THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Oíche Chinn Bhliana i bPáras
Máire Ní Chuagáin Máire Ní Chuagáin

Chaith Máire Ní Chuagáin Oíche Chinn Bhliana i bPáras agus chuaigh na difríochtaí idir an ceiliúradh ansin agus in Éirinn i gcion uirthi.

Ní duine mé atá iontach tógtha le hOíche Chinn Bhliana. Déantar rud mór as i gcónaí, ach i ndáiríre níl ann ach lá eile, díreach cosúil leis an lá roimhe agus an lá ina dhiaidh. Bhí sé socraithe agam fanacht sa bhaile leis an teilifíseán agus le gloine fíona i mbliana ach ansin, buíochas leis an rud iontach sin, eitiltí saora, tháinig an deis chun cinn imeacht liom go Páras agus am a chaitheamh le cara liom. Shocraigh mé ansin gurbh fhearr gloine fíona i bPáras ná gloine fíona i gCill Mhantáin!

Bhí mé i bpríomhchathair rómánsach na hEorpa cúpla bliain ó shin agus chonaic mé an chuid is mó de na radhairc mór le rá ag an am sin: Notre Dame, Versailles, Túr Eiffel (cé nach raibh mé cróga go leor le dul suas go dtí an barr!) agus araile. Taitníonn sé go mór liom am a bheith agam i gcathair gan aon bhrú a bheith orm a bheith ag rith timpeall leis na radhairc mhóra ar fad a fheiscint. Agus is cinnte gurb é an bealach is fearr le cathair a fheiscint ná le duine áitiúil, agus tá mo chara ina cónaí cúig nóiméad siúil ón Arc de Triomphe.

Bhí sé ag cur sneachta go trom an chéad lá agus chuir sé seo go mór leis an draíocht agus leis an uaisleacht atá ag baint leis an gcathair seo. Bhí an Champs-Elysées iontach álainn - na soilse Nollag ar na crainn agus an cosán clúdaithe le sneachta. Agus nuair a d’éirigh sé rófhuar, d’éalaíomar isteach i gcaife beag chun *crepe *seacláide a ithe.

Is cathair an-ghalánta é Páras a bhfuil an oiread sin cultúir, staire agus áilleachta ag baint léi. Ceapaim féin go bhfuil muintir na Fraince cairdiúil agus cabhrach, go bhfuil siad an-láidir iontu féin agus nach mbíonn siad ag cur i gcéill le héinne. Is cinnte go bhfuil cineál de dhroch-chlú orthu, ach ceapaim go bhfuil éagóir éigin á déanamh orthu agus, má thógtar iad díreach mar atá siad, is daoine deasa, spéisiúla iad.

Chaitheamar maidin shona ag spaisteoireacht timpeall Montmartre, an ceantar ina raibh an scannán Amelie lonnaithe. Tá séipéal cáiliúil an Sacré Coeur mar sheoid an cheantair seo. Déarfainn gurb é seo an áit is fearr liom i bPáras. Cé go raibh sé dubh le turasóirí, bhíomar in ann éalú ón slua síos sráideanna beaga cúnga, áit a raibh tithe gleoite agus radharc iontach ar an gcathair ar fad. An t-aon smál atá ar an radharc álainn seo ná Ionad Georges Pompidou, foirgneamh uafásach, gránna atá cosúil le rud éigin as drochscannán todhchaíoch agus nach luíonn leis an gcuid eile den chathair in aon chor. Níl tuairim dá laghad agam céard a bhí ar bun acu nuair a thóg siad é!

Oíche Chinn Bhliana

Tháinig an oíche dheireanach de 2005. Is ar éigean a bhí mé in ann bogadh i ndiaidh an bhéile mhóir Francach a chuir máthair mo chara ar fáil dúinn. Aon uair a shíl mé go raibh an cúrsa deireanach críochnaithe agam, thagadh ceann eile amach, agus bhí an chuma ar an scéal go raibh mo ghloine á líonadh féin le fíon – i bhfad níb fhearr ná an ceann a bhí fágtha i mo dhiaidh agam i gCill Mhantáin! D’imíomar amach – buidéil bheorach sna pócaí againn! – thart ar 11.30 p.m., gan tuairim againn cén áit ar cheart dúinn dul. Bhí na bialanna ar fad lán go doras agus bhí na caifí ar fad dúnta. Tharla sé go raibh an Meitreo saor in aisce agus, mar sin, suas linn chuig Túr Eiffel, ceann de na háiteanna is cáiliúla san Eoraip, is dócha.

Cheap mé i gcónaí go mbíonn féastaí móra sráide ar siúl sna háiteanna seo, ach ní mar sin a bhí. Ba thurasóirí iad an chuid is mó de na daoine a bhí thart timpeall orm, ní fhaca mé ach corrdhuine ag ól, agus nuair a tháinig meán oíche bhí an ceiliúradh ar fad thar a bheith béasach agus srianta! Tar éis dúinn breathnú ar na tinte ealaíne ar feadh píosa, d’éiríomar bréan den slua agus den síorbhogadh agus thugamar aghaidh ar an mbaile – ag 12.30 a.m.! Bhí daoine ar na sráideanna, adharca carranna á séideadh agus atmaisféar féile timpeall na háite, ach bhí sé ar fad thar a bheith sibhialta! Ní fhaca mé éinne ar deargmheisce (seans gur athraigh sé sin ní ba dhéanaí san oíche!), agus is cosúil go gcaitheann an-chuid daoine an oíche sa bhaile nó i mbialann lena dteaghlach.

Ní raibh orm breathnú isteach ródhomhain sa scéal chun na difríochtaí a fheiscint idir an fhéile seo in Éirinn agus i bPáras, na difríochtaí céanna, a bheag nó a mhór, atá idir cultúr na hÉireann agus cultúr na Fraince ó thaobh saoil sóisialta de. Sa Fhrainc, feicfidh tú daoine i mbialanna agus i gcaifí agus gan iad ag ól mórán – amanna, éiríonn siad buartha nuair a ordaíonn tú an dara gloine fíona! In Éirinn, den chuid is mó, bíonn daoine le feiceáil i dtithe tábhairne agus i gclubanna oíche ag ól is ag ól – anseo, éiríonn daoine buartha nuair nach n-ordaíonn tú an dara deoch! Smaoinigh mé faoin bpraiseach a bheadh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar an gcéad lá den bhliain nua, agus ba dheacair a leithéid a shamhlú ar shráideanna Pháras.

Is iontach an rud é go bhfuil an oiread sin difríochtaí idir tíortha na hEorpa, mór-roinn atá beag go leor i gcomparáid leis na mór-ranna eile. Cé nach dtógann sé ach dhá uair an chloig eitilt ó Bhaile Átha Cliath go Páras (níos sciobtha ná taisteal ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh!), bhraith mé, fad is a bhí mé ann, go raibh mé sáite i gcultúr atá go hiomlán difriúil ó chultúr mo thíre féin. Más amhlaidh atá an scéal i ngach tír san Eoraip, nach iomaí ceacht atá le foghlaim againn ar leac ár ndorais féin sa bhliain nua seo agus san am atá romhainn?

Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith sí dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Chaith sí tréimhse ag obair go deonach san Afraic i mbliana agus tá sí ar ais sa bhaile arís anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.