seastáin ag na cluichí.

Is breá leis an dá dhream araon a bheith ag spochadh go neamhurchóideach as a chéile agus is oth liom a admháil go bhfaigheann na Sasanaigh an ceann is fearr ar na hAstrálaigh den chuid is mó. Tá amhráin ghreannmhara agus manaí cliste acu agus baineann siad feidhm as cleas amháin go sonrach ina gcuid spochadóireacht ar na hAstrálaigh. Bíonn roinnt daoine san arm craiceáilte gléasta in éadaí carcrach le reanna saighde orthu chun cur i gcuimhne don dream eile gur bunaíodh coilíneacht Bhriotanach abhus mar áitreabh pionóis agus gur de shliocht na gcimí iad na hAstrálaigh. Chuireadh an cleas seo muintir na hAstráile le báiní tráth dá raibh, ach amhail an ghrian ag dul deiseal dóibh atá sé faoi láthair.

Lygon an tIarla é féin síos

Léiríonn ceann de na faux pas is míchlúití i stair na hAstráile an dóigh ar bhreathnaíodh muintir na tíre ar a n-oidhreacht daoránagh san am a chuaigh thart. Ceapadh William Lygon, an seachtú hIarla Beauchamp, ina Ghobharnóir ar New South Wales sa bhliain 1899 agus sheol sé teachtaireacht chuig a ghéillsinigh dhílse chun iad a thréaslú as an méid a bhí bainte amach acu taobh istigh de thréimhse ghairid. Bhí lúcháir ar na coilínigh ardmholadh a fháil ó ionadaí uasal na máthairtíre go dtí gur chuir sé an t-aguisín seo leis an teachtaireacht: in ainneoin abirthstain”! Chuaigh a thagairt dá n-oidhreacht daoránaigh go smior iontu.

Mhair an dearcadh diúltach seo i dtaca lena stair i measc na n-Astrálach le linn an chéad leath den fhichiú haois agus rinneadh iarracht na daoránaigh a aer-scuabadh as a stair. Is annamh a bhí tagairtí sna leabhair scoile dóibh agus chuir cuid acu in iúl nach raibh aon tionchar leanúnach acu ar an tír. Maíodh nár phós formhór na bhfear a cuireadh i slabhra chun na hAstráile agus nach raibh a sliocht coiriúil i linn na ngéinte dá bharr.

Rinne daoine áirithe staicíní áiféise díobh féin in amanna leis an leagan éithigh seo a chur in iúl. Reáchtáladh ceiliúradh náisiúnta sa bhliain 1938, cuirim i gcás, le céad go leith bliain lonnaíocht Eorpach a chomóradh. Reáchtáladh athachtú ar theacht an Chéad Chabhlach i gCuan Sydney mar mhír lárnach an cheiliúrtha. Sheol aon bhád déag suas an cuan agus daoine go leor orthu gléasta in éadaí an ochtú haois déag. Nuair a tháinig siad i dtír, áfach, ní raibh fiú duine amháin acu gléasta mar dhaoránach!

Claochlú le Sonrú

Ní háibhéil a rá go bhfuil claochlú le sonrú i ndáil leis an dóigh a bhreathnaíonn muintir na hAstráile ar a n-oidhreacht daoránaigh sa lá atá inniu ann. Tá an Rotha Mór tiontaithe anois agus maítear gur gné uathúil é i stair na tíre agus gur thug a leithéid tréithe sainiúla dá mhuintir. Maíonn daoine áirithe go raibh na daoránaigh ina n-íobartaigh, a díbríodh ag uaslathaithe agus breithimh éillitheacha, agus go raibh an t-ádh dearg ar na cimí gur cuireadh chuig tír ní b’fhearr iad ina raibh saol ní ba rathúla acu.

Tháinig an-bhorradh faoin tsuim atá ag muintir na hAstráile i gcúrsaí ginealaigh le blianta anuas agus bíonn daoine fíorbhródúil nuair a thagann sé chun solais go raibh sinsear acu ina dhaoránach, seachas a bheith náireach as an smál breithe mar a bhítí. Mhaígh breis is fiche faoin gcéad de mhuintir na tíre go raibh oidhreacht daoránaigh acu sa daonáireamh is déanaí. Ní féidir leis an gcéatadán seo a bheith cruinn, mura raibh na daoránaigh ar na fir ba thorthúla riamh.

Bhí an t-aisteoir iomráiteach Astrálach, Jack Thompson, ar an gclár teilifíse ‘Who Do You Think You Arear na mallaibh nuair a nochtadh dó go raibh daoránach i measc a shinsear. “Is ball de theaghlach ríoga na hAstráile mé mar sin!” a dúirt sé ar an toirt. Léiríonn a ráiteas an t-athrú intinne suntasach atá tagtha ar dhearcadh na nAstrálach i leith a n-oidhreachta daoránaigh ó ré an Iarla Beauchamp réamhráite.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.